Cáineadh déanta ar loitiméireacht ar chomhartha ‘Lár Uladh’ i dTír Eoghain

Deir an ball tionóil d’Fhear Manach Theas Colm Gildernew (SF) gur léiriú a leithéid de ghníomh loitiméireachta ar an ngá atá le hacht Gaeilge

Cáineadh déanta ar loitiméireacht ar chomhartha ‘Lár Uladh’ i dTír Eoghain

Tá cáineadh déanta ar lucht loitiméireachta a spréigh péint ar an nGaeilge ar chomhartha dátheangach i dTír Eoghain.

Dúirt an ball tionóil d’Fhear Manach Theas Colm Gildernew gur léiriú a leithéid de ghníomh loitiméireachta ar an ngá atá le hacht Gaeilge a thabhairt isteach chun cearta teanga a chosaint.

“Is léiriú an loitiméireacht seo ar an dearcadh atá ag roinnt daoine sa tsochaí nach bhfuil meas madra acu ar an bhféiniúlacht Éireannach. Níl aon leithscéal ann dá leithéid seo loitiméireachta agus ní ghlacfar leis.

“Aon duine a bhainfeadh anuas nó a dhéanfadh dochar do chomhartha is gníomh coiriúil atá ar siúl aige agus ba cheart tuairisc faoi a chur go dtí an PSNI. Léiríonn eachtraí  mar seo go soiléir an gá atá le cearta teanga a chosaint faoi Acht na Gaeilge,” arsa Colm Gildernew, ball tionóil de chuid Shinn Féin.

Ní hé seo an chéad uair a ndearnadh dochar mar seo do chomharthaí dátheangacha sa cheantar seo. I mí na Nollag seo caite, mar shampla, rinneadh loitiméireacht ar an nGaeilge ar chomhartha de chuid Chomhairle Ceantair Lár Uladh ar dhroichead Phort Chluain Eoghain. Le bliain go leith anuas rinneadh loitiméireacht ar an nGaeilge ar timpeall 25 comhartha i ndeisceart an Dúin.

Tá teannas ar leith faoi chúrsaí teanga faoi láthair mar gheall ar theip na gcainteanna polaitiúla de bharr easaontais faoi acht Gaeilge.

Dúirt David McNarry, iarcheannaire UKIP ó thuaidh, le déanaí nach mbeadh aon leisce air féin “an dlí a bhriseadh” agus aon chomhartha i nGaeilge a chuirfí suas ar a shráid féin “a tharraingt anuas”.

Dúirt McNarry nach raibh faoi daoine eile a ghríosú chun an dlí a shárú ach gurb amhlaidh go raibh seasamh á thógáil aige chun a chuid “Briotanachais féin a chosaint”.

“Glacaim leis gur sárú ar an dlí a bheadh ann comhartha a tharraingt anuas, ach tá sé in am d’aontachtaithe a rá ‘sin sin, sin ár ndóthain’,” a dúirt McNarry.

Fág freagra ar 'Cáineadh déanta ar loitiméireacht ar chomhartha ‘Lár Uladh’ i dTír Eoghain'