TUAIRISC ÓN ÍSILTÍR: Mark Rutte, an príomhaire atá déanta as polaiteitreafluaireitiléin

Mura dtiocfaidh cor gan choinne sa scéal atoghfar Mark Rutte ina phríomhaire ar an Ísiltír don cheathrú huair as a chéile inniu 

TUAIRISC ÓN ÍSILTÍR: Mark Rutte, an príomhaire atá déanta as polaiteitreafluaireitiléin

Mark Rutte. Pictiúr: Monika Flueckiger

Tá rud éigin faoi Mark Rutte a mheabhródh Bertie Ahern, an t-iarThaoiseach a bhí déanta as Teflon, do dhuine. As an ábhar céanna – polaiteitreafluaireitiléin – shílfeá, atá Mark Rutte déanta. Na botúin a rinne sé sa troid i gcoinne an choróinvíris, an cuirfiú oíche a chuir sé i bhfeidhm ‘i gcoinne a thola féin’ ach nár chuir sé ar ceal fós in ainneoin a chuid geallúintí (agus in ainneoin na gcíréibeacha a spreag an riail chéanna), agus ‘scannal na liúntas cúram leanaí’ ba chúis le titim a rialtais dhá mhí ó shin, fiú amháin: ní bhaineann siad dó.

Mura dtiocfaidh casadh gan choinne sa scéal, atoghfar Mark (mar is fearr aithne air san Ísiltír) ina phríomhaire den cheathrú huair as a chéile inniu – rud a fhágfaidh go mbeidh sé sa diallait ar feadh tréimhse níos faide ná aon cheannaire Eorpach eile nuair a éireoidh Angela Merkel na Gearmáine as i bhFómhar na bliana seo.

Ach cén chuma a bheidh ar cheathrú chomhrialtas Mark Rutte? Sin í an cheist.

De réir na bpobalbhreitheanna, beidh sciar chomh mór sin de na vótaí ag páirtí nualiobrálach Rutte, an VVD, go mbeidh an páirtí sin a dhá oiread níos mó ná aon pháirtí eile. Ach tá iomaíocht ghéar ann don dara, don tríú agus don cheathrú háit. Idir Geert Wilders, ceannaire iomráiteach an pháirtí fhrith-Ioslamaigh agus frith-Eorpaigh PVV, Wopke Hoekstra na nDaonlathach Críostaí (CDA) agus Sigrid Kaag an pháirtí D66, atá oiread na fríde ar chlé ón lár agus atá go láidir ar son na haeráide, atá an imirt.

Maidir le Geert Wilders: tá idir 20 agus 24 den 150 suíochán parlaiminte á dtuar dá pháirtí PVV, ach tá sé ráite ag ceannairí fhormhór mór na bpáirtithe eile, Mark Rutte san áireamh, nach go rachaidh siad i gcomhrialtas leis. Lena chois sin, go stairiúil is iad 

lucht vótála an PVV is mó a fhanann sa bhaile má chuireann drochaimsir nó dálaí eile as don vótáil, agus táthar ag ceapadh gurb é páirtí Wilders is mó a bheidh thíos le holltoghchán a bheith ar siúl le linn paindéime.

Mar sin, tá chuile chosúlacht ar an scéal gurb iad Daonlathaigh Chríostaí an CDA agus liobrálaigh aeráide D66 a bheidh i gcomhrialtas faoi stiúir VVD Rutte arís eile – díreach mar a bhí sa rialtas a thit dhá mhí ó shin. Ní gá áfach go mbeidh an páirtí beag fíorChríostaí, ChristenUnie, mar chuid den chomhrialtas arís, mar a bhí an uair dheireanach; seans go mbeidh bheith istigh ag Lucht Oibre an PvdA, agus ag brath ar líon na suíochán a bhuafaidh VVD, CDA agus D66 seans nach mbeidh gá leis an gceathrú páirtí sa chomhrialtas ar chor ar bith.

Chuile sheans mar sin go bhfanfaidh cúrsaí nach mór mar a bhí sa Háig. Paindéim an choróinvíris is cúis leis sin, ar dhá bhealach. Ar an gcéad dul síos, chuir na srianta dianghlasála bac ar pholaiteoirí tabhairt faoi fheachtas ar an ngnáthbhealach. Ar an dara dul síos, ní nós le daoine i dtír ar bith droim láimhe a thabhairt do cheannaire i lár géarchéime, agus ar an gcaoi sin chuaigh an phaindéim chun tairbhe do Mark Rutte.

An é nach n-athróidh tada i dtírdhreach polaitiúil na hÍsiltíre, mar sin?

Ní hea go baileach. Tá roinnt páirtithe nua ag glacadh páirt san olltoghchán agus más fíor do na pobalbhreitheanna d’fhéadfadh an páirtí uile-Eorpach Volt suíochán nó dhó a bhuachaint. Dá dtarlódh sin (agus mura mbreathnaíonn tú ar Shinn Féin mar pháirtí ’idirnáisiúnta’) bheadh sé ar an gcéad uair riamh go ngnóthódh páirtí idirnáisiúnta suíochán i bparlaimint náisiúnta (tá Volt gníomhach i 12 tír Eorpach faoi láthair agus tá suíochán amháin acu i bParlaimint na hEorpa.)

Lena chois sin, beidh sé spéisiúil a fheiceáil céard a bheidh sa chinniúint don FvD (Forum voor Democratie, nó ‘Fóram ar son an Daonlathais’), páirtí a gcuirtear faisisteachas ina leith féin agus a gceannaire conspóideach Thierry Baudet go minic. D’éirigh go han-mhaith leis an bpáirtí sin i dtoghchán na gcomhairlí contae arú anuraidh agus tá an-tóir orthu ag an dream frithdhianghlasála agus ag lucht na dteoiricí comhcheilge, ach tá ráitis déanta ag Baudet le tamall de mhíonna anuas a bhí róchonspóideach do roinnt mhaith de na baill agus tá an páirtí tar éis scoilteadh dá bharr. Fearacht cás Geert Wilders, áfach, tá sé ráite ag formhór cheannairí na bpáirtithe móra seanbhunaithe nach nglacfaidh siad páirt i gcomhrialtas a mbeadh Thierry Baudet agus a FvD mar chuid de.

Fág freagra ar 'TUAIRISC ÓN ÍSILTÍR: Mark Rutte, an príomhaire atá déanta as polaiteitreafluaireitiléin'