€2.2 milliún le híoc le mná tí mar chúiteamh ar chur ar ceal na gcoláistí samhraidh

Ardú breis is 25% atá i gceist ar an maoiniú €1.6 milliún a cuireadh ar fáil do na mná tí tar éis do chúrsaí 2020 a bheith curtha ar ceal

€2.2 milliún le híoc le mná tí mar chúiteamh ar chur ar ceal na gcoláistí samhraidh

Tá €2.2 milliún le híoc le mná tí na Gaeltachta mar chúiteamh ar chur ar ceal na gcoláistí samhraidh i mbliana.

D’fhógair an tAire Stáit Gaeltachta Jack Chambers an maoiniú agus é os comhair Choiste Gaeilge an Oireachtais tráthnóna.

Ardú breis is 25% atá i gceist ar an maoiniú €1.6 milliún a cuireadh ar fáil do na mná tí tar éis do chúrsaí 2020 a bheith curtha ar ceal.

Dúirt an tAire Stáit freisin go raibh sé muiníneach go bhféadfaí teacht ar réiteach ar cheist an chúitimh do na coláistí samhraidh féin agus do hallaí pobail na Gaeltachta “sna seachtainí amach romhainn”.

Agus an ciste do na mná tí á fhógairt aige, dúirt an tAire Stáit Chambers go raibh áthas air an maoiniú seo a chur ar fáil.

“Tar éis an deis a bheith agam éisteacht go cúramach le hionadaíocht lucht lóistín an chórais agus le páirtithe leasmhara eile, ar ndóigh is maith a thuigim na dúshláin ar leith atá roimh na pobail Ghaeltachta de bharr nach bhfuil na coláistí Gaeilge in ann feidhmiú don dara bliain as a chéile.

“Faoin gcistíocht faoi leith seo, féachfar chuige go mbeidh teacht aniar ann don chóras sa chaoi is go mbeidh sé in ann feidhmiú go bisiúil an bhliain seo chugainn.”

Dúirt sé go bhfuil ardú i gceist le cúitimh na bliana seo ós rud é gurb í seo an dara bliain as a chéile arbh éigean na cúrsaí Gaeilge a chur ar ceal de bharr Covid-19.

Dá thoradh sin is íocaíocht ionann le €5 in aghaidh an fhoghlaimeora a chuirfear ar fáil do mhná tí, 50% den liúntas laethúil a chuireann Roinn na Gaeltachta ar fáil de ghnáth. €4 in aghaidh an fhoghlaimeora a cuireadh ar fáil in 2020.

Deir Roinn na Gaeltachta go rachfar i dteagmháil gan mhoill leis na teaghlaigh chun an próiseas a chur ar bun maidir le hiarratais a ghlacadh agus a phróiseáil faoin gciste.

Suas le 700 teaghlach Gaeltachta a chuireann lóistín ar fáil do lucht freastail na gcoláistí samhraidh gach bliain.

Chuir an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán Catherine Martin fáilte roimh fhógra an lae inniu agus ráite aici go gcabhróidh an beart seo atá fógartha inniu “lena chinntiú go mbeidh an earnáil cobhsaithe do 2022 oiread is féidir”.

Fág freagra ar '€2.2 milliún le híoc le mná tí mar chúiteamh ar chur ar ceal na gcoláistí samhraidh'

  • AN Teanga Bheo

    Ach céard faoi an chuid eile againn ?