An glanmhéadú is mó fostaíochta ó 1996 i gcomhlachtaí Údarás na Gaeltachta

7,809 post lánaimseartha a bhí i gcliantchomhlachtaí an Údaráis ag deireadh na bliana 2021 i gcomparáid le 7,363 post in 2020, ardú 6%

An glanmhéadú is mó fostaíochta ó 1996 i gcomhlachtaí Údarás na Gaeltachta

Glanmhéadú 446 post a bhí i gceist in 2021 i gcomhlachtaí a fhaigheann tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta, an glanmhéadú is mó fostaíochta ó 1996.

7,809 post lánaimseartha a bhí i gcliantchomhlachtaí an Údaráis ag deireadh na bliana 2021 i gcomparáid le 7,363 post in 2020, ardú 6%.

Athrú mór ar chúrsaí a bhí i gceist ón mbliain 2020 nuair ba ghlanlaghdú 481 post a bhí i gceist.

De réir Ráiteas Deireadh Bliana 2021 Údarás na Gaeltachta, bhí ráta fostaíochta níos airde ná riamh ina gcliantchomhlachtaí i dtrí cinn de na ceantair Ghaeltachta – Gaillimh, Corcaigh agus Port Láirge.

I nGaeltacht na Mí amháin a bhí laghdú fostaíochta i gceist.

I nGaeltacht na Gaillimhe a bhí an líon is mó post. Glanmhéadú 225 post a bhí i gceist sa Ghaillimh in 2021, méadú 7.6%. 3,180 post lánaimseartha a bhí i gcliantchomhlachtaí an Údaráis sa Ghaillimh ag deireadh na bliana seo caite i gcomparáid le 2,995 in 2020.

2,304 post a bhí i gcliantchomhlachtaí an Údaráis i nDún na nGall ag deireadh 2021, glanmhéadú 136 post ó 2020 nuair a bhí 2,168 post ann. B’ionann sin agus méadú 6.3%.

Laghdaigh líon na bpost i gcontae na Mí ó 215 post in 2020 go dtí 194 in 2021, glanlaghdú 21 post, nó beagnach 10%.

Glanmhéadú sé phost a bhí i gceist i gCiarraí, mar a raibh 617 post lánaimseartha i gcliantchomhlachtaí an Údaráis ag deireadh na bliana 2021.

Maítear sa ráiteas a foilsíodh inniu gur léirigh comhlachtaí i gCiarraí “seasmhacht shuntasach” in 2021 agus líon na bpost méadaithe nó mar a bhí i 92% de chliantchomhlachtaí an Údaráis.

661 post lánaimseartha a bhí i gcliantchomhlachtaí Údarás na Gaeltachta i nGaeltacht Mhaigh Eo ag deireadh na bliana 2021, glanmhéadú 57 post. B’ionann sin agus méadú 9.5%, an t-ardú is mó ó thaobh céatadáin de in aon cheantar Gaeltachta.

I nGaeltacht na Mí bhí glanlaghdú cúig phost i gceist agus 215 post ar fad i gcliantchomhlachtaí an Údaráis ag deireadh na bliana seo caite.

Bhí 702 post lánaimseartha i gcliantchomhlachtaí an Údaráis i nGaeltacht Chorcaí ag deireadh na bliana 2021, i gcomparáid le 664 post in 2020. B’ionann sin agus méadú beagnach 6% i gCorcaigh.

Bhí 151 post lánaimseartha i gcliantchomhlachtaí an Údaráis i nGaeltacht Phort Láirge ag deireadh na bliana 2021, glanmhéadú cúig phost.

Dúradh go raibh 379 post nua ceadaithe i dtograí ina mbeidh infheistíocht de €10.4 milliún á déanamh agus go raibh €13.75 milliún ceadaithe ag an Údarás i soláthar caipitil d’fhorbairt infreastruchtúr gnó na Gaeltachta. Maidir le cúram na pleanála teanga, tá Plean Teanga ullmhaithe do gach ceann de na 26 limistéar pleanála teanga sa Ghaeltacht.  20 Plean Teanga atá á gcur i bhfeidhm agus buiséad €2.2 milliún atá ag na pleananna sin san iomlán, a dúradh.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta, Jack Chambers, gur “dea-scéala” do phobal na Gaeltachta a bhí i ráiteas an Údaráis.

Dúirt sé gur plean uaillmhianach a bhí i bPlean Straitéiseach Cúig bliana an Údaráis a rachadh “chun tairbhe phobal labhartha na Gaeilge”.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Mícheál Ó hÉanaigh go raibh “ardmholadh” tuillte ag pobal agus lucht gnó na Gaeltachta as an “mbuanseasmhacht” a léirigh siad le linn na paindéime.

“Níl dúshláin na paindéime ná an Bhreatimeachta curtha dínn fós againn ach is ábhar suntasach dóchais é go bhfuil téarnamh áirithe déanta ag comhlachtaí agus go bhfuil borradh tagtha faoin earnáil feistí leighis.

“Ábhar inspioráide iad cuid de na comhlachtaí dúchasacha seo, a thosaigh le duine nó dhó, a bheith ar chuid de na fostóirí is mó sa nGaeltacht anois.”

Chuir Cathaoirleach Bhord Údarás na Gaeltachta, Anna Ní Ghallachair fáilte roimh ráiteas na heagraíochta chomh maith.

“Is cúis dóchais do Bhord Údarás na Gaeltachta na figiúirí fostaíochta seo agus an dul chun cinn atá le brath in earnálacha áirithe leighis agus eolaíochta ina bhfuil poist ar ardchaighdeán ar fáil iontu do phobal na Gaeltachta.”

Dúirt Anna Ní Ghallachair go raibh “cloch mhíle shuntasach sáraithe ó thaobh na pleanála teanga de” chomh maith.

“Don chéad uair riamh beidh pleananna teanga á bhfeidhmiú ag leibhéal an phobail i ngach pobal Gaeltachta le linn 2022 agus infheistíocht dhíreach á déanamh sna pobail teanga sin.”

 

Fág freagra ar 'An glanmhéadú is mó fostaíochta ó 1996 i gcomhlachtaí Údarás na Gaeltachta'