‘Ní bheidh aon bhaint agamsa le ‘Plean B’ na Roinne d’ionad nua’ – úinéir Choláiste Lurgan

Deir Micheál Ó Foighil nach bhfuil i bPlean B Roinn na Gaeltachta d’fhorbairt ionad nua ag láthair an choláiste in Indreabhán ach ‘kite-flying’

‘Ní bheidh aon bhaint agamsa le ‘Plean B’ na Roinne d’ionad nua’ – úinéir Choláiste Lurgan

Tá sé curtha i leith Roinn na Gaeltachta ag úinéir Choláiste Lurgan nach bhfuil ina bPlean B d’fhorbairt ionad nua ag láthair an choláiste in Indreabhán ach ‘kite-flying’, nó scaipeadh scéil féachaint cén glacadh a bheidh leis.

Thug an Roinn le fios an tseachtain seo caite go raibh go dtí deireadh na míosa ag úinéir Choláiste Lurgan, Micheál Ó Foighil, le cinneadh a dhéanamh faoi thalamh a dhíol leo chun ionad oideachais agus óige a fhorbairt ar an suíomh i gCois Fharraige.

Tá an Roinn ag iarraidh dhá phíosa talún a cheannach ó Mhicheál Ó Foighil chun an foirgneamh nua a thógáil ar an láthair ag Coláiste Lurgan i nGaeltacht Chois Fharraige. Sa chás nach n-éireodh leo an talamh sin a cheannach a chuirfí an plean B i bhfeidhm don tionscadal.

Ag labhairt dó ar Raidió na Gaeltachta ar an chlár Adhmhaidin, dúirt Micheál Ó Foighil nach mbeadh “baint ná páirt” aige féin leis an fhorbairt má chuireann an Roinn plean B i bhfeidhm.

“Más Plean B atá ann, is faoi dhaoine eile a bheas sé. Ní bheidh mise mar pháirt dó.

“Beidh mise ag crochadh mo chuid bróga faoin am sin, caithfidh mé a rá, mar ní ina chomhair sin a bhí muid ag oibriú agus ní hin ár bhfís,” a dúirt sé.

Faoin phlean malartach, bheadh an t-ionad i bhfad níos lú ná mar a bhí beartaithe. Bheadh an líon céanna seomraí ann ach bheadh an príomh-halla níos lú agus áit ann do níos lú daoine dá bharr.

Dúirt Ó Foighil gur mheas sé gur scéal scéil a bhí ‘i bPlean B’ na Roinne agus go mbeadh sé “thar a bheith dúshlánach” cead pleanála a fháil don ionad atá beartaithe faoin phlean eile.

“Níl ann ach Plean A. Plean B, níl ann ach kite-flying, inseoidh mé an fhírinne ghlan duit,” a dúirt sé.

Dúirt Ó Foighil go raibh an Roinn agus Údarás na Gaeltachta “théis bogadh” i dtreo phlean Choláiste Lurgan don ionad agus nach raibh ach “an oiread sin de bhearna” eatarthu maidir leis “na mórcheisteanna”.

“Ach caithfear dul tríd na sonraí…níl a fhios againn céard atá muid a shíniú,” a dúirt sé.

Cháin Ó Foighil cur chuige an Aire Stáit agus na Roinne diúltú dá iarratas ar eadránaí mar iarracht teacht ar réiteach as an tsáinn ina bhfuil na fhorbairt mar gheall ar easaontas idir é féin agus na húdaráis.

“Ba mhaith liom ceist amháin a chur amach díreach ar an Aire. ‘Dúirt tú [an tAire] nár theastaigh eadránaí. Dúradh ar do shon nár theastaigh fiú cainteanna…Céard a rinne Lurgan ortsa riamh go mbeifeá ag caitheamh linn ar an gcaoi sin’?” a dúirt úinéir Choláiste Lurgan, Micheál Ó Foighil.

Tá amhras ann faoina bhfuil in ndán dfhorbairt Ionad Óige agus Pobail ag láthair Choláiste Lurgan in Indreabhán le tamall mar gheall ar aighneas idir an Roinn agus an tÚdarás agus úinéir Choláiste Lurgan.

Dúirt feidhmeannaigh na Roinne agus an Údaráis go bhfuil siad dhá bhliain ag plé an scéil le Micheál Ó Foighil, agus gur gá dul ar aghaidh leis an bhforbairt. Bhí an baol ann, a dúradh, go mbeadh orthu an €6 milliún atá curtha ar leataobh don togra a chaitheamh áit éigin eile.

Fág freagra ar '‘Ní bheidh aon bhaint agamsa le ‘Plean B’ na Roinne d’ionad nua’ – úinéir Choláiste Lurgan'