TUAIRISC BHEO: Seirbhís farantóireachta go hInis Mór á plé ag Coiste Oireachtais

Seo tuairisciú beo ar chruinniú de chuid an Choiste Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta i dTithe an Oireachtais agus cás na seirbhíse farantóireachta as Ros an Mhíl go Cill Rónáin, Inis Mór, faoi chaibidil ann

TUAIRISC BHEO: Seirbhís farantóireachta go hInis Mór á plé ag Coiste Oireachtais

16.43 Deireadh curtha leis an gcruinniú. Tiocfaidh an Coiste le chéile arís amárach le ceist na seirbhís farantóireachta agus ábhair eile a phlé.


16.41 Ceapann Cathy Ní Ghoill go raibh an cruinniú an-mhaith. Buíochas gafa aici leis na Teachtaí Dála ó Ghaillimh-Thiar agus an Seanadóir Ó Clochartaigh as ucht a gcuid tacaíochta i gcaitheamh na mblianta. Tá súil aici go mbeidh caidreamh níos fearr amach anseo idir muintir na n-oileán agus Comhairle Chontae na Gaillimhe.


16.35 Deacrachtaí ag na haíonna a gcuid nótaí a léamh ceal solais. Tá na micreafóin fós ag obair…


16.33 Soilse imithe sa seomra coiste i dTithe an Oireachtais.


16.31 Dúirt Cathy Ní Ghoill go bhfuil tuiscint níos fearr ag an Aire Stáit Seán Kyne ná mar a bhí ag an mbeirt Airí Stáit a chuaigh roimhe ar oileáin Árann agus tá súil aici go bhfuil an meon sa Roinn go “bhfaigheann na hoileáin Árann an t-airgead uilig” imithe anois. Deir sí freisin go bhfuil os cionn 50% de dhaonra oileáin uile na hÉireann ina gcónaí sna hoileáin Árainn.


16.26 Deir Cathy Ní Ghoill go bhfuil muintir an oileáin thar a bheith sásta leis an gcéibh nua, agus murach é go mbeadh baile Chill Rónáin scriosta ag Stoirm Bhríde i 2014. Ba é an Teachta Dála agus iarAire Éamon Ó Cuív a chuir an cheist ar thoscaireacht an oileáin an raibh siad sásta leis an gcéibh. Dúirt Ó Cuív go mbíonn daoine ag tabhairt le fios go raibh “ollchostas” ag baint leis an bhforbairt agus nárbh fhiú an t-airgead – €40 milliún – a caitheadh uirthi.


16.20 Glacann an Seanadóir O’Donnell leis an míniú a thug an Chomhairle Contae agus an Teachta Dála Ó Cuív faoin gcostas a bhain le céibh Chill Rónáin. Ní thuigeann sí fós cén fáth ar cuireadh deireadh leis an gconradh do sheirbhís d’Árainn.


16.11 Chonaic an Chomhairle Contae “cash cow” in Inis Mór, a deir Cathy Ní Ghoill. Níl duine ar bith eile i gContae na Gaillimhe ag íoc na dtáillí céanna as an infreastruchtúr atá ann, ach chonaic siad go raibh go leor turasóirí ag teacht isteach go hÁrainn agus g0 raibh airgead le déanamh ansin, a deir sí.


16.09 Tá briseadh síos sa gcumarsáid idir muintir an oileáin agus Comhairle Chontae na Gaillimhe, a deir Cathy Ní Ghoill. Dúirt Kevin Kelly ón gComhairle Contae cúpla nóiméad ó shin nár cheap sé go raibh sé sin fíor. Deir Cathy Ní Ghoill go mbíonn muintir an oileáin “left out in the dark” nuair a bhíonn cinntí á ndéanamh.


16.07 Bhí níos mó airgid á chaitheamh ar oileáin eile per capita ná mar a bhí á chaitheamh ar oileán Árann ar feadh roinnt blianta, a deir Cathy Ní Ghoill.


16.04 Teastaíonn conradh buan PSO curtha i bhfeidhm ag an Rialtas don tseirbhís go hInis Mór. Bhí conradh i bhfeidhm go dtí ceithre bliana ó shin, ach dúirt Island Ferries Teo nár theastaigh PSO. D’éist an Roinn leis an gcomhlacht agus níor éist siad le muintir an oileáin, a deir Ní Ghoill.


16.00 Leaschathaoirleach Chomhairle Contae na Gaillimhe: “Maybe the County Council is a pawn in this game, and that’s regrettable,” a deir sé.


15.57 Tá Noel Grealish, TD do Ghaillimh Thiar, nach bhfuil ar an gcoiste, ag labhairt anois. Céibh Chill Rónáin molta aige agus ceisteanna curtha faoin tseirbhís ó Chontae an Chláir go hÁrainn.


15.57 Costas ó chumhacht tonnta an Atlantaigh an chúis ba mhó leis an gcostas mór ar Chéibh Chill Rónáin, a deir Éamon Ó Cuív. Tá na báid níos sábháilte anois ann, a deir sé.


15.54 Cur síos á dhéanamh anois ar an bhforbairt a rinneadh i gCill Rónáin. Áiseanna den scoth ann, dar leis an gComhairle Contae, ina measc carrchlósanna agus bealaí níos sábháilte le tuirlingt ó bháid.


15.49 Deir Kevin Kelly go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh sna cainteanna idir Island Ferries Teo agus Comhairle Contae na Gaillimhe agus go mbaineann na rudaí atá fós le réiteach le cúrsaí airgid.


15.47 Tá costais bhreise i gceist le Cill Rónáin ó thaobh deisiú trealamh agus cothabhála mar gheall ar an áit a bhfuil an chéibh.


15.43 Ní dóigh liom gur ceist “ceart” agus “mícheart” atá ann ar chor ar bith, a deir Kevin Kelly ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe. Bhí costas mór ag baint leis, mar gheall ar scála na hoibre agus an áit a ndearnadh an obair sin.


15.29 An Seanadóir Marie-Louise O’Donnell ag caint anois. Bhí sí ina cónaí in Inis Meáin ar feadh bliana. Deir sí go bhfuil sí ‘saonta’ go maith faoin gceist, ach nach bhfuil ar bhealach eile mar go dtacaíonn sí lena raibh le rá ag Éamon Ó Cuív. Tá roinnt ceisteanna aici. Cén fáth nach bhfuil seirbhís PSO ann do Chill Rónáin?. “€48 million?! What have you got down there? Bells, whistles, hotels, cafés? What are you doing down there!”. Cé méid airgid a caitheadh ar chomhairle dlí [dírithe ar an gComhairle Contae]? “Why do I feel when I’m looking at you that there’s a breakdown in communication between the mainland and the islands, and I feel a strong sense of it here, and that ‘right’ seems to be on one side and not the other? Can you explain to me why I feel like that?” a deir an Seanadóir.


15.26 An Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh ag caint anois. “Ní bréag a rá go bhfuil stair fhada idir Comhairle Chontae na Gaillihme agus céibh Inis Mór.” Deir sé go mb’fhéidir go bhfuil ‘spite feamainne’ ann, agus gur chuir sé sin isteach ar chúrsaí. Sraith ceisteanna á gcur aige anois.


15.24 Is ‘comhartha’ iad na Blascaodaí, Inis Bó Finne (Tír Chonaill), agus Inis Airc ar theip na Rialtas san am a chuaigh thart, a deir Peadar Tóibín, agus is geall ‘le reiligí’ anois iad.


15.20 An áirítear scoláirí a chaitheann an bhliain scoile i scoil oileáin mar oileánaigh nó mar thurasóirí? Tá sé sin tábhachtach ó thaobh an chostais de, a deir Ó Cuív.


15.18 Shílfeá ón gcaint faoin scéal nach mbíonn ach oileánaigh agus turasóirí ag úsáid na seirbhíse seo, ach tá ‘fear deisithe an mheaisín níocháin’, oibrithe eile, dochtúirí, agus go leor daoine eile a bhíonn ann go rialta, arsa Ó Cuív.


15.17 An Teachta Dála Éamon Ó Cuív ag caint anois. “A thing can be legal and still be not right,” a deir sé agus é ag caint faoi na cásanna cúirte inar rialaíodh go raibh sé de cheart ag Comhairle Chontae na Gaillimh táillí in aghaidh an phaisinéara a ghearradh. Fágadh na hoileánaigh ar an trá fholamh, a deir sé.


Screen Shot 2016-12-14 at 15.12.38

15.15 ‘Mhair muid sna hoileáin ar feadh 5,000-6,000 bliain. Tuigimid cén chaoi le maireachtáil ar oileán. Cén fáth nach labhraíonn sibh linn ar dtús sular gcuirfear rudaí i bhfeidhm ón mbarr anuas?’ a deir Murray.


15.12 Thréig an Stát seo na hoileáin in am an ghátair, a mhaíonn Murray. Tá sé ina chónaí in Inis Bó Finne, agus tá sé timpeallaithe ag oileáin thréigthe. Cén fáth a bhfuil an Roinn Turasóireachta ag moladh agus ag adhradh na n-oileán agus na ranna eile ag baint na gcos uathu.


15.09 Simon Murray ó Chomhar na nOileán Teo ag caint anois (Béarla). ‘Cé méid oileán a tréigeadh? Go leor. Cé méid oileán a athlonnaíodh? Ceann ar bith.’ a deir sé. Tá oileánaigh na hÉireann ag iarraidh greim a choinneáil ar a bhféiniúlacht, ach níl buanpholasaí ceart ann d’oileáin na hÉireann.


Screen Shot 2016-12-14 at 15.00.50

15.07 Má tá scoil agat in oileán, má tá innealtóir nó leictreoir nó léachtóir ag teacht chuig an oileán tá costas ag baint leis sin. Caithfidh siad fanacht lá iomlán go dtí go mbeidh siad in ann imeacht arís. Bíonn bunrudaí níos costasaí in oileán, a deir Ó Cualáin. Ba cheart an liúntas oileáin a thabhairt ar ais, a deir sé, agus tá sé ag iarraidh go bhfaigheadh scoileanna oileán €10,000 sa bhreis ná mar a fhaigheann scoileanna ar an mórthír.


15.03 Thiocfadh deireadh leis na scoileanna, ‘croílár na n-oileán’, dá gcuirfí deireadh leis an tseirbhís farantóireachta, dar le Ó Cualáin.


15.00 Mícheál Ó Cualáin ag labhairt anois, agus a chuid cainte uilig i nGaeilge. Níor thuig sé saol na n-oileán go dtí gur thosaigh sé ag múineadh ann. “Is álainn go deo iad na hoileáin, ach ní beo aon áit gan duine. Ní mór dúinn breathnú ar na hoileáin agus ceist a chur an bhfuil muid sásta go mbeidh daoine ina gcónaí in ár gcuid oileán nó an bhfuil muid a dhul iad a iompú isteach ina n-áiteacha atá ar nós na mBlascaodaí?”


Screen Shot 2016-12-14 at 14.53.18

14.57 Airíonn muintir Árann go bhfuil pionós á ghearradh orthu toisc gur oileánaigh iad. Deir Ní Ghoill nach fiú a bheith ag caint ar an turasóireacht agus ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin gan seirbhísí bunúsacha a bheith ann. “Níor cheart go mbeadh muid thuas anseo ag impí go mbeadh cearta iompair againn.” Deir sí gur iomaí duine a chuaigh ar imirce ó Árainn nach dtiocfaidh ar ais mar gheall ar na fadhbanna seo.


14.54 Níor aontaigh muintir Árann leis na táillí riamh, a deir Cathy Ní Ghoill. Bhí vóta ann a deir sí. Dá n-éistfí le muintir na n-oileán cúig bliana ó shin, ní bheadh na fadhbanna seo ann i mbliana leis na seirbhísí iompair. “Democracy is great and I’m in favour of it, but sometimes it doesn’t work, and in this case it didn’t work”.


14.50 Cathy Ní Ghoill ó Chomhar na nOileán ag caint anois. Tháinig sí “from the Wild Atlantic” inniu le labhairt le baill an choiste. Rinne sí an cinneadh filleadh ar an oileán bunaithe ar na seirbhísí a bhí ar fáil ann, ach tá sí ag troid anois le ceithre bliana leis na seirbhísí sin a choinneáil. Tá sé deacair a bheith i do chónaí faoin tuath, ach tá sé i bhfad níos deacra a bheith i do chónaí in oileán.


14.42 “Rialaigh an Ard-Chúirt agus an Chúirt Uachtarach ar son Chomhairle Contae na Gaillimhe,” a deir Kelly, agus cur síos á dhéanamh aige ar an gcás cúirte agus na hachomhairc a rinne Island Ferries Teo faoi tháillí in aghaidh an phaisinéara.


14.40 Tá Kelly ag cur síos ar chúlra an scéil anois. Tá eolas á thabhairt aige faoi na fodhlíthe atá i bhfeidhm anois ag Cill Rónáin.


Kevin Kelly

14.38 Kevin Kelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae na Gaillimhe ag caint anois faoin tseirbhís farantóireachta go Cill Rónáin.


14.35 Cruinniú i seisiún poiblí arís agus fáilte curtha ag an gCathaoirleach Peadar Tóibín roimh na haíonna: Joe Bernie, Kevin Kelly, Kevin Finn, Robert Meehan agus Nuala Heffernen ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe.  Cathy Ní Ghoill, Mícheál Ó Goill. Enda Ó Conghaile, agus Simon Murray atá ar thoscaireacht Inis Mór.


14.18 Tús curtha leis an gcruinniú ag an gCathaoirleach Peadar Tóibín (SF). Ní bheidh an Teachta Dála Niamh Smith i láthair inniu, agus leithscéal i scríbhinn seolta aici. Tá an cruinniú i seisiún príobháideach anois.

Fág freagra ar 'TUAIRISC BHEO: Seirbhís farantóireachta go hInis Mór á plé ag Coiste Oireachtais'