Teipthe ar Chomhairle Contae na Mí a ndualgais maidir le cúrsaí pleanála sa Ghaeltacht a chomhlíonadh – imscrúdú nua

In imscrúdú nua faoi na cuspóirí i dtaobh na Gaeilge atá leagtha amach i bPlean Forbartha na Mí, deir an Coimisinéir Teanga gur theip ar an gComhairle Contae oidhreacht teanga agus chultúrtha na Gaeltachta a chosaint

Teipthe ar Chomhairle Contae na Mí a ndualgais maidir le cúrsaí pleanála sa Ghaeltacht a chomhlíonadh – imscrúdú nua

Tá teipthe ar Chomhairle Contae na Mí cloí lena ndualgais reachtúla maidir leis an nGaeilge agus an Ghaeltacht a chosaint sa chóras pleanála.

In imscrúdú nua a rinne an Coimisinéir Teanga faoi na cuspóirí i dtaobh na Gaeilge atá leagtha amach i bPlean Forbartha na Mí, dúirt sé go raibh teipthe ar an gComhairle Contae oidhreacht teanga agus chultúrtha na Gaeltachta a chosaint. Theip orthu, de réir an imscrúdaithe, an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga an phobail agus iarratais phleanála ar fhorbairtí tithíochta sa Ghaeltacht á bpróiseáil acu.

Deir an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill san imscrúdú nua, a bhfuil cóip de faighte ag Tuairisc.ie, gur fhág na laigí i gcóras Chomhairle Contae na Mí nár éirigh leo an dualgas a bhí orthu a chomhlíonadh, is é sin a chinntiú go mbeadh “tionchar dearfach” ag forbairtí nua sa Ghaeltacht ar úsáid na Gaeilge “mar ghnáth-theanga” an phobail.

Bhí an Chomhairle in ainm is sin a dhéanamh trí staidéir tionchair teanga a mheá agus trí chomhairle a fháil ó Roinn na Gaeltachta agus ó Údarás na Gaeltachta i leith iarratas pleanála. Deirtear in imscrúdú an Choimisinéara go ndearna an Chomhairle “iarracht áirithe an cúram sin a chomhlíonadh” ach go raibh a gcur chuige easnamhach san iomlán.

B’amhlaidh an scéal toisc nár léir aon “tuiscint chruinn” a bheith ag an gComhairle “ar an rud is staidéar tionchair teanga ann”. Dúradh chomh maith nár cuireadh aon treoir ar fáil faoin eolas a theastaigh ina leithéid de staidéar. Deirtear san imscrúdú nach raibh “aon chomhthuiscint” ann faoin bhfianaise a theastódh le cruthú go mbeadh tionchar dearfach ag forbairt tithíochta ó thaobh na teanga de.

Thug Comhairle Contae na Mí le fios don Choimisinéir Teanga nár cuireadh aon iarratas faoi bhráid Roinn na Gaeltachta agus nár cuireadh ach líon beag iarratas chuig Údarás na Gaeltachta.

I gcás na fianaise a tugadh maidir le 36 iarratas pleanála ar thithe cónaithe i gceantair Ghaeltachta na Mí le cúig bliana anuas, tugadh le fios gur seoladh seacht n-iarratas chuig an Údarás. Dúirt an Chomhairle nach bhfuair siad aon fhreagra ó Údarás na Gaeltachta sna cásanna sin.

Ghlac Comhairle Contae na Mí leis nár éirigh leo a gcuspóirí i leith na Gaeltachta a bhaint amach. Dúradh gur “leibhéal athrúcháin foirne nach raibh súil leis” agus ardú gan choinne ar líon na n-iarratas a rinneadh “le roinnt blianta anuas” ba chúis leis an dteip. Bhí céimeanna á nglacadh acu chun dul i ngleic leis an bhfaillí i gcórais riaracháin na Comhairle, a dúradh.

Mhol an Coimisinéir Teanga go gcuirfeadh Comhairle Contae na Mí i bhfeidhm “ina n-iomláine” agus “ar bhonn leanúnach” na cuspóirí i bPlean Forbartha Chontae na Mí a bhaineann leis an nGaeltacht. Mhol sé go leagfadh an Chomhairle síos socruithe agus nósanna imeachta nua “chun sástacht an Choimisinéara Teanga” a thabharfadh “feidhm éifeachtúil” do na cuspóirí Gaeltachta i bPlean Forbartha nua an Chontae, atá á ullmhú faoi láthair.

Sheol an Coimisinéir Teanga an t-imscrúdú i mí na Samhna 2020 tar éis dó gearán a fháil ó dhuine den phobal inar líomhnaíodh go raibh ag teip ar an gComhairle a ndualgais i leith na Gaeltachta a chomhlíonadh.

Mhol Rónán Ó Domhnaill freisin go n-ullmhófaí treoracha don phobal agus d’iarratasóirí as an nGaeltacht chun cuidiú leo fianaise riachtanach a chur ar fáil agus iarratas pleanála á dhéanamh acu.

Tá cúrsaí pleanála i mbéal an phobail i nGaeltacht na Mí le bliain anuas agus conspóid ann faoi fhorbairt óstáin agus scéim tithíochta i Ráth Chairn.

Fuair Comharchumann Ráth Chairn cead san Ard-Chúirt chun dúshlán an Bhoird Pleanála a thabhairt maidir le cinneadh cead pleanála a thabhairt don bhforbairt.

Deir an Comharchumann gurb amhlaidh go “scriosfadh” an fhorbairt “na hiarrachtaí” a rinne muintir an cheantair “ó thús” an Ghaeilge a choinneáil slán mar theanga an phobail.

Dúirt an tAire Tithíochta Darragh O’Brien an tseachtain seo nach maith leis go mbeadh polaiteoirí ag cur in aghaidh forbairtí tithíochta ach gur cás ar leith atá sa Ghaeltacht.

Gheall an tAire chomh maith go bhfógrófaí “beartas nua” i leith cúrsaí pleanála sa Ghaeltacht roimh dheireadh na bliana.

Chinn an Coimisinéir Teanga anuraidh gur sháraigh Comhairle Contae Chiarraí an dlí pleanála nuair nár cuireadh i bhfeidhm coinníoll teanga a bhí ag dul le cead pleanála do scéim tithíochta i nGaeltacht Chorca Dhuibhne.

B’in an chéad uair a rinne an Coimisinéir Teanga cinneadh dá leithéid faoi chás na Gaeilge sa reachtaíocht phleanála agus an chéad uair a ndearnadh imscrúdú dá leithéid maidir le foráil de chuid an Achta um Pleanáil agus Forbairt 2000.

“Tá géarchéim teanga sa Ghaeltacht mar atá agus mura gcloítear leis an dlí atá ann le cosaint a thabhairt don Ghaeilge sa Ghaeltacht is amhlaidh gur in olcas a rachaidh an scéal,” arsa an Coimisinéir Teanga an uair sin.

Fág freagra ar 'Teipthe ar Chomhairle Contae na Mí a ndualgais maidir le cúrsaí pleanála sa Ghaeltacht a chomhlíonadh – imscrúdú nua'