Sháraigh Comhairle Contae Chorcaí dlí na tíre ‘go lánfheasach’ i gcás cáipéisí i mBéarla amháin

Deir an Coimisinéir Teanga ina Thuarascáil Bhliantúil, atá le seoladh inniu, gur cúis imní é go ndearna Comhairle Contae Chorcaí cinneadh ‘as a stuaim féin’ gan géilleadh dá dualgas reachtúil féin ná do dhlí na tíre

Sháraigh Comhairle Contae Chorcaí dlí na tíre ‘go lánfheasach’ i gcás cáipéisí i mBéarla amháin

Chinn Comhairle Contae Chorcaí “go lánfheasach” neamhaird a thabhairt ar dhualgais reachtúla teanga a bhí daingnithe le dlí ag an Oireachtas.

B’in a bhí le rá ag an gCoimisinéir Teanga faoi thoradh fiosrúcháin a chuir sé ar bun faoi chinneadh Chomhairle Contae Chorcaí dréachtphleananna ceantair áitiúil a fhoilsiú i mBéarla amháin agus úsáid a bhaint as leaganacha neamhoifigiúla Béarla de logainmneacha Gaeltachta.

Ina Thuarascáil Bhliantúil, a sheolfar inniu, déanann an Coimisinéir Teanga cáineadh géar ar dhearcadh na Comhairle i leith a dualgas reachtúil teanga.

“Is go lánfheasach a cinneadh sa chás seo neamhaird a thabhairt ar dhualgais reachtúla a bhí daingnithe le dlí ag an Oireachtas, mar is léir ón bhfreagra a chuir an Chomhairle ar fáil don imscrúdú, in ainneoin go raibh aird tarraingthe ag m’Oifig ar an dualgas reachtúil roimh fhoilsiú na ndréachtphleananna.

“Tá dualgais ar leith ar údaráis áitiúla a chinntiú go gcloíonn an pobal lena ndualgais i gcúrsaí pleanála, cúrsaí comhshaoil, etc. Is cúis imní é go ndéanfadh eagraíocht den chineál sin cinneadh as a stuaim féin gan géilleadh dá dualgas reachtúil féin nó do dhlí na tíre,” a deir an Coimisinéir Teanga ina Thuarascáil Bhliantúil 2017 atá á seoladh i mBaile Átha Cliath inniu.

Deir an Coimisinéir go bhfágann “faillí” na Comhairle i ndlí na tíre go bhfuil pleananna á mbeartú acu “nach féidir léi a bheith iomlán cinnte faoina mbailíocht”.

Rinneadh gearán le hOifig an Choimisinéara Teanga i mí Dheireadh Fómhair 2016 go raibh sé i gceist ag an gComhairle Dréachtphleananna Ceantair Áitiúil (DCÁ) a fhoilsiú i mBéarla amháin. Chuir an gearánaí in iúl d’Oifig an Choimisinéara chomh maith go raibh cáipéisí comhairliúcháin curtha in airde ar shuíomh gréasáin na Comhairle agus gur i mBéarla amháin a bhí na logainmneacha Gaeltachta sna cáipéisí sin.

Rinne Oifig an Choimisinéara teagmháil leis an gComhairle chun a dualgais reachtúla teanga a mheabhrú dóibh, ach níor bhac an Chomhairle le haon fhreagra a thabhairt ar an gcomhfhreagras sin agus foilsíodh na dréachtphleananna i mBéarla amháin ar shuíomh gréasáin na Comhairle ar an 16 Samhain 2016.

Rinne Oifig an Choimisinéara Teanga teagmháil “arís agus arís eile” leis an gComhairle le linn na tréimhse comhairliúcháin a bhain leis na cáipéisí ach níor tugadh aon fhreagra i scríbhinn ar an gcomhfhreagras sin.

Nuair a tháinig deireadh leis an tréimhse chomhairliúcháin ar an 16 Eanáir 2017, gan aon leagan Gaeilge de na dréachtphleananna a bheith curtha ar fáil agus gan aon fhreagra faoin scéal faighte ag Oifig an Choimisinéara, chinn an Coimisinéir imscrúdú a chur ar bun.

Le linn an imscrúdaithe, ghlac an Chomhairle leis gur foilsíodh ocht ndréachtphlean ceantair áitiúil i mBéarla amháin agus tugadh le fios nár foilsíodh i nGaeilge iad toisc gurb í Comhairle Contae Chorcaí an t-údarás áitiúil is mó sa tír. “Gealltanas ollmhór” a bheadh ann na hocht bplean a fhoilsiú i nGaeilge “de bharr scála, chastacht agus éagsúlacht an chontae”, a dúradh. Dúradh nach raibh “an saghas dúshláin sin” roimh aon chontae eile.

Tugadh le fios chomh maith nach mbeadh am ann na pleananna a aistriú agus nár ghá gur leas an phobail é  leaganacha Gaeilge a chur ar fáil mar gheall ar an éileamh beag a bheadh ar a leithéid agus mar gheall ar an gcostas mór a bhainfeadh le haistriúchán a dhéanamh ar cháipéisí ina raibh “an teanga an-sonrach, teicniúil”.

Thug an Chomhairle le fios gurb é an gearán a fuair Oifig an Choimisinéara féin faoin scéal an t-aon ghearán amháin a fuarthas faoi na cáipéisí a bheith ar fáil i mBéarla amháin “as daonra 416,000 saoránach sa chontae”.

Dúradh gur  €182,000 an buiséad a bhí ceadaithe d’ullmhú na gcáipéisí agus mhaígh an Chomhairle go gcosnódh sé €156,000 leaganacha Gaeilge de na hocht ndréachtphlean a chur ar fáil.

Nuair a cheistigh an Coimisinéir an costas a luadh le hullmhú na bpleananna tugadh le fios go gcosnódh a n-ullmhú €3,046,000 ar fad nuair a chuirfí costas foirne agus costais eile san áireamh.

Ghlac an Chomhairle leis gur sháraigh siad an dlí teanga maidir le logainmneacha Gaeltachta agus dúradh gur “dearmad” ba chúis leis sin. Bhainfí úsáid as logainmneacha oifigiúla Gaeltachta sa chuid eile den phróiseas, a dúradh.

Dúirt an Coimisinéir go bhfuil an caiteachas a bhí le déanamh ar sholáthar na leaganacha Gaeilge “íseal go maith i gcomhthéacs bhuiséad iomlán an tionscnaimh” ach gur fhág an Chomhairle “í féin sa riocht go bhféadfadh sé go bhfuil dréachtphleananna aici nach féidir léi a bheith iomlán cinnte faoina mbailíocht de bharr faillí ina cur chuige cloí le dualgais reachtúla”.

I gcás na logainmneacha Gaeltachta, dúirt an Coimisinéir gur “as a stuaim féin” a d’aontaigh an Chomhairle an mhír sin dá scéim teanga a chuireann dualgas reachtúil uirthi na leaganacha oifigiúla Gaeilge de logainmneacha Gaeltachta a úsáid.

Tugadh faoi deara gur lean an Chomhairle d’úsáid a bhaint as leaganacha neamhoifigiúla Béarla de logainmneacha Gaeltachta i bhfoilsiú na nAthruithe Ábhartha ar na dréachtphleananna ar shuíomh gréasáin na Comhairle.

Moladh in imscrúdú an Choimisinéara go gcinnteodh an Chomhairle go gcloífeadh sí feasta lena dualgais reachtúla faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 agus go bhfoilseofaí aon cháipéisí eile a bhaineann leis an bpróiseas go comhuaineach i mBéarla agus i nGaeilge.

Idir an dá linn, léirigh imscrúdú eile a rinne an Coimisinéir Teanga gur sháraigh Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge an dlí teanga nuair a foilsíodh Tuarascáil Bhliantúil na Comhairle don bhliain 2015 trí Bhéarla amháin. De réir imscrúdaithe an Choimisinéara “faillí” a bhí gceist “gan aird chuí” a thabhairt ar an dualgas reachtúil an cháipéis a fhoilsiú go comhuaineach sa dá theangach oifigiúil.

Fág freagra ar 'Sháraigh Comhairle Contae Chorcaí dlí na tíre ‘go lánfheasach’ i gcás cáipéisí i mBéarla amháin'