TUAIRISC ÓN gCOLÓIM: Cheapas gurb é Gairdín Pharthais a bhí sroichte agam!

Thug ár gcomhfhreagraí coicíos ana-shuimiúil in aice le baile beag Felidia atá 1,700 méadar os cionn na farraige sa Cholóim

TUAIRISC ÓN gCOLÓIM: Cheapas gurb é Gairdín Pharthais a bhí sroichte agam!

D’fhágas Éire na báistí, na ngálaí is na dtuilte, gan ach cúpla lá fágtha in 2023 agus breis is cheithre uaire fichead ina dhiaidh san, dhúisigh glór binn na n-éan i lár coille mé i gcorplár an tsamhraidh agus é fós an 29ú lá Nollaig. Cheapas gurb é Gairdín Pharthais a bhí sroichte agam!

Bhíos ag caint le cara dhom ón mBriotáin an samhradh seo d’imigh tharainn agus bhíos ag rá léi gur bhreá lem chroí turas a thabhairt ar thír éigin i Meiriceá Theas mar ná rabhas riamh ann. “Teaspach gan dúchas agus éirí anairde gan cur leis” is dócha a lán dó ach gur mhaith liom a chuimhneamh gur suim sa bhfoghlaim an chúis ba mhó a bhí leis agus ‘fonn a dheineas fiach’!

Pé rud é ná dúirt sí liom go raibh a deirfiúr ag maireachtaint sa Cholóim le sé mbliana agus le dhá bhliain anuas ag obair le treibh dhúchasach, an Misak, agus ná beadh sí ann i bhfad eile mar go raibh sí ag filleadh ar an bhFrainc i mí Feabhra 2024. “Anois nó in aon chor,” arsa mise liom fhéin. Chuir sí i dteagmháil léi mé agus seo liom lem mháilín éadrom ar mo dhroim.

Turas fada níl aon bhaol air – go Bleá Cliath ó Chiarraí ar dtúis, as san go Barcelona i dtrí uair an chloig go leith, aon uair an chloig déag as san go Bogata na Colóime, uair an chloig eile ag eitilt as san go Cali agus breis is uair an chloig eile trí bhóithre cama casta agus trí shléibhte in Uber sular shroiseas Parthas! Bhíos in aice le baile beag Felidia, 1,700 méadar os cionn na farraige.

D’fhanas i dtigh beag aoibhinn ar feadh coicíse le Riwanon Gouez agus a cara ó Shasana ó dhúchas agus atá sa Cholóim le dosaen éigin bliain, Esmé McAvoy. Glasrach is ea duine acu agus vegan an duine eile agus dheineas maidir leo agus caithfead a rá go mbraitheas go diail tar éis coicíse den saghas san bia, gan aon rian feola ar mo phláta.

Tar éis oíche bhreá chodlata bhí ‘desayano’ nó bia na maidine agam leo agus ba bhlasta a bhí. Leite, síolta bláth gréine, caora difriúla, mangó agus caté nó avocado, le caife aoibhinn na Colóime. Bhí brioscaí ciorcalacha againn ag a dtugtar arépas, déanta as cruithneacht a bhí téite ar an ngás ar oiriúint iarainn le poill bheaga ann agus im cnó nó tahíní air. Bhí arán ar a dtugtar pan de bonó nó arán an duine mhaith leis againn, arán le cáis tríd agus cruth an donut air le poll ina lár. Uaireanta bhíodh plantán againn, saghas banana mór ná féidir a ithe gan é bheith cócarálta.

Is minic a d’itheamar lón i mbialanna lasmuigh agus bheadh do bholg lán ar bhéile a chosnódh €1.50. In ionad arán led anraith, is banana a gheofá go minic. Tá uisce ag teacht lem fhiacla agus mé ag cuimhneamh athuair air!

Bhí na cailíní ag míniú dhom i dtaobh cúrsaí polaitíochta na tíre agus mhíníodar dom go bhfuil cogaíocht inmheánach sa tír le 500 bliain ó tháinig na chéad Eorpaigh go dtí an áit. Bhí cogadh níos fíochmhaire ann le 60 bliain anuas idir na liobrálaigh agus lucht caomhnaithe, sé sin le rá na comhlachtaí móra idirnáisiúnta agus na dúchasaigh. Is le 10% des na daoine 80% den dtalamh agus ní gá dhom a rá cé leis an 10%!

Tá dhá phríomhdhream sceimhlitheoirí ann go bhfuil a lán daoine á marú acu agus iad á n-íoc ag comhlachtaí idirnáisiúnta, ag cur an teitheadh ar na gnáthdhaoine as a gcuid talún. Tá ana-dhrochmheas ar Smurfit na tíre seo agus a bhfuil de thalamh bainte amach acu leis an saghas seo sceimhlitheoireachta ar siúl acu. Crainnte a fhásann tapaidh á gcur acu chun páipéar donn a dhéanamh as le díol ar fuaid na cruinne. Is ait é seo mar labhair Roger Casement i dtaobh na héagóra seo i 1904 agus féach inniu sinn, comhlacht Éireannach atá ciontach as an éagóir gur dhein Casement tagairt di an uair sin.

Ansan tá Farc ann chun muintir na háite a chosaint agus a lán maruithe déanta acu fhéin. Níl an oiread measa ar Farc is a bhíodh mar bhí cuid acu a fuair craosach agus a chuaigh ag déanamh dóibh fhéin in ionad don dream a bhíodar in ainm is bheith ag cosaint.

Deirtear go mbeidh cogaíocht sa Cholóim go dtí go ndéanfar an cócaon dleathach agus is deacair é sin a shamhlú.

In 2016 thángthas ar shíocháin idir an dá dhream agus tá ana-fheabhas ar chúrsaí ach tá  a lán daoine á marú fós san áit. Toisc an áit a bheith níos síochánta ná mar a bhíodh, tá suim athuair ag comhlachtaí idirnáisiúnta, go háirithe ó Cheanada, Éirinn agus an tSín, sa tír fé bhráid mianadóireacht guail, óir, íle, páipéar srl.

Is crann beannaithe ag an bpobal dúchais an crann cóca (Kó Kath fuaimnithe), a fhásann go hard ins na hAindéis, go háirithe sa Cholóim, Peiriú, an Bholaiv agus Eacuadór. Itheann siad na duilleoga chun fuinneamh a thabhairt dóibh, chun ocras a bhaint díobh ar thuras fada, fé bhráid géire aigne agus é ana-mhaith don gcroí. Meascann siad iad le sliogán áirithe farraige a róstann siad ar dtúis agus a mhionnaíonn siad ina phúdar bán. Níl sé seo dleathach ach i Meiriceá Theas.

Is as a deintear an cócaon agus is masla dos na dúchasaigh é san mar is crann naofa beannaithe acu é. Úsáidtear a lán breosla peitril chun an púdar bán céanna a dhéanamh agus tá sé ráite dá gcífeadh an dream a úsáideann an cocaon an próiseas fhéin ná bacfaidís leis, tá an próiseas chomh salach míshláintiúil san.

Do mhargadh na hEorpa agus na Stát Aontaithe is mó a deintear é.

Tímpeall ar Chali, ceantar Caucan, tá na mílte acra den gcána siúicre ag fás agus a lán siúicre á tháirgeadh san áit. Tá an oiread san de ann go bhfuil sé ag déanamh ana-chuid díobhála mar triomaíonn sé an talamh rómhór.

Fásann cacó (cacao) ar leibhéil i bhfad níos ísle i gceantar abha na hAmasóine, sa jungail nó an dufair, mar a mbíonn sé níos taise. Níl sé seo beannaithe ar nós an chrainn cóca, agus ólann na dúchasaigh mar sheacláid the é, déanta ar uisce. Tá a lán vitimíní ann, agus aríst é go maith don gcroí.

Toisc go bhfuil an oiread san leibhéil sa tír ón Amasóin go dtí an sneachta ar bharr na nAindéis, tá na haon saghas aeráide sa Cholóim agus gach saghas planda agus toradh ag fás ann dá réir.

Tá 110 treibh dhifriúla dhúchasacha fós sa tír agus 80 teanga á labhairt ar fad sa tír ina hiomláine ach a lán des na teangacha dúchasacha san fé bhrú agus ag fáil bháis de réir a chéile.

Chuas chomh fada le baile darbh ainm Silvia mar ar oibrigh Riwanon le dhá bhliain i measc na treibhe Misak. Cúig uair an chloig ó bhaile a bhí sé, ó bhaile Felidia ina rabhamar ag fanacht. Rothar gluaiste, Chiva Go Cali, agus dhá bhus eile go Silvia ar chostas iomlán timpeall €8 ar fad. Na tiománaithe bus ag éirí don mbóthar, ag síorshéideadh na hadhairce agus an raidió casta anairde in ainm an diabhail i gcónaí acu. Deinim amach mura mbeadh an raidió is an t-adharc ag obair ná raghaidíst chun bóthair in aon chor!

Tá treibheanna eile timpeall an bhaile chomh maith ar nós Nasa, Kisgo agus Totoro, ach siad an Misak an treibh is líonmhaire acu. Maireann siad seo níos airde fós ins na sléibhte ó Silvia, timpeall 2,600 méadar os cionn na farraige, ceantar ar a dtugtar Guambia air. Rothar gluaiste eile an tacsaí a bhí againn chun dul chomh fada leosan!

Tá a rialtas fhéin acu, chomh maith le hollscoil, meánscoil is bunscoil, príosún, ionad leighis agus a n-ospidéal fhéin. Táirgíonn siad a gcógais fhéin as plandaí a fhásann siad ins na sléibhte.

Bhraitheas suaimhneas millteanach san áit seo, níos mó ná in aon áit eile sa Cholóim.

Tá an fear leighis (medicine man) ann go bhfuil a leigheasanna fhéin aige agus a thigín nó a ionad beag leighis fhéin aige le ceann tuí ar. Tigh gloine mar a dtriomaíonn siad na luibheanna. Tigh eile chun na luibheanna seo a chur i mbuidéil is i mboscaí.

Cheannaíos stuif ann chun an cholestorol a ísliú mar tá sé ana-ard agam. É a thógaint trí bhabhta sa ló, féd theanga agus a iarraidh ar an bplanda tú a dhéanamh níos sláintiúla mar creideann siad go gcloiseann an planda má iarrtar air é. Loirgíos ceithre bhuidéal, mar cá bhfaighead aríst é agus mar a tharlaíonn sé, is uimhir naofa ag an Misak an uimhir a ceathair…tosach maith leath na hoibre. €12 ab ea an t-iomlán. Ní ghéillfead go hiomlán dóibh go bhfaighead mo cholesterol tastáltha aríst! Níl aon chuimse le drochamhras na gCiarraíoch!

Tá painéil ghréine ar na tithe ann, fiú amháin ar thigh ceann tuí.

 

Mná is mó atá sa phríosún agus cuirtear an milleán ar an mbreitheamh mar gheall air sin. Bean is ea í sin, Evangelist amach is amach, agus cé go bhfuil a lán líomhaintí gnéis curtha i leith na ‘pastors’ Evangelist nó Soiscéalaithe, ní dheineann sí faic mar gheall air sin.

Níl cead aige’s na gnáthphóilíní isteach i gceantar na Misak.

Ráiteas acu ná ‘Puebló Pequeno, Inferno Grande’ (‘Baile beag, íochtar ifrinn’) agus éinne a mhaireann i gceantar beag tuaithe in Éirinn is maith a thuigeann sé an téad is ‘an bhaint fola as peidhleacáin’ go ndeineann na Misak tagairt dó i measc chomharsain is gaolta! Mar a bhíodh scríte sa leabhar scoile fadó ach a labhair ainmhí beag leis an leon, ‘Molaimse dhuitse a leoin an duine a dhíothú, mar nach maith é an duine!’

Bhíos istigh i dtigh dúchasach amháin agus ní chuirfeadh sé faic i gcuimhne dhuit ach na seana-thithe clutharacha a bhí againn fhéin fadó, dorcha, le hadharta [iarta] mór, tine lasta feadh an lae is saghas cúl-lochta os a chionn a raibh éadaí ag triomú ann.

Chabhraigh Riwanon leo tigh a thógaint chun go bhféadfadh an bhean chabhrach aire cheart a thabhairt dos na mná agus iad ag saolú linbh ach bhí a téarma caite ann mar nár theastaigh ón bpobal go mairfeadh sí san áit go fadtéarmach. Thuigfeá dhóibh ná taitneodh leo Eorpach a bheith ina measc go lán-aimseartha ar an gcuimhne atá fós acu ar an scrios a deineadh orthu 500 bliain ó shin agus atá ar siúl fós ag na comhlachtaí móra idirnáisiúnta.

Tá a bpoitín fhéin leis acu ar a dtugann siad aguardiente, agus blas difriúil air ó áit go háit, ach gan aon dul aige go dtí ‘Fíon Geal an tSléibhe’ go bhfuil aithne againn i gCorca Dhuibhne air, a bhuíochas san ar Tiús Mac Gearailt! Tá an aguardiente ana-shaor, 80 cent ar thoirt buidéal 500ml do

Tá plandaí ag fás 3,000 méadar os cionn farraige ins na hAindéis, a thógann an taiseacht as an aer, cuireann i dtalamh é, le srutháin bheaga ag teacht le chéile agus aibhnte ina dhiaidh san.

Bailíonn brobh beart. Ceann acu seo is ea an Frailejon. Tá sé tábhachtach é seo a chosaint nó muna ndeintear beidh sé ina fhásach acu. Deacair le cosaint, óir go bhfuil formhór na talún goidte ós na dúchasaigh agus scaoileann siad ainmhithe suas ann go minic óir ná fuil aon áit eile dhóibh.

Maidir le ceol, tá 32 saghas ceoil difriúil sa Cholóim agus an salsa ar an gceann is cáiliúla acu agus sé Cali príomhchathair an domhain don salsa céanna agus thógfadh sé ráithe uaim cur síos ar an áilleacht a bhaineann le bheith ag féachaint orthu seo ag rince agus an ealaín atá ina ngluaiseachtaí agus an tslí a théann rithim an cheoil go smior iontu, á dtiomáint le gealaigh!

Sea, sin é mo scéalsa, is má tá bréag ann bíodh, ach is fada liom go bhfillfead athuair ar Mheiriceá Theas, má fhágann Dia mo shláinte agam chuige sin.

Fág freagra ar 'TUAIRISC ÓN gCOLÓIM: Cheapas gurb é Gairdín Pharthais a bhí sroichte agam!'

  • Mairéad Ní Nuadháin

    Bhaineas an- taitneamh as an scéal!
    Mairéad

  • jpmorley0@gmail.com

    Thugais na cosa leat as an áit chontúirteach, imigéiniúil sin, a chonách san ort.
    Scéal scanrúil a d’inis cara dhom mar gheall ar an gColóim;
    mac léi, sórt fiaire feá, a chuaigh ar saoire ann na blianta siar, ní tháinig ar ais ó shin agus níl tásc ná tuairisc air. An bhean bhocht ana-léirithe dá bharra, taibhsítear di go dtáinig droch-chrích air. Comhairle do leasa dhuit:
    ‘Fan amach ón bhfochais.’

  • jpmorley0@gmail.com

    Focal deas nua-chumtha ag an údar é ‘glasrach’ in ionad ‘veigitéarach’ (mí-dheas) nó ‘feoils(h)éantóir’.
    Is féidir deoch mheisciúil srl a shéanadh (focal a bhíodh ag an Athair Peadar a chiallaíon ‘to renounce’), Arbh fhearr ‘glasraíoch’ b’fhéidir…ón uair gur Ciarraíoch é an t-údar?