‘UDA’ smeartha ar an nGaeilge ar chomhartha bóthair dátheangach

Loiteadh thart ar 60 comhartha ó thuaidh le trí bliana anuas toisc Gaeilge a bheith orthu

Smearadh ‘UDA’ i bpéint dhubh ar chomhartha bóthair i dTír Eoghain chun na focail Ghaeilge ar an gcomhartha a scriosadh.

Ní hé seo an chéad uair i mbliana a ndearnadh dochar mar seo don chomhartha dátheangach gar do Chionn Aird i dTír Eoghain.

Dúirt Colm Gildernew, ball tionóil de chuid Shinn Féin d’Fhear Manach agus Tír Eoghain Theas, gur léirigh an loitiméireacht a rinneadh ar na comharthaí bóthair sa cheantar an gá le reachtaíocht a thabhairt isteach leis an teanga a chosaint.

Dúirt sé gur beart in aghaidh mhianta mhuintir na háite atá sna hionsaithe seo.

Tuairiscíodh i mí Mheán Fómhair go raibh ar chomhairlí ó thuaidh nach mór 60 comhartha a loiteadh toisc Gaeilge a bheith orthu a dheisiú nó a chrochadh athuair le trí bliana anuas.

De réir eolas a cuireadh ar fáil scriosadh 58 comhartha poiblí dátheangach i gceithre cheantar comhairle ó 2015 agus £8,188 a caitheadh le deisiú na gcomharthaí agus le crochadh comharthaí nua ina n-áit. 

De réir figiúirí a fuair an Irish News ba i gceantar Lár Uladh, mar a ndearnadh díobháil do 27 comhartha, is mó a bhí loitiméirí frith-Ghaeilge i mbun díobhála.

24 comhartha a scriosadh i gceantar Chomhairle an Iúir, Mhúrn agus an Dúin, cúig cinn a scriosadh i gceantar Chomhairle Fhear Manach agus na hÓmaí agus rinneadh díobháil do dhá chomhartha i gceantar Chomhairle Dhoire agus an tSratha Báin.

Le péint agus graifítí a scriosadh formhór na gcomharthaí ach dódh cinn eile agus baineadh roinnt acu anuas ar fad

Mí Lúnasa seo caite bhain lucht loitiméireachta frith-Ghaeilge anuas dhá chomhartha do na seirbhísí éigeandála, seirbhísí otharchairr san áireamh, in Áth na Long i gcontae an Dúin.

Fág freagra ar '‘UDA’ smeartha ar an nGaeilge ar chomhartha bóthair dátheangach'