Rabhadh tugtha ag an gCoimisinéir Teanga d’údaráis áitiúla go gciontófar iad mura gcloíonn siad leis an dlí

Deir an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill i dtuarascáil nua go mb’fhéidir gur gá gníomh ‘tromchúiseach’ nach ndearnadh riamh cheana le dul i ngleic le heaspa comhoibrithe roinnt údarás áitiúil

Rabhadh tugtha ag an gCoimisinéir Teanga d’údaráis áitiúla go gciontófar iad mura gcloíonn siad leis an dlí

Tá rabhadh tugtha ag an gCoimisinéir Teanga d’údaráis áitiúla go bhfuil an baol ann go gciontófar iad as na sáruithe atá á dhéanamh acu ar a gcuid dualgas reachtúil i leith na Gaeilge.

Níl imeachtaí i leith ciona ar Acht na dTeangacha Oifigiúla tionscanta riamh ag an gCoimisinéir Teanga, ach tá oiread míshástachta ar Rónán Ó Domhnaill le Comhairlí Contae áirithe ar fud na tíre go bhfuil sé ag smaoineamh ar a leithéid a dhéanamh.

Dúirt an Coimisinéir Teanga gur léirigh Tuarascáil Faireacháin 2020/21, a foilsíodh inniu, go raibh roinnt údarás áitiúil nár chomhoibrigh lena Oifig le linn a cuid oibre faireacháin. Dúirt sé go mbeadh sé ag meabhrú dóibh an dualgas reachtúil atá orthu comhoibriú leis agus é i mbun a chuid feidhmeanna.

“Faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla is féidir liom imeachtaí i leith ciona a thionscnamh agus a thabhairt ar aghaidh sa chás go gcuirtear bac orm mo chuid feidhmeanna a chomhlíonadh,” a dúirt Ó Domhnaill.

“Níor baineadh úsáid as an bhforáil ábhartha sin d’Acht na dTeangacha Oifigiúla ó bunaíodh an Oifig ach i bhfianaise easpa comhoibrithe ó roinnt údarás áitiúil d’fhéadfadh nach mbeadh de rogha agam ach tabhairt faoin ghníomh tromchúiseach sin gan mhoill.”

Sa tuarascáil is deireanaí aige, thug an Coimisinéir Teanga faoi iniúchadh ar shuíomhanna gréasáin deich gcinn d’údaráis áitiúla ar fud na tíre féachaint an raibh a ndualgais i leith na Gaeilge á gcomhlíonadh acu.

Ní raibh aon údarás áitiúil a scrúdaíodh ag cloí go hiomlán leis na gealltanais a bhí tugtha acu maidir lena suíomhanna idirlín agus a seirbhísí idirghníomhacha ar líne.

Dúirt Rónán Ó Domnhaill gur údar díomá ar leith a bhí san easpa comhoibrithe a fuair sé ó chúig cinn de na húdaráis – Comhairle Cathrach Chorcaí, Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin, Comhairle Contae Uíbh Fhailí, Comhairle Contae Cheatharlach, agus Comhairle Contae na hIarmhí.

Easpa “rannpháirtíochta agus easpa géilliúlachta” ba chúis leis an bhfoláireamh a thug an Coimisinéir Teanga do na húdaráis maidir lena ndualgas faoi Acht na dTeangacha.

Dúradh gur theip ar Chomhairle Cathrach Chorcaí, ar Chomhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin, agus ar Chomhairle Contae Uíbh Fhailí ceistneoir a bhí mar chuid d’iniúchadh an Choimisinéara a líonadh, in ainneoin meabhrúcháin rialta a bheith eisithe ag a Oifig le linn 2020.

Dúirt Comhairle Contae Cheatharlach leis an gCoimisinéir nach rabhthas in ann gealltanais a tugadh maidir leis an nGaeilge a chomhlíonadh de bharr easpa acmhainní. D’fhógair Rónán Ó Domhnaill go raibh sé chun imscrúdú a dhéanamh faoin scéal.

I gcás Chomhairle Contae na hIarmhí, dúirt an Coimisinéir Teanga go raibh “cúlú suntasach” i gceist sa scéim teanga is deireanaí ag an údarás i leith na ngealltanas a bhain lena suíomh gréasáin. In áit gach ábhar a bheith á chur ar fáil go comhuaineach i nGaeilge agus i mBéarla, ní raibh geallta anois ag an gComhairle ach go gcuirfí ábhar statach ar fáil ar an leathanach baile agus ar roinnt leathanach eile nach ndúradh céard iad féin.

Bhí ar an gCoimisinéir Teanga tuarascáil a chur faoi bhráid Thithe an Oireachtais in 2013 nuair a theip ar Chomhairle Contae na hIarmhí moltaí a chur i bhfeidhm maidir le sárú dualgais reachtúla teanga.

“Is dona liom go mór an cur chuige a ghlac cúig údarás áitiúla chucu féin maidir le próiseas faireacháin agus iniúchta na bliana seo,” a dúirt Rónán Ó Domhnaill faoin easpa comhoibrithe.

“In ainneoin na ndúshlán a bhí roimh an earnáil go náisiúnta, ní léiriú sásúil easpa shoiléir gnímh na gcúig údarás áitiúil thuasluaite i leith a gcuid dualgas reachtúil faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla.”

As na deich n-údarás áitiúil a ndearnadh iniúchadh orthu, níor éirigh ach le dhá cheann acu an tríú grád – comhlíonadh méid áirithe – a bhaint amach. Bhí ‘neamh-chomhlíonadh den chuid is mó’ i gceist le trí cinn de na húdaráis áitiúla a bhí rannpháirteach san iniúchadh.

I gcás Chomhairle Contae Mhuineacháin ní raibh ach tuairim is 2% d’ábhar iomlán an tsuímh ar fáil i nGaeilge agus tuairiscíodh go raibh difríochtaí suntasacha idir na leaganacha Gaeilge agus Béarla den ábhar ginearálta ar shuíomh gréasáin Chomhairle Contae Shligigh.

Mheabhraigh an Coimisinéir Teanga d’údaráis áitiúla freisin nach bhfuil aon ghlacadh le córais mheaisínaistriúcháin, amhail Google Translate. Dúirt sé gur “loiceadh suntasach” a bhí i gceist le córas den chineál sin a úsáid, mar a rinne Comhairle Contae Ros Comáin chun ábhar a aistriú ar a suíomh.

Dúirt Rónán Ó Domhnaill go raibh úsáid mhór á baint as seirbhísí ar líne ó thús na paindéime agus gur “riachtanas práinneach” a bhí ann “pleanáil chórasach” a dhéanamh chun seirbhísí a chur ar fáil go dátheangach.

Ar cheann de na moltaí a rinne an Coimisinéir Teanga, dúirt sé gur cheart go mbeadh córais agus bogearraí ríomhaireachta in úsáid ag na húdaráis a bheadh in ann sínte fada a láimhseáil gan stró. Luadh sa tuarascáil gur bhain deacrachtaí le sínte fada a úsáid ar chórais idirghníomhacha shuíomh gréasáin Chomhairle Contae Chorcaí, ach léiríodh gur tuigeadh an tábhacht a bhain le ceartúsáid na teanga i gcontae Gaeltachta go háirithe agus thángthas ar réiteach.

Mar chuid d’iniúchadh eile a rinneadh i dTuarascáil Faireacháin 2020/21 an Choimisinéara Teanga, fuarthas go raibh “leibhéil éagsúla ghéilliúlachta” le sonrú i measc na mBord Oideachais & Oiliúna (BOO) maidir leis na dualgais reachtúla atá orthu faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla.

Bhain BOO Chiarraí an grád is airde amach agus dúradh go rabhthas ag comhlíonadh go hiomlán a ndualgais faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla.

Ar an taobh eile den scéal, léirigh torthaí na n-imscrúdaithe gur ‘Neamh-chomhlíonadh den chuid is mó’ a bhí i gceist le BOO Thiobraid Árann ‘. Grád ‘comhlíonadh méid áirithe’ a bronnadh ar BOO Lú agus na Mí agus ar BOO Laoise agus Uíbh Fhailí.

Fág freagra ar 'Rabhadh tugtha ag an gCoimisinéir Teanga d’údaráis áitiúla go gciontófar iad mura gcloíonn siad leis an dlí'

  • Sinéad

    Céard faoi BOO Cho. na Gaillimhe??

  • Seán Mag Leannáin

    “Mheabhraigh an Coimisinéir Teanga d’údaráis áitiúla freisin nach bhfuil aon ghlacadh le córais mheaisínaistriúcháin, amhail Google Translate. Dúirt sé gur “loiceadh suntasach” a bhí i gceist le córas den chineál sin a úsáid, mar a rinne Comhairle Contae Ros Comáin chun ábhar a aistriú ar a suíomh.” Mo náire sibh, maorlathas Ros Comáin! Ní fheadar cad a cheapfadh Dúbhghlas de hÍde – bunaitheoir Chonradh na Gaeilge, chéad Uachtarán na hÉireann agus fear Ros Comáin – faoi sin?