An Ghaeilge ‘dóite’ ag lucht loitiméireachta ar roinnt comharthaí bóthair i dTír Eoghain

Deir Colm Gildernew, ball tionóil de chuid Shinn Féin d’Fhear Manach agus Thír Eoghain Theas, go bhfuil feachtas leanúnach ar bun ar mhaithe le drochmheas a léiriú ar an fhéiniúlacht Éireannach

An Ghaeilge ‘dóite’ ag lucht loitiméireachta ar roinnt comharthaí bóthair i dTír Eoghain

Tá géarcháineadh déanta ar lucht loitiméireachta a loisc an Ghaeilge ar dhá chomhartha bóthair i ndeisceart Thír Eoghain le linn an deireadh seachtaine.

D’fhág an loitiméireacht go bhfuil spota mór dubh san áit a mbíodh an Ghaeilge le feiceáil ar na comharthaí dátheangacha i gCoill a Leasa i nDún Geimhin agus san Eanach Rua i gCionn Aird i gContae Thír Eoghain. 

Dúirt Colm Gildernew, ball tionóil de chuid Shinn Féin d’Fhear Manach agus Tír Eoghain Theas, gur léirigh an loitiméireacht a rinneadh ar na comharthaí bóthair an gá le reachtaíocht a thabhairt isteach leis an teanga a chosaint.

“Seo an t-ionsaí is déanaí i sraith ionsaithe a rinneadh ar chomharthaí bóthair Gaeilge ar fud dheisceart Thír Eoghain. Níl aon leithscéal don chineál loitiméireachta seo agus ní féidir glacadh leis,” a dúirt Gildernew. 

Dúirt sé gur beart in aghaidh mhianta mhuintir na háite atá sna hionsaithe seo.

“Téann comharthaí fríd dianphróiseas pobail sula gcrochtar iad, mar sin is beart in aghaidh thoil mhuintir na háite atá sna hionsaithe,” a dúirt Gildernew.

Dúirt sé go raibh an loitiméireacht a rinneadh ar na comharthaí i nDún Géibhinn agus i gCionn Aird mar chuid d’fheachtas ar mhaithe le drochmheas a léiriú ar an Ghaeilge, feachtas ar cheart “do chách” é a cháineadh.

Dúirt sé gur “gá d’aontachtaithe a bhfuil glór polaitiúil acu ceannasaíocht a léiriú faoin cheist”, ach gur cruthúnas a dtost ar a n-easpa “measa” ar fhéiniúlacht na hÉireann.

Thug sé le fios go bhfuil scéal curtha faoi bhráid an PSNI aige faoi na hionsaithe ar na comharthaí bóthair agus go bhfuil sé ag súil go dtabharfaidh aon duine a bhfuil eolas aige faoin “choiriúlacht náireach” seo an t-eolas sin do na húdaráis.

Ní hé seo an chéad uair a rinneadh dochar mar seo do chomharthaí dátheangacha sa cheantar seo. I mí Feabhra rinneadh loitiméireacht dá leithéid ar chomhartha de chuid Chomhairle Ceantair Lár Uladh. I mí na Nollag seo caite rinneadh loitiméireacht ar an Ghaeilge ar chomhartha eile de chuid na Comhairle Ceantair ar dhroichead Phort Chluain Eoghain. Le bliain go leith anuas rinneadh loitiméireacht ar an Ghaeilge ar timpeall 25 comhartha i ndeisceart an Dúin.

Fág freagra ar 'An Ghaeilge ‘dóite’ ag lucht loitiméireachta ar roinnt comharthaí bóthair i dTír Eoghain'

  • Breathnóir

    Ós rud é go bhfuil an DUP go mór ar son ´´iolrachais agus ilchultúrachais´´, de réir an méid a dúirt a gceannaire, Arlene Foster, cúpla lá ó shin, is cinnte go mbeidh an páirtí ag cáineadh na n-ionsaithe go láidir…
    Nach mbeidh?