Scoil na nEolaíoctaí Nadúrtha Ollamh Cúnta

Is mian le Scoil na nEolaíoctaí Nadúrtha Ollamh Cúnta a cheapadh i ndisciplín na Zó-eolaíochta ag a bhfuil scoth an taighde déanta in Iompraíocht Ainmhithe.

 

Is mian le Scoil na nEolaíoctaí Nadúrtha Ollamh Cúnta a cheapadh i ndisciplín na Zó-eolaíochta ag a bhfuil scoth an taighde déanta in Iompraíocht Ainmhithe. Mar chuid bhunúsach de thaighde agus teagasc na Zó-eolaíochta, is mian linn tógáil ar an ardchumas atá léirithe againn sa réimse seo. Iarrtar ar iarratasóirí a raibh rath ar a gcuid taighde nó a léirigh acmhainn i réimse na hiompraíochta ainmhithe sa ghort agus/nó sa tsaotharlann iarratas a dhéanamh. Ar na réimsí féideartha saineolais: staidéar ar chórais creachadóir/creach, iompraíocht sealgaireachta, roghnú gnéasach, éiceolaíocht ghluaiseachta, bitheolaíocht phórúcháin, aireachtáil chéadfach, leas ainmhithe, nó aon ghné eile den anailís ar iompraíocht ainmhithe.
Beidh an taighde in Iompraíocht Ainmhithe ar siúl i gcomhar leis an bhfoireann atá agus a bheidh i Scoil na nEolaíochtaí Nádúrtha, agus an deis ann a bheith páirteach i ngréasáin níos mó atá ag díriú ar dhúshláin na heacnamaíochta agus na sochaí (gan a bheith teoranta dóibh): athrú domhanda, bainistiú speicis ionracha, caomhnú, bainistiú fiadhúlra, agus soláthar seirbhísí éiceachórais. Chomh maith leis sin, tá féidearthachtaí iontacha sa réimse seo le naisc idirdhisciplíneacha a dhéanamh taobh amuigh de Scoil na nEolaíochtaí Nádúrtha, mar shampla, síceolaíocht, géineolaíocht, eolaíocht, ríomheolaíocht, fiseolaíocht, agus tionscnaimh chaomhnaithe idirdhisciplíneacha.

Stádas an Phoist: Lorg Tionachta – Ceapachán Lorg Tionachta é ar feadh cúig bliana ar dtús, beidh buannacht ag brath ar riachtanais na tionachta a chomhlíonadh.

Tuarastal: Déanfar an ceapachán ar Scála Tuarastail Ollamh Cúnta (109BN) de réir cáilíochtaí/taithí agus Polasaí Pá na Seirbhíse Poiblí [€39,469 go €95,441 sa bhliain] https://www.tcd.ie/hr/assets/pdf/monthly-academic.pdf

 

Tuilleadh Eolais Anseo