Malairt tuairimí léirithe faoi chiste cúitimh do mhná tí na Gaeltachta

€2.2 milliún atá le híoc le mná agus fir tí na Gaeltachta mar chúiteamh ar chur ar ceal na gcoláistí samhraidh i mbliana ach táthar fós ag fanacht ar scéal faoi na coláistí féin

Malairt tuairimí léirithe faoi chiste cúitimh do mhná tí na Gaeltachta

Tá malairt tuairimí léirithe faoin chiste €2.2 milliún atá fógartha do mhná agus fir tí na Gaeltachta mar chúiteamh ar na coláistí samhraidh a bheith ar ceal don dara bliain as a chéile.

Chuir CONCOS, a dhéanann ionadaíocht ar na coláistí samhraidh, fáilte roimh an scéal, ach dúirt siad go raibh sé in am anois aghaidh a thabhairt ar cheist an chúitimh do na coláistí féin.

Ar ndóigh, i dteannta a chéile a oibríonn na teaghlaigh seo agus na coláistí Gaeilge chun fáilte a chur roimh an 26,000+ scoláire a thagann chuig na Gaeltachtaí chuile bhliain.

Tá sé fíorthábhachtach anois go bhfógrófar pacáiste tacaíochta na gcoláistí Gaeilge go han-luath chun go mbeidh an deis ag na coláistí Gaeilge leanacht ar aghaidh ag trádáil mar ghnóthaí do thodhchaí na hearnála agus thodhchaí gheilleagar na Gaeltachta,” a dúradh i ráiteas CONCOS.

D’fhógair an tAire Stáit Gaeltachta Jack Chambers an maoiniú agus é os comhair Choiste Gaeilge an Oireachtais inné.

Ardú breis is 25% atá i gceist ar an mhaoiniú €1.6 milliún a cuireadh ar fáil do na mná tí anuraidh nuair a cuireadh cúrsaí 2020 ar ceal. €5 sa lá in aghaidh an fhoghlaimeora, in áit an €4 a fuarthas anuraidh, atá i gciste tacaíochta na bliana seo.

Ag labhairt di le Tuairisc.ie, dúirt Angela Pháid Uí Ghrífín, urlabhraí mhná tí i gCiarraí, go raibh “an-díomá” uirthi nár cuireadh “aon phacáiste le dealramh” ar fáil arís i mbliana.

“An pointe a bhíomar ag iarraidh a dhéanamh leis an Aire, tá dhá bhliain caite ag mná tí nach bhfuil aon airgead tuillte againn agus níl aon tslí gur féidir linn airgead a thuilleadh don chuid eile den bhliain seo.

“I ndeireadh an lae, cheapas go mbeadh ardú níos mó ná sin i gceist. Tá deich euro sa bpacáiste acu dúinn ach ní thuigim cén fáth nach raibh níos mó ná €5 in aghaidh an dalta. N’fheadar an ndéanfaidh sé an beart le mná tí a choimeád ar an bhfód,” a dúirt Uí Ghrífín.

Dúirt Uí Ghrífín go mbeadh “an-deacrachtaí” ag mná tí áirithe “teacht ar ais” a dhéanamh.

Cé gur “deireanach sa lá” a fógraíodh an pacáiste cúitimh, chuir urlabhraí mhná tí Choláiste Lurgan in Indreabhán, Máire Áine Nic Dhonnchadha “fáilte” roimh an scéal.

“Cuirim fáilte roimhe ach níl mé cinnte gurb in é an luach ar obair na mná tí ná an chailliúint a bhí againn. Cúiteamh an-lag a bhí againn anuraidh ach bhraith sé níos measa i mbliana. Anuraidh bhí muid ag ceapadh nach mbeadh ann ach uair amháin ach i mbliana bhí dóchas ann go mbeadh na cúrsaí á reáchtáil.

“Aitheantas ar an gcailliúint ollmhór” atá ag mná tí na Gaeltachta atá sa chiste cúitimh, a deir Máire Áine Nic Dhonnchadha.

Dúirt Mairéad Uí Mheachair, atá ag coinneáil scoláirí le breis agus 30 bliain ar an Cheathrú Rua i gConamara go dtabharfadh an pacáiste cúitimh “faoiseamh” do mhná tí áirithe ach go mbeadh “go leor” ann nach mbeidh sásta leis.

“Tá sé tar éis tógáil chomh fada an socrú a dhéanamh, bhí mé ag ceapadh nach bhfaigheadh muid aon rud. Is fearr an €5 ná bheith gan tada,” a dúirt Mairéad Uí Mheachair.

D’aontaigh Bríd Ní Fhatharta, bean a’ tí in Indreabhán Conamara, leis an méid sin.

“Bhí muid ag súil le hardú beag i mbliana ach go pearsanta, níl mé ag rá go bhfuil chuile mhná tí ar nós mise, tá muid ag fáil €5 i mbliana gan a bheith ag déanamh tada agus tá mise sásta leis sin.”

 Tá cás á dhéanamh ag na coláistí samhraidh go raibh costais reatha éagsúla orthu i mbliana fad is a bhí siad ag fanacht le cinneadh Roinn na Gaeltachta cé acu an mbeadh nó nach mbeadh na cúrsaí samhraidh ar siúl i mbliana.

Fág freagra ar 'Malairt tuairimí léirithe faoi chiste cúitimh do mhná tí na Gaeltachta'

  • An Teanga Bheo

    Cé as an t airgead ? $££££