TUAIRISC ÓN ÍSILTÍR: Ciníochas córasach de chuid an stáit ba chúis le titim tríú rialtas Mark Rutte

Dealraíonn sé go mbeidh sé níos deacra ar an rialtas sealadach a bheidh i bhfeidhm go dtí go reáchtálfar olltoghchán srian a choinneáil le scaipeadh an choróinvíris

TUAIRISC ÓN ÍSILTÍR: Ciníochas córasach de chuid an stáit ba chúis le titim tríú rialtas Mark Rutte

Samhlaigh go bhfaighfeá litir ó na Coimisinéirí Ioncaim ag cur in iúl duit go bhfuil ort na scórtha míle euro a aisíoc laistigh de sheachtain.

Tá calaois curtha i do leith.

Ní dhearna tú rud ar bith as alt ach níl ag éirí leat é sin a chruthú. Dúntar chuile dhoras i d’aghaidh.

Ní éiríonn leat an tsuim a aisíoc, ná na fiacha, ná an t-ús. Tá ort do theach a dhíol. Baintear díot do charr.

Samhlaigh go dtiocfadh sé chun solais ina dhiaidh sin go raibh baint ag do shloinne ón iasacht leis an scéal. Tá próifíliú eitneach déanta ort ag na Coimisinéirí Ioncaim, rud atá in aghaidh an dlí.

Samhlaigh anois go gcuirfí an rialtas ar an eolas faoi sin, ach nach ndearna an rialtas tada. Lean na Coimisinéirí Ioncaim ar aghaidh ag sárú bhunphrionsabail an stáit.

Idir 2013 agus 2019, tharla a leithéid do thart ar 26,000 tuismitheoir san Ísiltír a chuir isteach ar liúntas cúram leanaí. Bhí isteach is amach le 80,000 páistí thíos leis toisc gur fágadh a dtuismitheoirí beo bocht. Níor theaghlaigh ó chúlra inimirceach chuile theaghlach a buaileadh, ach léirigh fiosrúchán ciníochas córasach an stáit.

An éagóir sin ar fad ba chúis leis gur thit rialtas na hÍsiltíre an tseachtain seo caite. Ní raibh rogha ag an bpríomh-aire Mark Rutte ach éirí as, rud a chiallaíonn go bhfuil rialtas sealadach i gcumhacht anois agus an tír i lár ghéarchéim an choróinvíris.

Tá cinneadh an rialtais éirí as cáinte go géar ag an víreolaí aitheanta as an Ísiltír Marion Koopmans, ar ball í de choiste comhairleach eolaíochta na hEagraíochta Domhanda Sláinte. Agus í ar coraintín i gcathair Wuhan na Síne, áit a bhfuil sí féin agus eolaithe eile de chuid an WHO chun iarracht a dhéanamh a fháil amach faoi dheireadh is faoi dheoidh céard ba chúis le teacht chun cinn an choróinvíris, tvuíteáil sí gur ‘drocham ceart’ a bhí ann don rialtas titim. 

)

Dá thútaí ráiteas Koopmans i bhfianaise fhulaingt na dteaghlach ar fad ar sháraigh an stát a gcearta bunreachtúla, is léir cheana féin an tseachtain seo go raibh pointe éigin aici. Agus imní ar chách go mbeidh ardú mór millteach ar líon na gcásanna Covid-19 mar a tharla in Éirinn agus sa Bhreatain nuair a tháinig cineál nua den víreas chun cinn, teastaíonn ó mhacasamhail NPHET san Ísiltír agus ón bpríomh-aire Mark Rutte féin cuirfiú a chur i bhfeidhm san oíche anuas ar na srianta dianghlasála atá i bhfeidhm cheana. Ach dealraíonn sé anois nach mbeidh ar chumas an rialtais shealadaigh srian chomh tromchúiseach sin a chur i bhfeidhm.

Fiú sular thit tríú rialtas an liobrálaigh Mark Rutte, bhí olltoghchán beartaithe san Ísiltír ar Lá ’le Pádraig, ach tá caint ann le tamall anuas go gcuirfear an toghchán sin ar athlá go dtí go mbeidh sé níos sábháilte a leithéid a reáchtáil ó thaobh an choróinvíris de.

Gan dabht beidh tionchar mór ag éagóir agus ciníochas córasach an stáit a tháinig chun solais i scannal na liúntas cúram leanaí ar an toghchán sin nuair a reáchtálfar é.

Fág freagra ar 'TUAIRISC ÓN ÍSILTÍR: Ciníochas córasach de chuid an stáit ba chúis le titim tríú rialtas Mark Rutte'