Uair na cinniúna ag teacht don dara cúrsa Gaeilge Ardteiste do chainteoirí líofa

Tá comhairle faighte ag an Aire Oideachais go mbeidh cás na bpointí bónais don chúrsa nua Gaeilge go mór i mbéal an phobail an bhliain seo chugainn

Uair na cinniúna ag teacht don dara cúrsa Gaeilge Ardteiste do chainteoirí líofa

Tá uair na cinniúna ag teacht don chúrsa Gaeilge Ardteiste nua do chainteoirí líofa, cúrsa atá á éileamh ag saineolaithe oideachais le beagnach 40 bliain anuas.

Tá comhairle faighte ag an Aire Oideachais go mbeidh cás na bpointí bónais don chúrsa nua Gaeilge go mór i mbéal an phobail an bhliain seo chugainn, agus is léir go bhfuil oifigigh a Roinne den tuairim go gcaithfear cinneadh a dhéanamh faoin scéal sula fada.

Tá saineolaithe go leor den tuairim gurb é an teip a bheidh i ndán don chúrsa nua Gaeilge mura mbeidh marcanna breise ar fáil as tabhairt faoi, ach ní léir, go fóill pé scéal é, go bhfuil an goile ann sa Roinn Oideachais na marcanna bónais a thabhairt isteach.

Tá dhá chúrsa nua á bhforbairt faoi láthair ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (NCCA) don Ghaeilge san Ardteist, cúrsa níos dúshlánaí do chainteoirí dúchais agus cainteoirí líofa eile agus cúrsa do dhaltaí eile na tíre.

Tá an dá dhréachtchúrsa – T1 agus T2 – le foilsiú an bhliain seo chugainn agus táthar ag súil le tús a chur le próiseas comhairliúchán poiblí faoi na cúrsaí nua “faoi cheann roinnt míonna”.

Dúirt an tAire Oideachais Norma Foley le Tuairisc.ie níos túisce i mbliana nach bhfuil aon chinneadh déanta fós aici maidir le cé acu an mbeidh nó nach mbeidh pointí bónais ar fáil chun spreagadh a thabhairt do dhaltaí Ardteiste tabhairt faoin gcúrsa nua Gaeilge atá á fhorbairt do chainteoirí líofa.

Ach is léir ó cháipéis a foilsíodh an tseachtain seo go gcreideann oifigigh a roinne go mbeidh ar an Aire dul i ngleic leis an gceist sula fada.

Deirtear sa cháipéis eolais a ullmhaíodh don Aire go bhfuil “suim mhór” ag pobal na Gaeilge agus grúpaí eile i gceist na marcanna bónais don chúrsa nua agus gur dócha go dtiocfaidh sin chun cinn sa phróiseas comhairliúcháin phoiblí. Deirtear nach ceist don NCCA “ó cheart” ceist na marcanna bónais.

Meabhraítear don Aire sa cháipéis eolais go bhfuil na cúrsaí nua Gaeilge ina gcuid lárnach de Pholasaí Oideachais Gaeltachta an Rialtais.

Ní luaitear marcanna bónais a bheag nó a mhór sa pholasaí sin, locht a fuarthas ar an gcuid sin den pholasaí nuair a foilsíodh é.

Deirtear sa pholasaí go gcuirfear ceangal ar scoileanna Gaeltachta an cúrsa nua a chur ar fáil dá gcuid scoláirí agus spreagadh a thabhairt dóibh tabhairt faoi.

Gealltar go dtabharfar bearta isteach chun an spreagadh sin a thabhairt do scoláirí ach ní luaitear ar na bearta sin ach scéim sparántachta tríú leibhéal do dhaltaí a bhaineann grád áirithe amach sa chúrsa nua agus an cúrsa nua a bheith riachtanach do chúrsaí áirithe ‘Gaeilge’ ag an tríú leibhéal.

Ag labhairt di le Tuairisc.ie níos luaithe i mbliana, dúirt an tAire Foley gur “gnó casta” atá i bhforbairt na gcúrsaí nua agus sa cheist faoi conas “spreagadh” a thabhairt do dhaltaí i scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge an cúrsa níos dúshlánaí a dhéanamh.

Dúirt an tAire Oideachais go raibh oifigigh a Roinne agus an NCCA “ag breithniú raon saincheisteanna” maidir le bunú na gcúrsaí nua Gaeilge agus nach raibh aon chinneadh déanta go fóill “maidir le pointí bónais a thabhairt isteach” mar spreagadh “chun staidéar ar an tsonraíocht T1 a chur chun cinn”.

Tá COGG ar cheann de na heagrais oideachais a bhfuil amhras mór orthu faoi rath an chúrsa nua cheal luach saothair a bheith le fáil as. Chuir Cathaoirleach COGG Dónal Ó hAiniféin an t-amhras sin in iúl ag cruinniú de choiste Oireachtais anuraidh.

Deirtear i dtaighde a rinne Lárionad Gaeilge Ollscoil Mhá Nuad faoi chúrsa Gaeilge na hArdteiste gur ceist mhór í ceist an éilimh a bheidh ar an gcúrsa nua Ardteiste do scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge.

“An féidir nach mbeidh fonn ar dhaltaí tabhairt faoin scrúdú is dúshlánaí mura bhfuil buntáiste breise ann dóibh?” a fhiafraítear sa tuarascáil Leasuithe ar Scrúdú Gaeilge na hArdteistiméireachta: Anailís ar a dTionchar.

Tá an dara siollabas Gaeilge don Ardteist á éileamh le beagnach dhá scór bliain. Tá saineolaithe oideachais éagsúla den tuairim go dteastaíonn dúshlán níos mó ó chainteoirí dúchais agus cainteoirí líofa eile má táthar chun forbairt a dhéanamh ar a scileanna teanga.

Cúrsa atá á éileamh a mbeadh an dúshlán agus an fhorbairt phearsanta chéanna ag baint leis is a bhaineann, mar shampla, leis an siollabas ardleibhéil Béarla.

Fág freagra ar 'Uair na cinniúna ag teacht don dara cúrsa Gaeilge Ardteiste do chainteoirí líofa'

  • Bríd

    An dream a bhrúigh an tsonraíocht nua T1 ag iarraidh na cosa a thabhairt leo anois! Go bhfóire Dia ar an nGaeilge bhocht agus a leithéidí san Ardchathair ag sáigh a ladar isteach i gCúrsaí Gaeltachta & na Gaeilge.