Teideal an Phoist: Ollamh Cúnta le Síceolaíocht Chliniciúil (0.6 FTE)

Clár seanbhunaithe atá sa Dochtúireacht sa tSíceolaíocht Chliniciúil a chuireann oiliúint ghairmiúil ar fáil sa tsíceolaíocht chliniciúil i gcomhar le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

Teideal an Phoist: Ollamh Cúnta le Síceolaíocht Chliniciúil (0.6 FTE)
Dáta Deiridh: 12.00pm, 10 Bealtaine 2024
Teagmháil Rphoist: royboulf@tcd.ie

Clár seanbhunaithe atá sa Dochtúireacht sa tSíceolaíocht Chliniciúil a chuireann oiliúint ghairmiúil ar fáil sa tsíceolaíocht chliniciúil i gcomhar le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte. Bunluach an chúrsa seo an bhéim a chuirtear ar a thábhachtaí atá sé an cleachtadh a chomhcheangal leis an teoiric agus leas á bhaint as múnla athmhachnamhach an eolaí-chleachtóra den oiliúint chomhtháite i gcúrsaí taighde, cleachtais agus machnamh pearsanta. I rith na dtrí bliana den chúrsa cuirtear dianchlár córasach oiliúna ar fáil a ullmhaíonn mic léinn le déileáil leis na dúshláin a bhaineann le Seirbhísí Sláinte na hÉireann.

Achoimre ar an phost: Conradh Sainchuspóra, 0.6 FTE (is féidir cur chuige solúbtha a ghlacadh i leith uaireanta an chonartha, uasmhéid 0.6 FTE)
Tuarastal: Scála Tuarastail Iomlán Léachtóra a théann leis an phost seo (€38,719 – €94,031 sa bhliain) ag pointe a thagann le polasaí pá reatha an Rialtais. scálaí pá míosa/seachtaine. (tcd.ie)
Uaireanta an phoist: Cloíonn uaireanta oibre na foirne acadúla lena bhfuil leagtha síos faoi Chomhaontuithe na Seirbhíse Poiblí. Tuilleadh eolais ar fáil ag: http://www.tcd.ie/hr/assets/pdf/academic-hours-public-service-agreement.pdf

 

Tuilleadh Eolais:  Téigh chuig an nasc seo.