Súil ag muintir Cheantar na nOileán ar Pháirc an Chrócaigh agus beirt dá gcuid féin ag fáil faoi réir do chluiche ceannais na hÉireann

Labhair Tuairisc.ie le Sarah Ní Loingsigh, an t-imreoir as Ceantar na nOileán i nGaeltacht Chonamara atá ag fáil réidh an tseachtain seo do chluiche ceannais na hÉireann i gcoinne Átha Cliath

Súil ag muintir Cheantar na nOileán ar Pháirc an Chrócaigh agus beirt dá gcuid féin ag fáil faoi réir do chluiche ceannais na hÉireann

Sarah Ní Loingsigh agus Siobhan McGrath. Pictiúr: INPHO/Laszlo Geczo

Is iomaí bóthar atá curtha díobh ag lucht tacaíochta dílis Chumann Naomh Anna an samhradh seo agus scata imreoirí ón gcumann i gCeantar na nOileán i gConamara ag imirt d’fhoirne peile na Gaillimhe.

Is iomaí sin aistear déanta ag muintir cheantar na n-oileán seo le tacaíocht a thabhairt dá gcuid imreoirí – bhí Seán Andy Ó Ceallaigh le foireann shinsir an chontae, bhí Maitias Bairéad leis an bhfoireann faoi 20, bhí Warren Seoighe leis na mionúir agus bhuaigh Roseanna Bailey bonn uile-Éireann le foireann faoi 16 na Gaillimhe.

Tá aistear eile roimh lucht Chumann Naomh Anna an Domhnach beag seo agus mná na Gaillimhe ag dul chun páirce i gcluiche ceannais peile na hÉireann. Beirt as cumann Naomh Anna – Sarah Ní Loingsigh agus Ríona Ní Fhlatharta – atá ar an bhfoireann a thabharfaidh aghaidh ar Áth Cliath.

Ní haon rud nua ag Ceantar na nOileán a bhí i lár an aonaigh lá mór peile na mban. Aon uair amháin riamh a bhuaigh Gaillimh Corn Bhreandáin Uí Mháirtín agus bhí bean Leitir Calaidh, Philomena Ní Fhlatharta ar an bhfoireann bhuacach sin in 2004.

“Bhí mé thuas ann an lá sin,” a deir Sarah Ní Loingsigh agus í ag caitheamh súil siar ar an gcluiche ceannais sin i gcoinne Átha Cliath 15 bliain ó shin.

Sarah Conneally, Megan Glynn agus Sarah Ní Loingsigh. Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy

“Bhí sé iontach go raibh Philomena, imreoir as Cumann Naomh Anna, mar chuid den fhoireann sin. Chuaigh muid uilig suas ar bhus chun tacaíocht a thabhairt di. Rinne Gaillimh éacht an lá sin. Bhí muid an-bhródúil astu uilig.”

Tá taithí fhada ag Ní Loingsigh ar imirt le Gaillimh mar roghnaíodh ar an bhfoireann shinsir í tar éis di a bheith ina captaen ar fhoireann mhionúir an chontae a bhuaigh craobh na hÉireann in 2010. Ach seo í an chéad bhliain ag bean eile as Naomh Anna, Ríona Ní Fhlatharta, leis na sinsir. Fuair sí a háit le foireann an chontae tar éis di gaiscí a dhéanamh le foireann shóisir an chumainn a bhain áit amach i gcluiche ceannais Chonnacht anuraidh.

Cé gur i gCnoc na Cathrach i nGaillimh atá Ní Loingsigh ina cónaí anois, deir sí gur mór an cúnamh é go bhfuil beirt ón gcumann Gaeltachta ag dul isteach agus amach go hionad traenála na Gaillimhe i Leacht Seoirse.

“Tá sé iontach go bhfuil Ríona istigh linn i mbliana. Tá sé go deas duine ón gclub a bheith in éineacht leat,” arsa Ní Loingsigh. “Bíonn an-chraic againn ag taisteal lena chéile, ag dul ag traenáil agus ag teacht abhaile.”

Tá dlúthchairdeas idir na himreoirí uilig ar an bhfoireann, dar le Ní Loingsigh agus deir sí gurb é sin ceann de na cúiseanna leis an dul chun cinn atá déanta ag an bhfoireann le blianta beaga anuas.

“Tá aithne mhaith againn ar a chéile, tá muid i bhfad ar an mbóthar. Is iad na cairde is fearr atá agat iad, is dóigh. Ní fheiceann tú na cairde eile atá agat i ndáiríre, leis an traenáil agus chuile rud,” a deir Ní Loingsigh.

Niamh McEvoy with Sarah Ní Loingsigh. Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

Molann an cosantóir an obair atá déanta ag bainisteoirí na foirne le cúpla bliain anuas chun an fhoireann a chur chun cinn agus a neartú. Tim Rabbitte atá ann faoi láthair agus Stephen Glennon a tháinig roimhe.

Tá ceannas iomlán ag Gaillimh ar chraobh Chonnacht le tamall agus an corn sin tugtha leo acu seacht n-uaire le hocht mbliana anuas. Níos suntasaí fós, bhí bua maith acu ar shárfhoirne peile na mban, Corcaigh agus Áth Cliath, sa tsraith le blianta beaga anuas.

Bhíodh mí-ádh éigin orthu a d’fhág go gcliseadh orthu sna cluichí móra craoibhe agus bhí an chosúlacht ar chúrsaí gurbh amhlaidh a bheadh sa gcluiche leathcheannais i gcoinne Mhaigh Eo.

Bhí na foirne gob ar ghob sa dara leath ach d’éirigh le Róisín Leonard cic saor den scoth a shlánú agus an t-am beagnach caite agus bhí áit sa gcluiche ceannais ag Gaillimh.

Deir Ní Loingsigh go raibh an-mhuinín aici féin i gcónaí go n-éireodh le Gaillimh an cluiche sin a thabhairt leo agus go seasfaidh an taithí sin dóibh sa gcluiche ceannais.

“An cluiche sin in aghaidh Mhaigh Eo an chéad uair ar imir aon duine againn ar an bpainéal seo i bPáirc an Chrócaigh. Taithí nua ar fad a bhí ann ach bhí atmaisféar iontach ann agus bhain muid an-taitneamh as.”

“Bhí mé dóchasach go maith sa dara leath go n-éireodh linn. Cheap mé i gcónaí go bhfaigheadh duine de na tosaithe an cúilín sin a bhí ag teastáil agus ba í Róisín a rinne an beart an lá sin leis an gcic saor.”

Tá dúshlán ollmhór rompu anois agus iad ag fáil réidh don chluiche ceannais i gcoinne Átha Cliath, atá ag iarraidh trí chraobh as a chéile a bhuachan. Is iad mná na hardchathrach rogha láidir na coitiantachta ach níl sé sin ag cur aon mhairg ar fhoireann na Gaillimhe.

“Cluiche crua a bheidh ann. Is foireann iontach iad. Bainisteoir den scoth é Mick Bohan ach ar nós foireann ar bith eile, is féidir iad a bhualadh,” ar deir Sarah Ní Loingsigh.

“Ní bheidh mórán idir na foirne ag deireadh na himeartha, cúilín nó dhó, ach tá muid ag súil leis an lá mór i bPáirc an Chrócaigh. Beidh muid réidh agus beidh an bua againn.”

Is mór an fáilte a chuirfear roimh Chorn Bhreandáin Uí Mháirtín ar an Máimín má éiríonn le himreoirí na Gaillimhe é a bhaint den fhoireann cois Life.

Fág freagra ar 'Súil ag muintir Cheantar na nOileán ar Pháirc an Chrócaigh agus beirt dá gcuid féin ag fáil faoi réir do chluiche ceannais na hÉireann'