Údar mór imní ag Micheál Martin agus cuid dá pháirtí ag caint as dhá thaobh a mbéil

Ní taobh le Fianna Fáil a raibh easpa tuisceana orthu ar mhianta an phobail sna reifrinn, ach ag an bpáirtí sin is mó atá ceisteanna le freagairt

Údar mór imní ag Micheál Martin agus cuid dá pháirtí ag caint as dhá thaobh a mbéil

Déanfaidh sí seachtain spéisiúil an tseachtain seo chugainn nuair a thiocfaidh páirtithe parlaiminte le chéile. Ó tharla an Dáil a bheith ar scor d’imeachtaí na Féile Pádraig bhí an pholaitíocht bhaile ag feidhmiú i bhfolús ó theip an dá reifreann an tseachtain seo caite. Beidh na páirtithe ag teacht le chéile i lár na seachtaine seo chugainn agus ar ndóigh iad ag breathnú chun cinn ar thoghcháin agus ardfheiseanna sna seachtainí seo romhainn.

Is ag Fianna Fáil is mó a bheidh ceisteanna le plé. Cén chaoi gur tharla sé go raibh ionadaithe tofa de chuid an pháirtí ag stocaireacht ar son na reifreann agus gur vótáil siad ina n-aghaidh sa deireadh? Cén chaoi gur tharla sé go raibh ionadaithe tofa eile nár ghlac aon pháirt ghníomhach sa bhfeachtas agus a vótáil in aghaidh na reifreann? Cén chaoi nár thuig ceannaireacht an pháirtí go raibh a leithéid amhlaidh?

Easpa tuisceana ar mhianta a lucht leanúna a thug iar-leascheannaire an pháirtí Éamon Ó Cuív ar an méid a tharla. Ní taobh le Fianna Fáil amháin, ar ndóigh, a bhí an easpa tuisceana ar mhianta an phobail mar a léirigh toradh na reifreann, ach is léir go bhfuil deacracht le sárú sna páirtithe agus ceisteanna le cur.

Dúirt an Taoiseach an tseachtain seo caite nuair a ceistíodh é faoin mbeirt Sheanadóirí de chuid Fhine Gael nár vótáil mar go raibh siad ag taisteal chuig an gcluiche rugbaí nach eisean a Mamaí agus nach leis-sean a insint dóibh céard a dhéanfadh siad. Spéisiúil go leor níor dhúirt an Tánaiste ach gur ghlac sé le breithiúnas an phobail.

Cothaíonn sin ar fad roinnt ceisteanna – céard is fiú córas aoireachta a chuirtear i bhfeidhm go dian ar uairibh, má chaitheann tú labhairt le gach ball de do pháirtí parlaiminte le treoir a thabhairt dóibh vóta a chaitheamh? Tá an cás sin sách achrannach ach is scéal eile ar fad an méid a tharla i bhFianna Fáil, an chosúlacht ar an scéal nach raibh go leor den pháirtí sásta leis an méid a cuireadh i láthair an phobail ach nár pléadh leo é nó nár bhac siad leis an imní a bhí orthu a chur in iúl. Cé mhéad cinneadh eile ag leibhéal rialtais le ceithre bliana a raibh an oiread sin míshástachta fúthu i measc na mball tofa, ach nár bhac siad an mhíshástacht sin a chur in iúl?

Tá Micheál Martin ina cheannaire ar Fhianna Fáil le fada anois agus thug sé ar ais ag bord an rialtais iad nuair a rinneadh léirscrios orthu in 2011. Sin an áit is dual dóibh a bheith, dar leo féin, ach ní bheidh siad i bhfad ann má chreideann an pobal go bhfuil siad ag caint as dhá thaobh a mbéil agus níos measa nach bhfuil a gcuid ionadaithe tofa ag caint ar chor ar bith go mbíonn an cath caillte.

Ní deas a leithéid de scoilt do cheannaireacht páirtí ar bith ach is measa fós é i bhfoisceacht roinnt míonna de thoghcháin chinniúnacha.

Fág freagra ar 'Údar mór imní ag Micheál Martin agus cuid dá pháirtí ag caint as dhá thaobh a mbéil'

  • Séamas de Barra

    Freagra ag Séamas de Barra ar alt le Máirín Ní Ghadhra, ‘Údar mór imní ag Micheál Martin agus cuid dá pháirtí ag caint as dhá thaobh a mbéil.’

    Bhí tráth ann a gcoinníodh iriseoirí a gcuid tuairimí chucu féin, ach tá sin caite faoi thóin cártaí le fada an lá. Arsa Máirín Ní Ghadhra: ‘Ó tharla an Dáil a bheith ar scor d’imeachtaí na Féile Pádraig bhí an pholaitíocht bhaile ag feidhmiú i bhfolús ó theip an dá reifreann an tseachtain seo caite.’ Cad a chiallaíonn an clásal: ‘ó theip an dá reifreann an tseachtain seo caite’? Ciallaíonn sé gurb é tuairim Mháirín gur teip ba ea tromlach na vótálaithe lá an Reifrinn, a vótáil NÍL, NÍL, ach nach dteipfeadh ar an dá Reifreann dá mba é taobh TÁ, TÁ, a bheadh buaiteach.

    Leanann Máirín uirthi: ‘Cén chaoi gur tharla sé go raibh ionadaithe tofa eile nár ghlac aon pháirt ghníomhach sa bhfeachtas agus a vótáil in aghaidh na reifreann. Cén chaoi nár thuig ceannaireacht an pháirtí go raibh a leithéid amhlaidh?’

    Is ait liom Máirín a bheith ag cur síos go minic ar chúrsaí polaitíochta ar Raidió na Gaeltachta, agus ar TG4, agus nach dtuigeann sí go mbíonn mionlach an–mhór de na Teachtaí Dála nach mbacann le vóta a chaitheamh ar na Billí is conspóidí dá mbíonn á gcíoradh ag an Dáil. Ní hamhlaidh a staonann an mionlach an–mhór seo ó vótáil, agus iad féin i Seomra na Dála; ach is ea’n a dhéanann siad sprioc de, gan iad féin a bheith i Seomra na Dála le linn na vótaí ar na Billí is conspóidí. Agus ní hiad na gnáth–Theachtaí Dála amháin a dhéanann amhlaidh. Is minic nach mbíonn Ceannairí na bPáirtithe Polaitíochta i Seomra na Dála, agus Billí an-chonspóideach á gcur ar vóta. Uaireanta, bíonn suas leis an gceathrú cuid de na Teachtaí Dála nach mbíonn i Seomra na Dála chun vóta a chaitheamh ar na Billí an–chonspóideach sin. Is measa ná sin go mór an scéal sa Seanad é. Is minic nach mbíonn ach beagán os cionn a leithe de na Seanadóirí i Seomra an tSeanaid chun vóta a chaitheamh ar na Billí is conspóidí dá gcíortar. Chun na fírinne a rá, ní hannamh gan ach buíon an–bheag i gceachtar den Dá Theach, agus Céimeanna de Bhillí an–chonspóideach á bheith á gcur ar vóta. Ní léir go bhfuil córas aoireachta á chur i bhfeidhm in aon chor, cuid mhaith den am. Nuair a cuireadh ar Reifreann ábhar blianta ó shin, deireadh a chur leis an Seanad, NÍL a vótáil mise leis sin. Dá gcuirfí ar Reifreann amárach é, is é TÁ a vótálfainn leis. Níl meas madra ag a lán Teachtaí Dála, ná Seanadóirí, ar obair na Dála, ná ar obair an tSeanaid.

    Ní ar son chóras na haoireachta atáimse. TD le Fine Gael ba ea Peter Mathews i sean–Dáilcheantar Bhaile Átha Cliath Theas, beannacht Dé lena anam. Scar Mathews le Fine Gael mar gheall ar an mBille Ginmhillte a thug Fine Gael isteach sa bhliain 2013, agus is mar Neamhspleách a ghníomhaigh sé ina dhiaidh sin. Is é meon Pheter Mathews atá agam féin den ábhar: tógadh Dáil agus Seanad Éireann sampla le Bundestag na Gearmáine, agus mionn, nó gealltanas sollúnta, a bheith le tabhairt ag gach uile Theachta Dála, agus ag gach uile Sheanadóir, ar iad a dhul isteach sa Dáil mar Theachta Dála, nó sa Seanad mar Sheanadóir, an chéad lá riamh. Rachainnse níos faide ná sin, agus é a chur i bhfoclaíocht an mhionna, nó an ghealltanais shollúnta, a bheadh le tabhairt acu, an lá sin, vótáil ar ábhar, san ord tosaíochta seo: 1) vótáil de réir a gcoinsiasa phearsanta; 2) vótáil de réir a gcreidimh, nó de réir a bhfealsúnachta; agus 3) vótáil de réir a gcuid dílseachta do Pháirtí Polaitíochta.

    Maidir leis an gcóras Reifrinn de atá againne, is í an fhadhb atá air nach córas ceart daonlathach atá ann, ach córas olagarcach. Is iad an dream is mó a n–oireann sé dóibh, an dream a ndeir Leo Varadkar gurb iad ‘na mochóirithe’ iad, na daoine atá lándeimhnitheach de go bhfuil lúb istigh sa tír acu féin. Bíodh réamh–Reifreann i dtosach ann chun a fháil amach an dteastaíonn ó bhreis is 50% de na vótálaithe cláraithe, ábhar áirithe a chur ar Reifreann. Más é TÁ an freagra ar an réamh–Reifreann, beidh bun daonlathach ansin leis an ábhar féin a chur ar Reifreann. Bua daonlathach a bheadh ansin ann, dá vótálfadh breis is 50% de na vótálaithe cláraithe TÁ leis an ábhar sin. Is é rud a tharlaíonn i láthair na huaire gurb é tromlach na vótálaithe a vótálann lá an Reifrinn/na Reifreann, a shocraíonn cé acu a ghlacfar leis an tairiscint/na tairiscintí, nó nach nglacfar. Tá iriseoirí ag gearán anois go bhfuil dhá dtrian de na vótálaithe cláraithe nár vótáil i gceachtar den dá Reifreann le déanaí. Ní tharlódh sé sin, dá nglacfaí leis an gcóras atáimse a mholadh. Mhaolódh an córas seo agamsa go mór ar an gcur isteach ó bhilliúnaithe thar lear ar Reifrinn na tíre seo. Is slí a bheadh chomh maith ann chun a oiread agus ab fhéidir de na Sé Chontae a athaontú go fíordhaonlathach síochánta le Poblacht na hÉireann, i ngaireacht aimsire –– 8 nó 9 de Thoghlaigh.

    NÍL, NÍL a vótáil mé féin i Reifrinn Mhárta 8, 2024, Lá Idirnáisiúnta na mBan.