Níl aon athrú déanta ar fhoireann na Gaillimhe do chluiche ceannais na hÉireann Dé Domhnaigh agus níl aon athrú ach oireadh ar fhoireann Chiarraí do chluiche ceannais athimeartha na hÉireann.
Tabharfaidh Ciarraí aghaidh ar Áth Cliath ag 6pm tráthnóna amárach agus tabharfaidh mná na Gaillimhe aghaidh ar fhoireann na hardchathrach Dé Domhnaigh. Is iad an 15 imreoir céanna a thosaigh ina gcluichí deireanacha a bheidh ag dul chun páirce do Chiarraí agus Gaillimh an deireadh seachtaine seo.
Tá imreoir amháin ó Chumann Caide na Gaeltachta ainmnithe ag Ciarraí agus geansaí uimhir 7 tugtha arís do Bhrian Ó Beaglaoich. Beirt ó CLG Daingean Uí Chúis atá ar an bhfoireann, Tom O’Sullivan agus Paul Geaney. Níl ionadaithe Chiarraí ainmnithe go fóill.
Tá triúr ó chumainn Ghaeltachta ar an bhfoireann atá roghnaithe ag bainisteoir mhná na Gaillimhe Tim Rabbitt – Sarah Ní Loingsigh as Naomh Anna, Leitir Móir, Áine McDonagh, Maigh Cuilinn, agus Mairéad Seoighe, An Fhairche.
Níl na mná ionaid ainmnithe fós ach oiread ag Gaillimh ach bhí triúr eile Gaeltachta, Ríona Ní Fhlatharta (Naomh Anna, Leitir Móir), Ailbhe Davoren (Maigh Cuilinn) agus Róisín Ní Chonghaile (Maigh Cuilinn) – i measc na n-ionadaithe nuair a bhuaigh Gaillimh ar Mhaigh Eo sa chluiche leathcheannais.
Tá Gaillimh i gcluiche ceannais na hÉireann den chéad uair ó 2005 agus iad ag iarraidh an ceann is fearr a fháil ar Áth Cliath.
Tá foireann ban Átha Cliath don Domhnach ainmnithe chomh maith agus dhá athrú déanta ar an bhfoireann a bhuaigh ar Chorcaigh sa bhabhta leathcheannais. Noelle Healey agus Jennifer Dunne a thiocfaidh isteach in áit Nicole Owens agus Niamh Hetherton.
Beidh na trí chluiche, an cluiche ceannais sinsir idir Gaillimh agus Áth Cliath, an cluiche ceannais idirmheánach idir Tiobraid Árann agus An Mhí agus an cluiche ceannais sóisir idir Fear Manach agus Contae Lú, á gcraoladh beo ar TG4 Dé Domhnaigh.
Craolfar clár speisialta ar an stáisiún Gaeilge oíche Dé Sathairn chomh maith, clár ar a gcaithfear súil chun cinn ar na cluichí.
Is í Gráinne McElwaine a chuirfidh an clár Ceiliúradh LGFA le Lidl i láthair ag 8.15pm Dé Sathairn. Beidh píosaí ceoil chomh maith le hagallaimh le himreoirí, bainisteoirí agus teaghlaigh ar an gclár.
Caithfidh iar-imreoirí súil siar ar chraobh na bliana seo chomh maith le súil chun cinn a chaitheamh ar na cluichí a bheidh á n-imirt an lá dár gcionn.
Foireann Chiarraí
- Shane Ryan
- Jason Foley
- Tadhg Morley
- Tom O’Sullivan
- Paul Murphy
- Gavin Crowley
- Brian Ó Beaglaoich
- David Moran
- Jack Barry
- Gavin White
- Seán O’Shea
- Stephen O’Brien
- David Clifford
- Paul Geaney
- Adrian Spillane
Foireann na Gaillimhe
- 1. Lisa Murphy
- 2. Sinéad Burke
- 3. Nicola Ward
- 4. Sarah Ní Loingsigh
- 5. Orla Murphy
- 6. Barbara Hannon
- 7. Shauna Molloy
- 8. Louise Ward
- 9. Áine McDonagh
- 10. Olivia Divilly
- 11. Megan Glynn
- 12. Mairéad Seoighe
- 13. Tracey Leonard
- 14. Sarah Conneally
- 15. Róisín Leonard
Foireann Átha Cliath
- Ciara Trant
- Éabha Rutledge
- Niamh Collins
- Martha Byrne
- Aoife Kane
- Sinéad Goldrick
- Olwen Carey
- Lauren Magee
- Siobhán McGrath
- Carla Rowe
- Niamh McEvoy
- Lyndsey Davey
- Sinéad Aherne
- Noelle Healy
- Jennifer Dunne
Fág freagra ar 'Triúr Gaeltachta ag Gaillimh agus triúr ag Ciarraí do na cluichí ceannais peile'