Tuilleadh maoinithe geallta do mhná tí ag Aire Stáit na Gaeltachta

Cead ag teaghlaigh a d’éirigh as lóistín a chur ar fáil do scoláirí Gaeltachta cur isteach ar dheontas nua feasta

Tuilleadh maoinithe geallta do mhná tí ag Aire Stáit na Gaeltachta

Deir Aire Stáit na Gaeltachta go bhfuil súil aige airgead breise a fhógairt do mhná tí choláistí samhraidh na Gaeltachta i mbliana.

Agus é ag labhairt faoi chúrsaí buiséid i Roinn na Gaeltachta, thug an tAire Stáit Patrick O’Donovan le fios go mbeadh sé sásta tuilleadh maoinithe a chur ar fáil dóibh siúd a bhíonn ag cur lóistín ar fáil do scoláirí na gcoláistí samhraidh.

Dúirt an Teachta Dála de chuid Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh, leis an Aire Stáit gur léir go raibh fadhb ann i dtaobh mná tí a choinneáil agus a mhealladh go dtí an earnáil agus gur theastaigh airgead breise chun tacú leo.

“B’fhéidir go mbeadh seans againn an t-ábhar sin a phlé amach anseo sa choiste nó sa Dáil mar tá an-chuid suime san ábhar sin agus tá súil agam go mbeidh an Roinn in ann cabhair eile a thabhairt do na mná tí amach anseo,” a dúirt an tAire Stáit O’Donovan mar fhreagra ar an méid a bhí le rá ag Ó Snodaigh.

Dúirt an tAire Stáit go raibh sé chun an scéal a phlé le hoifigigh Roinn na Gaeltachta agus go dtiocfadh sé ar ais go dtí an Ó Snodaigh arís chun an cheist a phlé leis.

Dúirt Ó Snodaigh, urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Shinn Féin, gur fhág an t-ardú ar an gcostas maireachtála go raibh na mná tí agus na coláistí samhraidh i “sáinn” agus go raibh airgead breise de dhíth.

Chuir an Rialtas tús le scéim nua roimh an Nollaig chun deontais a chur ar fáil do dhaoine ar mhaith leo clárú chun lóistín a chur ar fáil do scoláirí. Is fiú suas le €6,000 na deontais, atá le caitheamh ar threalamh maolaithe dóiteáin agus troscán.

Nuair a fógraíodh an scéim ar dtús, ní raibh ach teaghlaigh a bhí ag iarraidh clárú den chéad uair chun lóistín a chur ar fáil incháilithe ach, de réir comhfhreagrais a chuir an Roinn chuig na Coláistí Samhraidh an tseachtain seo, beidh teaghlaigh a d’éirigh as lóistín a chur ar fáil cúig bliana nó níos faide ó shin cáilithe feasta.

Léirigh figiúirí a foilsíodh an mhí seo caite nach raibh ach naonúr tar éis cur isteach ar an scéim sna chéad trí mhí ó tugadh isteach í.

D’ardaigh an Roinn an deontas laethúil a íocann an Roinn le mná tí in 2022 freisin. €12 in aghaidh an dalta in aghaidh na hoíche a íocfar le mná tí ó cuireadh euro d’ardú leis an liúntas laethúil anuraidh.

Ó 2019 shocraigh 25% den 700 bean tí a bhíodh ag coinneáil scoláirí éirí as agus measadh go raibh na coláistí samhraidh gann 1,800 leaba anuraidh.

Fág freagra ar 'Tuilleadh maoinithe geallta do mhná tí ag Aire Stáit na Gaeltachta'

  • Micheál ó Máirtín

    Níl an t-ardú a thug an Roinn do mhná na dtithe go dtí seo réadúil agus an costas maireachtála ardaithe chomh mór sin le bliain anuas. Tiocfaidh deireadh leis na coláistí mura mbeidh an Roinn sásta an ráta lae a mhéadú le cuidiú leis na mná fanacht sa scéim.

    Coláiste Mhuire Loch an Iúir