Tuige ar imíodar as ‘Ireland’s most picturesque village’?

Tá an rud a dtugtar ‘the law of unintended consequences’ ag baint le háilleacht, dúlra agus suaimhneas Chonamara

Tuige ar imíodar as ‘Ireland’s most picturesque village’?

Lá feannta geimhriúil. An glas ar mhórán chuile dhoras – ciúnas. Cúpla míle siar ó shráidbhaile Chloch na Rón. Sa deireadh, fear, mar a bheadh sé théis filleadh ón gcladach agus idir allas agus sáile ar a ghrua. B’fhéidir go mbeadh vóta amháin ar a laghad ar fáil. “Deamhan mórán daoine thart anseo,” arsa Seosamh Ó Cuaig agus é ag stocaireacht do thoghchán Comhairle Contae.

“Níl,” a deir fear an chladaigh agus é ag déanamh ceirtlín de phíosa de rópa. “D’imigh siad.” Sos sa gcomhrá. “Agus tuige gur imíodar?” a d’fhiafraigh Ó Cuaig. “Óra,” a deir fear an chladaigh agus é ag cur an cheirtlín i dtaisce, “Cén chaoi a bhfanfaidís? Tá daoine ag súil le bealaí maireachtála Dallas anois; ní féidir é sin a bheith agat ar an dól.”

Sách ráite.

Ní raibh mórán dóchais sa bpictiúr sin d’fhear a bhí sa tóir ar vótaí. Gaoth aduaidh ina soinneáin thrí chlaíocha cloiche. Glais ar dhoirse. Gan duine le feiceáil ach fear an chladaigh. Chaithfí fanacht go samhradh nó go lasfaí na soilse aríst. Tithe saoire a bhí thart anseo anois den chuid ba mhó.

Ní hé seo an pictiúr atá sna meáin shóisialta le beagán laethanta agus ceannteidil mhóra fheiceálacha leo:

‘Roundstone is Ireland’s most picturesque village.’ Ní bréag é sin.

An-mholtach atá na scríbhneoirí ar an mbaile álainn agus ar na radharcanna ildathacha maorga idir uisce agus sléibhte atá le feiceáil ar chuile thaobh. Níl trácht, ná tásc ná tuairisc, ar an bhfear a chuir a cheirtlín de róipín i dtaisce sa scailp – pé ar bith áit ar chuir sé a vóta.

Níl an fear sin, ná a mhacasamhail, sa gcomhaireamh sna pictiúir ildathacha.

Ach is cinnte dearfa go bhfuil an pictiúr ildathach ann. Tá baile seo Chloch na Rón a bunaíodh in 1820 ar imeall thiar Chonamara chomh gleoite agus atá sa tír ach a scalann an ghrian as na spéartha ó dheas. Is beag an t-iontas é go bhfuil tarraingt ag lucht tithe saoire ar Chloch na Rón. Go deimhin, cúpla mí ó shin, chuaigh teach cúpla míle siar an bóthar os cionn €2 milliún. Ní bheadh an teach sin mórán achair ón áit ar chuir fear an chladaigh barainn ar an gceirtlín sa scailp.

Is beag nach bhféadfadh an teach sin a bheith i Dallas. Ach bhí saol eile ann, nuair nach raibh.

Ní hé amháin nach raibh bealaí maireachtála Dallas ann – mar a deir fear an chladaigh – ach ní raibh saol an fichiú, ná an fiche a haonú aois ann d’fhormhór na ndaoine. D’imigh siad. Laghdaigh an daonra. Chuaigh an pobal i dtreo na haoise. Dúnadh scoil Thuaim Beola, dúnadh scoil Inis NÍ. Níl fanta ach bunscoil amháin sa bpobal. Seo léargas ar an lagan atá ar scoil sin Chloch na Rón féin le dhá scór blianta:

Líon na ndaltaí

1983 – 116

1993 – 75

2013 – 27

2023 – 21

21 gasúr bunscoile fanta.

Ar bhealach ait, tá an rud ar ar thug an socheolaí Meiriceánach, Robert K. Merton “the law of unintended consequences” ag baint le háilleacht agus dúlra agus suaimhneas Chonamara. D’fhéadfadh áilleacht, maorgacht agus gnéithe aiceanta na háite a bheith ina namhaid do chroí an cheantair. Agus cár fhág tú an rud ar a dtugtar an éagsúlacht bhitheolaíochta atá luaite leis.

Cé gur ar éigean gur bheag údar suntais d’fhear an chladaigh an éagsúlacht bhitheolaíochta sin, tá neart di i gceantar Chloch na Rón, de réir na saineolaithe. Níl cineál copóige ná mianach tráithnín sa saol nach bhfuil ann, a deirtear sna habairtí ildathacha atá scríofa le beagán laethanta faoin ‘most picturesque village in Ireland’.

Chuaigh an scéal faoi Phortach Chloch na Rón don Bhruiséil. Chaithfí an fraoch a chosaint, a dúradh, agus brat srianta géara timpeallachta a chur sa mullach ar Phortach Chloch na Rón, agus ar chuile orlach eile den cheantar. Tugadh isteach flúirse rialacha a bhaineann le Ceantair Speisialta Chaomhnaithe, rialacha daingne ionas gurb ar éigean gur féidir aon athrú a chur orthu go brách. Sin é an Bíobla sa mBruiséil anois, é á leanacht go dlúth in Éirinn freisin.

I gConamara, tá ceist an chead pleanála chomh conspóideach agus go bhfuil lucht an Chumainn Tráchtála sa réigiún ag fógairt go bhfuil na pobail uilig ar fud na háite i mbaol. Cuirfidh Cumann Tráchtála Chonamara cáipéisí faoi go leor codanna den dlí pleanála faoi bhráid Phríomhfheidhmeannach Chomhairle Chontae na Gaillimhe ag cruinniú an tseachtain seo. Maíonn siad go bhfuil neart cruthúnais iontu sin a thaispeánfaidh go bhfuil sé fíordheacair agus fíorchostasach cead pleanála a fháil i gConamara. Tá áilleacht agus timpeallacht na háite ag teacht salach ar mhianta na ndaoine óg – sin cónaí sa mbaile. Is ar éigean gur cheap lucht dréachtaithe na gceangal caomhnaithe go mbeadh toradh mar sin ar na bearta a cheapadar amach. Is ar éigean gur chuimhnigh siad ar a leithéid de rud.

Ar ndóigh, tá easpa fostaíochta – obair a bheadh feiliúnach do dhaoine óga oilte an lae inniu – agus easpa bóithre agus seirbhísí ar chaighdeán sásúil ina ndris chosáin roimh dhaoine a bheadh ag cuimhneamh maireachtáil 365 lá sa mbliain in ‘Ireland’s most picturesque village’.

Ach mar bharr ar chuile chonstaic acu sin tá daoine óga sáraithe ag an gcóras pleanála. Tá siad ina gcónaí i gceantar speisialta ‘picturesque’, gach a bhfuil fanta acu.

Fág freagra ar 'Tuige ar imíodar as ‘Ireland’s most picturesque village’?'

  • Iarmhairtí gan choinne, mar dhia...

    B’fhéidir gur cheap agus seans maith gur chuimhnigh!