‘Plean B’ foilsithe d’fhorbairt ionaid nua i gConamara agus spriocam tugtha do Choláiste Lurgan

Deir Roinn na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta go bhfuil go dtí deireadh na míosa ag Coláiste Lurgan cinneadh a dhéanamh faoi thalamh a dhíol leo d’fhorbairt ionaid oideachais agus óige ag láthair an choláiste in Indreabhán

‘Plean B’ foilsithe d’fhorbairt ionaid nua i gConamara agus spriocam tugtha do Choláiste Lurgan

Cuirfidh Roinn na Gaeltachta ‘Plean B’ i bhfeidhm d’ionad oideachais agus óige i gConamara mura n-aontaíonn Coláiste Lurgan talamh a dhíol leo don fhorbairt roimh dheireadh na míosa.

Chuir feidhmeannaigh Roinn na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta a bplean ‘B’ d’fhorbairt an ionaid ag láthair Choláiste Lurgan faoi bhráid na meán ag seisiún eolais sna Forbacha inniu.

Tá an Roinn ag iarraidh dhá phíosa talún a cheannach ó Mhicheál Ó Foighil chun an foirgneamh nua a thógáil ag láthair an choláiste in Indreabháin i nGaeltacht Chois Fharraige. Is mura n-éiríonn leo an talamh sin a cheannach a chuirfí an plean nua i bhfeidhm.

Faoin ‘plean B’ sin, bheadh an t-ionad i bhfad níos lú ná mar a bhí beartaithe. Bheadh an líon céanna seomraí ann ach bheadh an príomh-halla níos lú agus áit do níos lú daoine ann dá bharr.

Dúirt Stiúrthóir na Gaeilge i Roinn na Gaeltachta, Aodhán Mac Cormaic, go mbeadh rogha fós ag Coláiste Lurgan a bheith mar phríomhthionónta san fhoirgneamh le linn an tsamhraidh mura ndíolann Coláiste Lurgan an talamh leis na húdaráis.

Dúirt sé, áfach, gur shíl sé nach mbeadh aon fhadhb ann teacht ar choláiste eile dá mba ghá.

Tá amhras ann faoina bhfuil in ndán d’fhorbairt Ionad Óige agus Pobail ar láthair Choláiste Lurgan in Indreabhán le tamall mar gheall ar aighneas idir an Roinn agus an tÚdarás agus úinéir Choláiste Lurgan.

Dúirt feidhmeannaigh na Roinne agus an Údaráis inniu go bhfuil siad dhá bhliain ag plé an scéil le húinéir Choláiste Lurgan, Micheál Ó Foighil, agus gur gá dul ar aghaidh leis an bhforbairt. Bhí an baol ann, a dúradh, go mbeadh orthu an €6 milliún atá curtha ar leataobh don togra a chaitheamh áit éigin eile.

Dúradh gur dócha anois gur in 2024 a bheadh an foirgneamh tógtha.

Plean B

Dúirt Stiúrthóir na Gaeilge i Roinn na Gaeltachta, Aodhán Mac Cormaic, nach rabhthas chun géilleadh d’éileamh Uí Fhoighil go gceapfaí eadránaí chun iarracht a dhéanamh teacht ar fhuascailt na sáinne.

“Tá deireadh leis an bplé faoi eadránaí, ní ceist d’eadránaí í,” a dúirt Stiúrthóir na Gaeilge.

Tá sé curtha i leith na Roinne agus an Údaráis go minic ag úinéir Choláiste Lurgan, Micheál Ó Foighil, gur ag tarraingt na gcos atá siad i dtaobh an togra in Indreabhán.

Ach deir lucht na Roinne agus an Údaráis, gurb amhlaidh go bhfuil siadsan ag fanacht ar úinéir Choláiste Lurgan glacadh leis an bplean atá acu don fhorbairt.

Seachas ceist na talún, is í an chnámh spairne is mó atá idir na húdaráis agus Coláiste Lurgan ná cé a bheadh freagrach as bainistíocht an fhoirgnimh “ó cheann ceann na bliana”.

Chuir an Roinn dréachtphlean bainistíochta ar fáil inniu, plean atá curtha faoi bhráid na ngrúpaí pobail go léir a bhfuil baint acu leis an scéal. Tá go dtí deireadh na míosa ag daoine moltaí a dhéanamh faoin bplean.

Deir an Roinn go mbunófaí coiste comhairleach agus go gceapfaí bainisteoir a bheadh i mbun reáchtáil an fhoirgnimh ó cheann ceann na bliana. Bheadh “cead eisiach” á thabhairt do Choláiste Lurgan an foirgneamh a úsáid do na cúrsaí samhraidh gach bliain.

Fág freagra ar '‘Plean B’ foilsithe d’fhorbairt ionaid nua i gConamara agus spriocam tugtha do Choláiste Lurgan'

  • Seán ÓM

    Ana-chuid ráite ag an Roinn sa bpíosa seo – ach ní fheicim mórán a dúirt an dream Lurgan anseo?

    Cad a tá le hinsint acu? Na an gcaithfidh mé breathnú ar Twitter?

    Ar leathtaobh : Cuireann an scéal seo an dráma “The Field” le John B Keane i gcuimhne dom. Bígí cúramach má fheiceann sibh aon Tarbh nó Tadhg sa ngort sin!

  • Seán ÓM

    N’fheadair – ar iarr Tuairisc.ie mar iriseoirí aon ráiteas ó dhream Lurgan sular fhoilsigh siad an píosa seo??

    Más maith le áin duine an taobh eile den scéal a chloisteáil:
    Bhí Aedraen Ó Dubhghaill ó choláiste Lurgan ar an bpodchraoladh “Seal le Seán” ag caint faoi an ábhair seo.
    Eagrán 17/09/2021 – ón am 24:20 amach.
    Nasc thuas – m’ainm.