Údaráis áitiúla ag iarraidh go gcuirfí sa dlí rialacha pleanála ar leith don Ghaeltacht

Chuir ceithre údarás áitiúil moltaí éagsúla i láthair chruinniú de chuid Choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta inniu

Údaráis áitiúla ag iarraidh go gcuirfí sa dlí rialacha pleanála ar leith don Ghaeltacht

Tá údaráis áitiúla ag iarraidh go gcuirfí sa dlí rialacha pleanála agus forbartha ar leith don Ghaeltacht.

Tá údaráis áitiúla Chiarraí, Phort Láirge, Chorcaí agus na Mí ag moladh chomh maith go dtabharfaí reachtaíocht isteach a thabharfadh cead dóibh tús áite a thabhairt do chainteoirí Gaeilge i bhforbairtí tithíochta sóisialta sa Ghaeltacht.

Chuir na ceithre údarás moltaí éagsúla i láthair chruinniú de chuid Choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta inniu.

Tugadh le fios gur aontaíodh na moltaí chun dul i ngleic leis na “deacrachtaí” a deir siad a bhíonn acu cosaint a thabhairt don Ghaeilge agus don Ghaeltacht sa chóras pleanála.

Deir na húdaráis go bhfuil “aimhrialtacht” idir an reachtaíocht do Thithíocht Shóisialta (Scéim Tosaíochtaí Ligin) agus reachtaíocht na pleanála, fad is a bhaineann sé le caomhnú oidhreacht theangeolaíoch na Gaeltachta.

Dúirt Moira Murrell, príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Chiarraí, nach raibh aon soláthar sa reachtaíocht nó sna rialacháin tithíochta chun tosaíocht a thabhairt do chainteoirí Gaeilge faoin scéim tosaíochtaí ligin.

Deir na húdaráis áitiúla gur chóir treoirlínte reachtúla nua a thabhairt isteach a dhíreodh go sonrach ar chúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht agus ar pholasaí pleanála fisiciúil ar leith a thabhairt isteach do na ceantair Ghaeltachta. Ba chóir, a deir siad, córas ar leith a bhunú lena chinntiú go gcuirfí i bhfeidhm an reachtaíocht nua.

Deir siad chomh maith gur chóir caighdeán náisiúnta a leagan síos maidir le ráitis tionchar teanga agus ar ‘conas iad a ullmhú, conas iad a mheas agus conas athbhreithniú a dhéanamh orthu’.

Moladh chomh maith go n-úsáidfeadh gach údarás áitiúil an córas céanna chun líofacht Ghaeilge a mheas agus coinníoll teanga á chur i bhfeidhm. Luadh Teastas Eorpach na Gaeilge (TEG) mar chóras a d’fhéadfaí a úsáid.

Moladh go gcuirfí tacaíocht ar leith ar fáil do mhuintir na Gaeltachta chun tithe cónaithe a cheannach nó a fhorbairt le “hoidhreacht chultúrtha ar leith na bpobal úd a chosaint agus chun a n-inbhuanaitheacht sa todhchaí a chinntiú”.

Dúradh go raibh “difríochtaí suntasacha” i bpolasaithe Gaeltachta na n-údarás agus go raibh “easpa treoirlínte” agus “creat reachtaíochta” ann faoi ráitis tionchar teanga a ullmhú nó a mheas.

Tá cás na Gaeltachta sa chóras pleanála tithíochta go mór i mbéal na phobail le tamall agus tá cáineadh géar déanta ar údaráis áitiúla Ghaeltachta as gan dóthain airde a thabhairt ar a ndualgas i leith na teanga.

Chinn an Coimisinéir Teanga anuraidh gur sháraigh Comhairle Contae Chiarraí an dlí pleanála nuair nár cuireadh i bhfeidhm coinníoll teanga a bhí ag dul le cead pleanála do scéim tithíochta i nGaeltacht Chorca Dhuibhne.

Seo an chéad uair a ndearna an Coimisinéir Teanga cinneadh dá leithéid faoi chás na Gaeilge sa reachtaíocht phleanála agus an chéad uair a ndearnadh imscrúdú dá leithéid maidir le foráil de chuid an Achta um Pleanáil agus Forbairt 2000.

In imscrúdú nua a rinne an Coimisinéir Teanga faoi na cuspóirí i dtaobh na Gaeilge atá leagtha amach i bPlean Forbartha na Mí, dúirt sé go raibh teipthe ar an gComhairle Contae oidhreacht teanga agus chultúrtha na Gaeltachta a chosaint. Theip orthu, de réir an imscrúdaithe, an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga an phobail agus iarratais phleanála ar fhorbairtí tithíochta sa Ghaeltacht á bpróiseáil acu.

Léirigh na Coimisinéir Teanga in 2018 go ndearna Comhairle Contae Chorcaí neamhaird “go lánfheasach” de na dualgais reachtúla teanga a bhí daingnithe le dlí ag an Oireachtas.

Bhain an cinneadh sin le fiosrúchán a chuir sé ar bun faoi chinneadh Chomhairle Contae Chorcaí dréachtphleananna ceantair áitiúil a fhoilsiú i mBéarla amháin agus úsáid a bhaint as leaganacha neamhoifigiúla Béarla de logainmneacha Gaeltachta.

Fág freagra ar 'Údaráis áitiúla ag iarraidh go gcuirfí sa dlí rialacha pleanála ar leith don Ghaeltacht'