Sháraigh Comhairle Contae Chiarraí an dlí nuair nár cuireadh i bhfeidhm coinníoll Gaeilge ar thithe – An Coimisinéir Teanga

Beidh ar Chomhairle Contae Chiarraí eolas a chur ar fáil feasta d’Oifig an Choimisinéara Teanga faoin gcosaint a thabharfaidh siad don Ghaeilge i scéimeanna tithíochta Gaeltachta

Sháraigh Comhairle Contae Chiarraí an dlí nuair nár cuireadh i bhfeidhm coinníoll Gaeilge ar thithe – An Coimisinéir Teanga

Tá cinneadh déanta ag an gCoimisinéir Teanga gur sháraigh Comhairle Contae Chiarraí an dlí pleanála nuair nár cuireadh i bhfeidhm coinníoll teanga a bhí ag dul le cead pleanála do scéim tithíochta i nGaeltacht Chorca Dhuibhne.

Seo an chéad uair a ndearna an Coimisinéir Teanga cinneadh dá leithéid faoi chás na Gaeilge sa reachtaíocht phleanála agus an chéad uair a ndearnadh imscrúdú dá leithéid maidir le foráil de chuid an Achta um Pleanáil agus Forbairt 2000.

Tá eolas faoin imscrúdú i dtaca le cás Chomhairle Contae Chiarraí ar fáil i dTuarascáil Bhliantúil an Choimisinéara Teanga a foilsíodh inniu.

Dúirt an Coimisinéir Teanga gur “imscrúdú tábhachtach” a bhí i gcás na Comhairle agus na scéime tithíochta i mBaile an Fheirtéaraigh.

Dúirt sé go bhféadfaí dochar a dhéanamh do “thodhchaí na Gaeilge mar theanga phobail” dá dtiocfadh ró-ardú ar líon na ndaoine nach cainteoirí Gaeilge iad a bhíonn ina gcónaí sa Ghaeltacht.

“Tá géarchéim teanga sa Ghaeltacht mar atá agus mura gcloítear leis an dlí atá ann le cosaint a thabhairt don Ghaeilge sa Ghaeltacht is amhlaidh gur in olcas a rachaidh an scéal,” arsa an Coimisinéir Teanga.

I ndiaidh an imscrúdaithe, chinn an Coimisinéir gur chosúil gur cuireadh tús leis an scéim tithíochta i mBaile an Fheirtéaraigh sula ndearna an Chomhairle  comhaontú leis an bhforbróir maidir leis an gcoinníoll teanga.

Dúirt an Coimisinéir nach raibh forálacha an chomhaontaithe “oiriúnach… chun a chuspóir a chur i gcrích”.

Mhaígh sé go raibh “doiléire, moill agus patuaire” ag baint leis na hiarrachtaí a rinneadh an coinníoll teanga a chur i bhfeidhm, gur theip ar na hiarrachtaí sin agus gur éirigh an Chomhairle astu ar fad in 2008.

Mar thoradh ar an imscrúdú beidh ar Chomhairle Contae Chiarraí eolas a chur ar fáil feasta d’Oifig an Choimisinéara Teanga faoin gcosaint a thabharfar don Ghaeilge aon uair a thabharfar cead pleanála do scéim tithíochta sa Ghaeltacht a mbíonn trí theach nó níos mó inti.

Tá próiseas nua leagtha síos ag an gComhairle chomh maith faoi cad a dhéanfaidh siad sa chás go gceaptar nach bhfuil forbróir ag cloí le coinníoll teanga, próiseas a d’fhéadfadh críochnú le tionscnamh imeachtaí dlí in aghaidh an fhorbróra.

Is de bharr achomharc a rinne an gníomhaire teanga Donncha Ó hÉallaithe chuig an mBord Pleanála a leagadh an coinníoll teanga ar an eastát sna Cluainte i mBaile an Fheirtéaraigh in 2005. Ba é sin an chéad uair a leagadh coinníoll teanga ar a leithéid d’fhorbairt i nGaeltacht Chorca Dhuibhne.

Bhí coinníoll luaite le 12 de na tithe sin (75%) agus 20 bliain a mhairfeadh an coinníoll teanga. Ina ainneoin sin, tá na tithe uilig san eastát díolta, agus cuid acu athdhíolta um an dtaca seo agus gan aon iarracht déanta riamh oiread is scrúdú cainte amháin a chur ar lucht a gceannaithe.

Léirigh taighde a rinneadh in 2017 nár reáchtáladh oiread is scrúdú amháin teanga i gCiarraí riamh in ainneoin go raibh trí nó ceithre eastát a raibh coinníoll teanga leo tógtha sa Daingean le roinnt blianta roimhe agus é mar cheangal ann go gcaithfí tuairim is 30% díobh a dhíol le cainteoirí Gaeilge.

An Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill

De réir Thuarascáil Bhliantúil an Choimisinéara do 2019, tháinig ardú 11% ar líon na ngearán a rinneadh lena oifig anuraidh.

Dúirt an Coimisinéir Teanga gur léirigh an t-ardú ar líon na ngearán “na deacrachtaí leanúnacha atá ag daoine seirbhísí poiblí trí Ghaeilge a fháil”.

I measc na n-ábhar a ndearnadh gearáin fúthu bhí an easpa Gaeilge ar chomharthaíocht agus stáiseanóireacht, freagraí i mBéarla á dtabhairt ar chumarsáid i nGaeilge, comharthaí bóthair agus deacrachtaí maidir le húsáid ainmneacha agus sloinnte i nGaeilge.

Chomh maith leis an imscrúdú faoi Chomhairle Contae Chiarraí rinne an Coimisinéir imscrúdú freisin ar údaráis áitiúla eile toisc, sa chuid is mó de na cásanna, nár dhéileáil siad mar ba chóir le gearáin a cuireadh faoina mbráid maidir le sárú a bheith á dhéanamh acu ar an dlí teanga.

Cuirtear fáilte sa Tuarascáil nua roimh ghealltanas a fuair an Coimisinéir Teanga ó RTÉ go dtiocfaidh ardú suntasach ar líon na gclár Gaeilge a chraolfar ar chainéil teilifíse an stáisiúin i mbliana. Ach deir an Coimisinéir go gcaithfidh an craoltóir poiblí níos mó a dhéanamh chun a chinntiú go mbeadh a ndualgais faoin Acht á gcomhlíonadh go hiomlán acu.

Mar a tuairiscíodh anseo cheana, gheall RTÉ sa phlean a chuir siad faoi bhráid an Choimisinéara go gcraolfaidh siad breis is a cheithre oiread uaireanta an chloig i nGaeilge i mbliana.

Fuarthas amach san imscrúdú a rinne an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill nach raibh ach 0.7% de sceideal iomlán teilifíse RTÉ in 2017 ina gcláir Ghaeilge agus d’ordaigh an Coimisinéir don chraoltóir plean gnímh a ullmhú. 

Deir an Coimisinéir Teanga chomh maith ina thuarascáil nua gur gá Acht na dTeangacha Oifigiúla a leasú. Dúirt sé nach dtéann an Bille leasaithe a foilsíodh ag deireadh na bliana anuraidh “i ngleic mar ba chóir leis an easpa seirbhísí Stáit atá ar fáil trí Ghaeilge”.

Deir sé gur chóir spriocam a bheith luaite sa bhille maidir le líon na gcainteoirí Gaeilge a deirtear a earcófar sa tseirbhís phoiblí.

Fág freagra ar 'Sháraigh Comhairle Contae Chiarraí an dlí nuair nár cuireadh i bhfeidhm coinníoll Gaeilge ar thithe – An Coimisinéir Teanga'

  • Con Ó Murchú

    The Prince Charles effect. Gan amhras!

  • Con Ó Murchú

    Iontas go n-iontas!

  • pádraig o muircheartaigh

    A chairde an bhféadfá a rá liom go beacht an mbeidh tithe nua á dtógáil ar an mBuailtín go luath?Tá sé ar intinn agamsa agus mo bhean chéile aistriú chuig an nGaeltacht agus cónaí ann,Tá an bheirt againn fíordhilis don Teanga

  • Margarita Neothallaigh

    Tá an-tábhacht ag gabháil le coinníoll láidir teanga i scéimeanna tithíochta sa Ghaeltacht agus tá sé sin pléite sna pleananna teanga. Tá sé seo i bPlean Teanga LPT Chiarraí Thiar 2018 – 2025: 2018: 99) ‘Mura bhfuil an teanga lárnach sa phleanáil gheilleagrach/fhisiciúil seo, áfach, ní bheidh rath ar an bpróiseas pleanála teanga’. Tá sé seo sa Phlean Contae – Kerry County Development Plan 2015-2021: 2015: 179) ‘all large planning applications and residential applications for development in excess of 3 houses in Gaeltacht Areas to be accompanied by a linguistic impact assessment’

  • Mac an Mheiriceánaigh

    Más sárú dlí a bhí i gceist, cén fáth nach gcuirfear os comhair na cúirte na daoine a rinne? Cén fáth nach gcuirfear dualgas ar an bhfórbróir coinníoll a chur i bhfeidhm uaidh seo amach go deo? Cén fáth nach gcuirfear dualgas ar an gcomhairle contae an oiread tithe is nár chuir siad ar fáil a chur ar fáil do dhaoine le Gaeilge laistigh d’oiread áirithe blianta? Cén fáth nach n-iarrtar ar an bhfórbróir agus ar an gcomhairle an t-airgead a fuair siad ón bpobal/ón rialtas/srl a thabhairt ar ais?

    Is é nach dtuigim an fáth nach gcuirtear dlí orthu seachas “Do better next time” a rá leo. An té a thuigeann gur sárú dlí atá i gceist agus nach gcuireann cúis dlí ar an gciontach, nach é siúd is mó is ciontach?? In ainm na n-aspal is na naomh!

  • Victor

    A Phádraig Uí Mhuircheartaigh, tá a lán tithe sean agus nua atá folamh i nGaeltacht Uíbh Ráthaigh i gCiarraí Theas agus tá Tascfhórsa Uíbh Ráthaigh i mbun scéime chun tacú le daoine athlonnú go hUíbh Ráthach.

  • pádraig o muircheartaigh

    A Victor a chara gura míle maith agat as do fhreagra a sheolais chugam maidir leis an gceist a dardaigh mé .Tusa an t-aon duine a thug aon eolas dom agus gabhaim buíochas leat a chara.Fanfaidh mé i dteagmháil leat sna saolta amach romhainn.Rath Dé ort Pádraigh