Gan ach naoi n-iarratas faighte ar dheontas do mhná tí nua

Tá titim mhór tagtha ar líon na mban tí a chuireann lóistín ar fáil ar fud na Gaeltachta agus tá níos lú scoláirí ag freastal ar chúrsaí dá bharr

Gan ach naoi n-iarratas faighte ar dheontas do mhná tí nua

Níor chuir ach naonúr isteach ar scéim stáit le mná tí nua a mhealladh le scoláirí a choinneáil do choláistí samhraidh na Gaeltachta.

Deir lucht na gcoláistí samhraidh gur léiriú a laghad iarratas atá déanta ar an deontas €6,000 nach leor na hiarrachtaí atá á ndéanamh chun tuilleadh ban is fear tí a mhealladh.

Fógraíodh an deontas nua,  €6,000 in áit €2,000, an fómhar seo caite.

Contae Líon Iarratas 2023
Gaillimh 2
Dún na nGall 4
Maigh Eo 2
Ciarraí 1
Corcaí
Port Láirge

Líon na n-iarratas ar dheontas tosaithe do mhná tí

Ó 2019 shocraigh 25% den 700 bean tí a bhíodh ag coinneáil scoláirí éirí as.

Tá titim mhór tagtha ar líon na mban tí a chuireann lóistín ar fáil ar fud na Gaeltachta agus tá níos lú scoláirí ag freastal ar chúrsaí dá bharr.

Meastar gur 150 bean tí a d’éirigh as anuraidh agus go raibh na coláistí samhraidh gann ar 1,800 leaba.

Deir na coláistí samhraidh go bhfuil géarchéim le tamall ann mar gheall ar easpa lóistín.

Dúirt Páidí Ó Sé, bainisteoir Chomharchumann Chorca Dhuibhne, go bhfuil locht mór ar an chóras i gcónaí.

“Tá poll mór sa bhád agus ní dheiseoidh deontas na Roinne an poll san. Cabhraíonn an deontas ach is léir ó na figiúirí nach meallfaidh sé dóthain daoine go dtí an earnáil agus nach gcuirfidh sé deireadh leis an gcreimeadh ó thaobh líon na mban tí,” arsa bainisteoir Chomharchumann Chorca Dhuibhne.

Dúirt Páidí Ó Sé go gcaithfí féachaint “níos doimhne” ar an scéal agus teacht ar “shlite cruthaitheacha” eile le dul i ngleic leis an fhadhb lóistín.

Tá sé i gceist ag Comharchumann Chorca Dhuibhne coláiste samhraidh a mbeidh lóistín ann a thógáil i mBaile an Fheirtéaraigh.

Dúirt Paidí Ó Sé, gur éirigh triúr déag ban tí as an chúram i mbliana agus gur tháinig laghdú 27% ar líon na mban tí ag Coláistí Chorca Dhuibhne ó 2019.

Dúirt Máire Denvir, Oifigeach Caidrimh Poiblí CONCOS, scátheagraíocht na gcoláistí samhraidh, go gcaithfí athbhreithniú a dhéanamh ar an earnáil agus nach leor an deontas tosaithe le mná agus fir tí a mhealladh.

“Is léir nach leor é le daoine a ghríosú le teacht isteach san earnáil agus is léir go bhfuil na coinníollacha a bhaineann leis an deontas a fháil i bhfad ró-chúng agus ró-shrianta. Ní chailíonn tithe a d’éirigh as agus a bheadh ag iarraidh filleadh don deontas, mar shampla.

“Seo earnáil a bhfuil sé an-tábhachtach don Ghaeltacht agus don tír ar fad go mairfidh sí agus tá géarghá le hathbhreithniú a dhéanamh uirthi.

“Tá an-chontúirt ann mura mbreathnaíonn an stát go dearfach ar an earnáil trí chéile nach mairfidh sí. Caithfear a bheith cruthaitheach le cuidiú leis an tionscal ag an bpointe seo,” a dúirt Máire Denvir.

Dúirt Éamon Ó Cuív, an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil a fuair an t-eolas faoi líon na n-iarratas ar an deontas, go raibh práinn ag baint leis an fhadhb lóistín agus an samhradh ag teacht.

“Tá gá le gníomh láithreach leis an obair a dhéanamh níos tarraingtí le tuilleadh daoine a mhealladh isteach san earnáil. Tá an margadh athraithe, tá titim thubaisteach ar líon na mban tí agus tá gá le scéim nua. Teastaíonn sin anois,” arsa Ó Cuív.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta, Patrick O’Donovan go rabhthas ag súil go dtiocfadh ardú ar líon na n-iarratas roimh an samhradh.

“Ós rud é go mbíonn iarratais á ndéanamh ar bhonn leanúnach ag an tráth seo bliana, táthar ag súil le tuilleadh iarratas idir seo agus tús shéasúr na gcoláistí mar is iondúil. Déanfar iad a mheas de réir a chéile idir seo agus samhraidh 2023.

“Táim sásta go bhfuil an chistíocht bhreise atá ceadaithe le bliain anuas mar thaca breise do na coláistí ag cabhrú le coláistí tuilleadh teaghlaigh a mhealladh le lóistín a chur ar fáil dóibh.”

Dúirt an tAire Stáit gur cláraíodh 39 teach nua faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge de chuid na Roinne in 2022 i gcomparáid le 34 in 2019.

€11 in aghaidh an dalta in aghaidh na hoíche a íoctar le mná tí ó ardaíodh an liúntas ó €10 anuraidh.

Fág freagra ar 'Gan ach naoi n-iarratas faighte ar dheontas do mhná tí nua'

  • Dónall Mac Billing(s)/Bilie

    *****************************************************************************************
    http://artpickle.com/index.cfm?artpage=webhome&webtab=testsite&webid=11059
    *****************************************************************************************

    Obair athbhreithnithe a dhíth

    — SUIM sa Teanga ar dtús agus GRÁ di —

    Idir Mhaoiniú ón Cháináisnéis, Straitéis 20 Bliain na Gaeilge, Acht na dTeangacha Oifigiúla 2021 (leasaithe) agus ‘Taighdí éagsúla’ beidh an Mhéar agus an Ciste Stáit ag iarraidh níos faide agus níos folaimhe leis an Teanga Dhúchais a chur ar na sráideanna arís agus sa cliabhán.

    B’feidir go dtarlódh an Ghaeilge a bheith i mbéal an duine a mbeadh suim aige/aici inti i gceann 100 bliain eile.

    Cothaigh SUIM sa Teanga in aghaidh an Chultúir Angla-Mhéiriceánaigh ar dtús agus ‘An t-Acht Teanga’ a chur i bhfeidhm sna Sé Chontae mar is ceart.

    Sa Deisceart fostaigh aistritheoirí dhátheangacha sna Ranna áirithe rialtais ag obair as lámha a chéile leis na Stáitseirbhísigh agus an Phobal sna Gaeltachtaí agus sna Galltachtaí.

    Lean ar aghaidh le cúrsaí maoinithe agus obair athbhreithnithe ina dhiadh sin.

    Labhair í agus mairfidh sí agus Fásfaidh sí.

    Is mise le dóchas

    Dónall Mór Mac Billings

    Mac na Reablóide Teanga agus Polaitíochtaí
    Iar-Chime Poblachtach
    sa Ghaeltacht/Jailteacht
    Bloc E,
    Ardán 1
    Príosún Phort Laoise
    Port Laoise

    Cnag ar seo le bhur dtoil :-

    *****************************************************************************************

    http://artpickle.com/index.cfm?artpage=webhome&webtab=testsite&webid=11059

    *****************************************************************************************