TUAIRISC ÓN ALBÁIN: Tá a ndóthain de chruatan an tsaoil fulaingthe ag na hAlbánaigh

Is tír an-suimiúil í an Albáin chun turas a thabhairt uirthi, mar a rinne ár gcolúnaí le déanaí

TUAIRISC ÓN ALBÁIN: Tá a ndóthain de chruatan an tsaoil fulaingthe ag na hAlbánaigh

Leath a béal is a dhá súil ar an mbean uasal, iriseoir Albánach, nuair a chuireas an cheist uirthi an Moslamach nó Críostaí Ceartchreidmheach ab ea í.

Ní chuimhneodh Albánach an cheist san a chur ar dhuine, ar sí. Is rud príobháideach amach is amach a leithéid!

‘Im’ thigse,’ ar sí, ‘tá an Córán agus an Bíobla Naofa le hais a chéile ar an tseilf. Phós mé fear as an gCuáit, is Moslamach é ar ndóigh ach níl tuairim agam cén creideamh lena mbaineann éinne atá pósta lem’ dheirféaracha ná mo dheartháireacha ná lem’ chairde. Ní bhíonn comhrá dá leithéid ag aon duine againn.’

Fuaireas deacair a mhíniú di gurb í an chéad cheist nach mór í a chuirfeadh Éireannach ort.

Mura gcuirfidís díreach amach ort é, a dúirt léi, gheobhaidís amach sara fada, cén scoil ar a fhreastail tú. Bheadh fhios ansan acu é agus thabharfaidís breithiúnas dá réir ort, fé cheilt ar ndóigh.

Bhí sé deacair leanúint ar aghaidh le haon chomhrá nádúrtha ina dhiaidh san agus mise ag iarraidh a’ ligint orm go rabhamarna an-sofaisticiúil in Éirinn ainneoin go mbíonn an fhiosracht mhínádúrtha san i gcreideamh daoine eile orainn.

Bhíos a’ míniú di go raibh a leithéid againne chomh maith agus Caitlicigh à la carte, ach faraor leath a dhá súil arís le míthuiscint.

D’athraíos mo phort agus thosnaíos ag cur ceist uirthi mar gheall ar cad ba chuimhin léi faoin réimeas Cumannach a bhí san Albáin.

Ní raibh mórán fonn uirthi dul ródhomhain sa scéal san ach oiread.

D’fhág mé nuair a bhí mé sna déaga, a dúirt sí.

Ar éigean is cuimhin léi an saol mar a bhí an uair sin. Comharsain ag faire ar chomharsain is ag sceitheachtaint ar a chéile. Drochamhras is brúidiúlacht san aer.

D’aistrigh sí go dtí an Ghréig, áit a bhfuil sí ina hiriseoir le canáil teilifíse Albánach i gcathair na hAithne.

Meascán mearaí ceart is ea stair ársa agus stair an lae inniu ag an Albáin.

Fuaireadar a saoirse ón réimeas Otamán tar éis na gcianta cairbreacha timpeall an ama chéanna a bhain ‘Éire’ saoirse amach ónár gcomharsa crosta béal dorais.

Ghabh trúpaí na hIodáile agus na Gearmáine seilbh orthu le linn an dara cogadh domhanda.

Deineadh stát Stailíneach díobh ina dhiaidh san.

Bhíodar breis is daichead bliain fé dhaorsmacht an deachtóra Enver Hoxha, ceannaire a d’imir an lámh láidir ar gach mac máthar acu.

Bhí an Albáin ar cheann de na tíortha cumannacha ba mheasa as ó thaobh easpa saoirse an duine de réir tuairiscí. Meastar gur cuireadh suas le fiche a cúig míle duine chun báis go héagórach le linn réimeas Hoxha.

Nuair a cailleadh an deachtóir úd i 1985, thapaigh Páirtí Daonlathach an deis ‘daonlathas’ a thriail tráth go raibh tíortha eile sa réigiún ag briseadh slabhraí an Chumannachais.

Is ag stracadh leis an saol atá na hAlbánaigh bhochta riamh ó shin.

Caimiléireacht is cíor thuathail go fairsing is iad ag iomrascáil le réalachas an tsaoil tar éis blianta fada daorsmachta.

Ní go rómhaith atá ag éirí leis na créatúirí, go dtí seo.

Bhuail an galar Covid go tréan iad, gan aon chabhair ná fóirithint cheart acu ó údaráis na tíre. Anuas air sin dhein crith talún drochdhíobháil don dtír in 2019. Meastar go bhfuil 10,000 duine a buaileadh sa chrith sin fós gan dídean cheart.

Anuas air sin, tá na céadta mílte tar éis bailiú leo amach as an dtír, ag cur fúthu sa Ghréig, san Iodáil agus sa Ghearmáin. Meastar dhá mhíle Albánach a bheith ag maireachtaint in Éirinn.

Agus an méid sin go léir ráite, is tír an-suimiúil í an Albáin chun turas a thabhairt uirthi mar a dheineas féin le fíordhéanaí.

Bhí an aimsir go hálainn, na daoine cairdiúil muinteartha. Bia breá blasta folláin. Flúirse den iasc úr. Fíon den scoth ar phraghas íseal. Óstáin chompordacha agus daoine cineálta a’ tindeáil ar chustaiméirí.

Má tá ‘pot holes’ anseo is ansiúd ar phríomhbhóithre na tíre, ní haon pheaca é sin. Nach bhfuil seanaithne againne Éireannaigh ghustalacha ar a leithéid?

Ach a’ tarrac creideamh anuas aon uair amháin eile, nár dhóigh leat, arsa mise liom fhéin, go dtiocfadh an Mháthair Treasa ‘an Bhean Bheannaithe’ agus an tAlbánach mná is iomráití amuigh i gcabhair ar a muintir féin agus míorúilt bheag nó dhó a dhéanamh ar son a cuid féin.

Deineann sí a leithéid i dtíortha i bhfad ó bhaile más fíor.

Nach bhfuil a ndóthain de chruatan is de thrioblóidí an tsaoil fulaingthe ag na hAlbánaigh bhochta.

Fág freagra ar 'TUAIRISC ÓN ALBÁIN: Tá a ndóthain de chruatan an tsaoil fulaingthe ag na hAlbánaigh'