400 uair an chloig breise de chláir Ghaeilge geallta ag RTÉ don Choimisinéir Teanga

Chinn an Coimisinéir Teanga, a bhfuil tús á chur inniu aige lena dhara tréimhse, gur sháraigh RTÉ an dlí craolacháin maidir lena dhualgas i leith na Gaeilge agus 99.3% dá sceideal teilifíse i mBéarla amháin

400 uair an chloig breise de chláir Ghaeilge geallta ag RTÉ don Choimisinéir Teanga

Tá geallta ag RTÉ i bplean nua a chuir siad faoi bhráid an Choimisinéara Teanga go gcraolfaidh siad breis is a cheithre oiread uaireanta an chloig i nGaeilge i mbliana.

Fuarthas amach le linn imscrúdú a rinne an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill nach raibh ach 0.7% de sceideal iomlán teilifíse RTÉ in 2017 ina gcláir Ghaeilge agus d’ordaigh an Coimisinéir don chraoltóir plean gnímh a ullmhú. 

De na 18,657 uair an chloig de chláir theilifíse a craoladh ar chainéil RTÉ sa bhliain 2017, ní raibh ach 123 uair an chloig de chláir Ghaeilge i gceist.

523 uair an chloig de chláir Ghaeilge atá geallta sa phlean a ullmhaíodh nuair a chinn an Coimisinéir Teanga gur sháraigh RTÉ an dlí craolacháin maidir lena dhualgas i leith na Gaeilge agus 99.3% dá sceideal teilifíse i mBéarla amháin.

De réir an phlean nua ag RTÉ is ar RTÉ News Now a chraolfar breis is 250 uair an chloig den 400 uair an chloig breise atá geallta ag an gcraoltóir in 2020.

Athchraoltaí ar Nuacht TG4, Nuacht RTÉ agus 7Lá  a bheidh i bhformhór na n-uaireanta an chloig sin agus is ionann iad agus nach mór 60% den mhéid atá geallta san iomlán.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, go raibh RTÉ ag “dul sa treo ceart ach nach bhféadfadh sé a rá go raibh a ndualgas reachtúil á chomhlíonadh go fóill acu”.

Is léir go bhfuil borradh breise faoi sholáthar uaireanta craolacháin agus clár Gaeilge ar RTÉ. Ní féidir a dhearbhú ag an tráth seo, áfach, go bhfuil réimse cuimsitheach clár á chur ar fáil mar a éilíonn an reachtaíocht. Mar sin féin, aithním go bhféadfaí sin a bhaint amach sna blianta amach romhainn de réir mar a fhorbrófar an réimse clár a chuirfear ar fáil.

“Chuige sin tá iarrtha agam ar RTÉ cuntas a thabhairt níos deireanaí an bhliain seo chugainn ar an méid a bheidh curtha i gcrích an tráth sin, mar aon le líon agus réimse na gclár atá beartaithe do 2021,” a dúirt Rónán Ó Domhaill, a bhfuil tús á chur inniu aige lena dhara tréimhse mar Choimisinéir Teanga.

Chomh maith leis na huaireanta an chloig breise atá le craoladh ar RTÉ News Now, tá sé i gceist ag RTÉ 100 uair an chloig de chláir Ghaeilge do pháistí a chraoladh ar RTÉ Jr agus 50 uair an chloig de chláir Ghaeilge do pháistí a chraoladh ar RTÉ 2. In 2017, an bhliain a bhí i gceist le himscrúdú an Choimisinéara, craoladh sé uair an chloig do pháistí ar RTÉ 2 agus 31 uair a bhí i gceist ar RTÉ Jnr.

Mar chuid den phlean beidh Rannóg na gClár Gaeilge ag feidhmiú mar rannóg lánaimseartha arís feasta agus 13 uair an chloig d’ábhar nua atá geallta ón rannóg sin in 2020, i gcomparáid le seacht n-uair an chloig sa bhliain idir 2012-2019.

I measc an ábhair a chraolfar ar RTÉ News Now beidh an tráchtaireacht Ghaeilge atá á ndéanamh le tamall de bhlianta ar chluichí móra na gcraobhacha peile agus iomána.

Tá socrú déanta chomh maith ag RTÉ le TG4 maidir le hathchraoladh clár Gaeilge de chuid an stáisiúin sin. 20 uair an chloig a bheidh i gceist ansin, anuas ar na hathchraoltaí ar Ros na Rún a bhíonn le feiceáil anois maidin Sathairn ar RTÉ 1 mar chuid den phlean nua.

Ina thuarascáil bhliantúil anuraidh, dúirt an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill gur fhág an líon “thar a bheith easnamhach” clár teilifíse Gaeilge a chraoltar ar RTÉ go bhfuil an craoltóir “ag sárú an Achta Craolacháin” agus “ar neamhréir le toil Thithe an Oireachtais”.

Agus tús á chur aige inniu lena dhara téarma mar Choimisinéir Teanga, dúirt Rónán Ó Domhnaill le Tuairisc.ie go raibh an t-imscrúdú faoi RTÉ ar cheann de na himscrúduithe is tábhachtaí atá déanta ag a oifig ó bunaíodh í. 

I measc na nithe “tábhachtacha” eile a luaigh Ó Domhnaill agus é ag trácht ar a chéad thréimhse mar Choimisinéir bhí an taighde a rinne sé a léirigh go raibh líon agus caighdeán na seirbhísí Gaeilge atá ar fáil ón Stát “ar seachrán” agus “dulta i ndísc” .

Chruthaigh an tuarascáil speisialta sin ar fheidhmiú chóras na scéimeanna teanga faoin Acht Teanga gur minic a dhéanann an córas sin “laghdú” ar “líon agus caighdeán na seirbhísí atá ar fáil trí mheán na Gaeilge” seachas a bheith ag cur leo.

Maidir leis an tréimhse sé bliana amach romhainn, dúirt an Coimisinéir Teanga gurb é an rud is tábhachtaí ná go ndéanfaí Acht na dTeangacha Oifigiúla a láidriú.

Fág freagra ar '400 uair an chloig breise de chláir Ghaeilge geallta ag RTÉ don Choimisinéir Teanga'