‘D’fhéadfadh an maoiniú d’fhorbairt  Choláiste Lurgan imeacht go ceantar eile’

Tá amhras ann faoina bhfuil in ndán d’fhorbairt Ionad Óige agus Pobail ar láthair Choláiste Lurgan in Indreabhán mar gheall ar aighneas idir an Roinn agus úinéir Choláiste Lurgan

‘D’fhéadfadh an maoiniú d’fhorbairt  Choláiste Lurgan imeacht go ceantar eile’

Bhí bus de chuid Choláiste Lurgan páirceáilte taobh amuigh de Roinn na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta mar agóid faoin easpa dul chun cinn a mhaítear atá á dhéanamh maidir leis an fhorbairt le linn chuairt an Aire Stáit Jack Chambers go Conamara an tseachtain seo caite

Deir Roinn na Gaeltachta go bhfuil siad “buartha” go rachaidh an €6 mhilliún atá geallta d’fhorbairt Ionad Óige agus Pobail ar láthair Choláiste Lurgan in Indreabhán chuig ceantar eile mura ndéantar dul chun cinn leis an tionscadal sin.

Tá amhras ann faoina bhfuil in ndán don fhorbairt in Indreabhán i gConamara mar gheall ar aighneas idir an Roinn agus úinéir Choláiste Lurgan Micheál Ó Foighil. Tá éileamh á dhéanamh le fada ag úinéir Choláiste Lurgan go gceapfaí eadránaí mar gheall ar an easpa dul chun cinn atá á dhéanamh maidir leis an tionscadal.

Ag labhairt dó i ndiaidh an chruinnithe a bhí ar siúl idir lucht Choláiste Lurgan agus an tAire Stáit Jack Chambers le linn a chuairte go Conamara an tseachtain seo caite, dúirt Mícheál Ó Foighil go dteastaíonn eadránaí “mar údar práinne”.

“Tá muid ag iarraidh ar an Aire, mar údar práinne, eadránaí a aontú linn agus cuireadh a eisiúint do LóistínLurgan, Club Óige Lurgan, Cumann Mícheál Breathnach, Comharchumann Sailearna agus Cumann Forbartha Chois Fharraige ionadaithe a sholáthar le bheith páirteach sna dianchainteanna,” a dúirt úinéir Choláiste Lurgan le Tuairisc.ie.

Dheimhnigh urlabhraí de chuid Roinn na Gaeltachta le Tuairisc.ie an tseachtain seo i ndiaidh an chruinnithe go rabhadar “sásta breathnú” ar éileamh Uí Fhoighil maidir le headránaí in iarracht teacht as an tsáinn.

Tá €6 milliún geallta acu don togra ach deir an Roinn go bhfuiltear “buartha” go rachaidh an t-airgead chuig ceantair eile ina bhfuil ionaid le tógáil, mar atá i nGaeltacht Ghaoth Dobhair.

Tá sé curtha i leith na Roinne agus an Údaráis go minic ag úinéir Choláiste Lurgan, Micheál Ó Foighil, gur ag tarraingt na gcos atá siad i dtaobh an togra in Indreabhán. Deir lucht na Roinne agus an Údaráis, áfach, gurb amhlaidh go bhfuil siadsan ag fanacht ar úinéir Choláiste Lurgan glacadh leis an bplean atá acu don fhorbairt.

Bhí bus de chuid Choláiste Lurgan páirceáilte taobh amuigh de Roinn na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta mar agóid faoin easpa dul chun cinn a mhaítear atá á dhéanamh maidir leis an fhorbairt le linn chuairt an Aire Stáit Jack Chambers go Conamara an tseachtain seo caite.

‘Fís nó Frithfhís’ agus ‘Cainteanna = Comhthuiscint = Comhaontú’ a scríobhadh ar an bhus. Scriosadh amach le líne dhearg ‘Lurgan… 2021, 2022, 2023’ agus comhartha ceiste ann faoi ‘2024’, ag tabhairt le fios go bhfuil éiginnteacht faoina bhfuil i ndán don choláiste samhraidh cáiliúil.

Tá sé á mhaíomh ag úinéir Choláiste Lurgan go bhfuil “easpa físe” ag baint leis an fhorbairt atá le tógáil ar shuíomh an choláiste. Deir Coláiste Lurgan gur gá teacht ar réiteach idir na páirtithe ar fad le go mbainfí an leas is fearr as an suíomh.

Tá an Roinn ag iarraidh dhá phíosa talún a cheannach ó Mhicheál Ó Foighil chun an fhoirgneamh nua a thógáil. Deir siad chomh maith go mbeidh coiste comhairleach á bhunú acu agus bainisteoir á cheapadh a bheadh i mbun reáchtáil an fhoirgnimh ó cheann ceann na bliana. Bheadh “cead eisiach” á thabhairt do Choláiste Lurgan an foirgneamh a úsáid do na cúrsaí samhraidh gach bliain.

Deir Údarás na Gaeltachta gurb iad na príomhchéimeanna atá le baint chun an togra a chur i bhfeidhm ná teacht ar chomhaontú le Coláiste Lurgan maidir le húsáid an ionaid, beannacht a fháil ó bhord an Údaráis agus ó Roinn na Gaeltachta an togra a thabhairt chun cinn agus ansin cead pleanála a lorg don fhorbairt.

Deirtear go bhfuil sé mar sprioc ag Údarás na Gaeltachta cead pleanála a fháil sa tríú ráithe den bhliain seo agus go mbeadh an t-ionad nua tógtha agus réidh in am do shamhradh 2023.

Fág freagra ar '‘D’fhéadfadh an maoiniú d’fhorbairt  Choláiste Lurgan imeacht go ceantar eile’'

  • Keanebusiness@gmail.com

    Seo an fáth go mbionn tuismitheóirí ag fágáil an long na nGael – níl aon taca fiú chun an rud níos fearr ar siúl i nGaeilge. Feiceann siad an beartas ceilge ins an rialtas a chuir gach rud Gaelach ar an mhéar fhada go dtí thiteann sé amach.