Na pleananna foilsithe ag Údarás na Gaeltachta d’ionad oideachais agus pobail nua ar shuíomh Choláiste Lurgan

Deir Údarás na Gaeltachta go bhfuil an Stát sásta suas le €1.5 milliún a íoc ar threalamh stáitse agus fuaime don ionad nua ar mhaithe leis an togra a bhogadh chun cinn

Na pleananna foilsithe ag Údarás na Gaeltachta d’ionad oideachais agus pobail nua ar shuíomh Choláiste Lurgan

Coláiste Lurgan. Pictiúr: Seán Ó Mainnín

Tá pleananna d’ionad oideachais agus pobail i gConamara foilsithe ag Údarás na Gaeltachta.

I nóta eolais atá curtha chuig eagraíochtaí pobail i gceantar Indreabháin, tá cur síos déanta ag an Údarás ar na pleananna atá acu chun Ionad Oideachais agus Óige a thógáil ar shuíomh Choláiste Lurgan.

Deir Údarás na Gaeltachta gurb iad na príomhchéimeanna atá le baint chun an togra a chur i bhfeidhm ná teacht ar chomhaontú le Coláiste Lurgan maidir le húsáid an ionaid, beannacht a fháil ó bhord an Údaráis agus ó Roinn na Gaeltachta an togra a thabhairt chun cinn agus ansin cead pleanála a lorg don fhorbairt.

Deirtear go bhfuil sé mar sprioc ag Údarás na Gaeltachta cead pleanála a fháil sa tríú ráithe den bhliain seo agus go mbeadh an t-ionad nua tógtha agus réidh in am do shamhradh 2023.

De réir phleananna an Údaráis, thógfaí áis “nua-aimseartha, ilfheidhmeach” in áit an fhoirgnimh atá in úsáid ag Coláiste Lurgan faoi láthair.

Mar chuid den ionad, bheadh halla ilfheidhmeach, 12 seomra ranga, cistin, agus cóiríocht ábhartha eile (spás oifige, srl.) chomh maith le spás beag spraoi lasmuigh.

Pleananna an Údaráis don Ionad Oideachais agus Óige in Indreabhán

Tá Údarás na Gaeltachta i mbun plé le Coláiste Lurgan faoin bhforbairt ó mhí na Nollag seo caite agus easaontas le tamall idir na húdaráis agus lucht an choláiste samhraidh faoi ghnéithe éagsúla den togra. Tá sé curtha i leith na Roinne agus an Údaráis go minic ag úinéir Choláiste Lurgan, Micheál Ó Foighil, gur ag tarraingt na gcos atá siad i dtaobh an togra.

Deir an tÚdarás go bhfuil gá le comhaontú idir iad agus Coláiste Lurgan a chuimseoidh gach gné den scéal – idir cheannach talún, úsáid an fhoirgnimh ag Coláiste Lurgan i rith mhíonna an tsamhraidh, agus “gnéithe ábhartha eile”.

Deir g Coláiste Lurgan, a bhfuil cáil mhór air as na físeáin cheoil ar ardchaighdeán a dhéanann siad i nGaeilge, go bhfuil an coláiste sásta infheistíocht suas le €1.5 milliún a dhéanamh le haghaidh trealamh stáitse agus fuaime a chur isteach sa bhfoirgneamh nua.

Ach deir Údarás na Gaeltachta go bhfuil an Stát sásta íoc as an trealamh stáitse agus fuaime a bheadh ag teastáil ar mhaithe leis an bpróiseas “a éascú agus dlús a chur lena bhogadh chun cinn”.

Deir Údarás na Gaeltachta go bhfágfadh sin go mbeidís i bhfeighil an trealaimh agus go mbeadh sé “go buan san ionad mar chuid den fhorbairt agus é in ann a bheith curtha chun fónaimh i gcás imeachtaí eile seachas imeachtaí Choláiste Lurgan amháin”.

Tá ráite ag an Údarás freisin go gceannóidh an Stát an talamh ar an dá thaobh den fhoirgneamh a theastaíonn don togra, atá in úinéireacht Choláiste Lurgan, agus go dtabharfaí cúiteamh i bhfoirm cnapshuime nó lascaine cíosa do Choláiste Lurgan ar úsáid an ionaid ar feadh tréimhse roinnt blianta, tréimhse a chaithfí a aontú eatarthu.

Tá sé i gceist ag Údarás na Gaeltachta go mbeadh an foirgneamh in úinéireacht agus faoi bhainistíocht an Údaráis agus go mbeadh sé ar fáil, ní hamháin don choláiste samhraidh, ach go mbeadh sé ina áis oideachais, óige agus pobail lasmuigh den samhradh.

Tá Údarás na Gaeltachta chun cruinniú fíorúil a eagrú le hionadaithe eagraíochtaí pobail an cheantair chun tuilleadh plé a dhéanamh ar an scéal.

Fág freagra ar 'Na pleananna foilsithe ag Údarás na Gaeltachta d’ionad oideachais agus pobail nua ar shuíomh Choláiste Lurgan'

  • Maire

    Meastú an bhféadfaí an 3ú stór a chur leis an bgfoirgneamh seo, chun freastal ar an éileamh a bhíonn ar na cúrsaí samhraidh etc?