Ollamh Cúnta le Stair na Stát Aontaithe Comhaimseartha

Is mian le Scoil na Staire agus na nDaonnachtaí i gColáiste na Tríonóide Baile Átha Cliath duine cumasach a cheapadh i bpost lorg tionachta mar Ollamh Cúnta le Stair na Stát Aontaithe comhaimseartha.

 

Is mian le Scoil na Staire agus na nDaonnachtaí i gColáiste na Tríonóide Baile Átha Cliath duine cumasach a cheapadh i bpost lorg tionachta mar Ollamh Cúnta le Stair na Stát Aontaithe comhaimseartha. Beidh an post seo lonnaithe i Roinn na Staire agus comhcheangailte le Lárionad Léann na Inscní agus na mBan sa choláiste, agus ba mhór againn go háirithe iarratais ó dhaoine a bhfuil suim taighde agus taithí teagaisc acu ar stair na n-inscní, stair na mban agus/nó stair na gnéasachta/na ngnéasachtaí in aon tréimhse de stair na Stát Aontaithe ó 1865.
An phríomhaidhm leis an phost seo dul i mbun teagasc agus taighde i réimse nua-stair na Stát Aontaithe laistigh de Roinn na Staire agus cuidiú le clár ildisciplíneach M.Phil Scoil na Staire agus na nDaonnachtaí i Léann na nInscní agus na mBan. Beidh céim Dr. sa Stair nó i réimse gaolmhar ag an té a cheapfar agus ní mór don duine sin cumas nó fianaise a léiriú d’acmhainn taighde agus foilseachán maidir le stair na Stát Aontaithe comhaimseartha, go háirithe i stair na n-inscní, stair na mban agus/nó stair na gnéasachta/ngnéasachtaí.

Teideal an Phoist: Ollamh Cúnta le Stair na Stát Aontaithe Comhaimseartha
Stádas an Phoist: Téarma Seasta 5 bliana, Conradh Lorg Tionachta
Uaireanta an Phoist: Cloíonn uaireanta oibre na foirne acadúla lena bhfuil leagtha síos faoi Chomhaontuithe na Seirbhíse Poiblí. Tuilleadh eolais ar fáil ag:
http://www.tcd.ie/hr/assets/pdf/academic-hours-public-service-agreement.pdf
Tuarastal: Déanfar an ceapachán ar Scála Tuarastail Ollamh Cúnta (109BN) de réir cáilíochtaí/taithí agus Polasaí Pá na Seirbhíse Poiblí [€39,469 go €95,441 sa bhliain] https://www.tcd.ie/hr/assets/pdf/monthly-academic.pdf
Dáta Deiridh: 12pm, 13 Bealtaine 2024

 

Tuilleadh Eolais:  Nasc Anseo