LEAS-PHRÍOMHOIFIGEACH AIRGEADAIS AGUS STIÚRTHÓIR SEIRBHÍSÍ AIRGEADAIS

Is ról ilchineálach dúshlánach é an Leas-Phríomhoifigeach Airgeadais, a thuairiscíonn go díreach chuig an bPríomhoifigeach Airgeadais (POA) agus dá bhfuil leibhéal ard taithí ar bhainistiú airgeadais agus leibhéal ard scile agus inniúlachta ina leith sin ina réamhriachtanas.

Teideal an Phoist:  LEAS-PHRÍOMHOIFIGEACH AIRGEADAIS AGUS STIÚRTHÓIR SEIRBHÍSÍ AIRGEADAIS

Scála:  Riarachán Sinsearach                           Dáta Deireadh:  12in, 16ú Bealtaine, 2024

 

LEAS-PHRÍOMHOIFIGEACH AIRGEADAIS AGUS STIÚRTHÓIR SEIRBHÍSÍ AIRGEADAIS
Rannán na Seirbhísí Airgeadais

Is aonad gnó bríomhar gnóthach é Rannán Seirbhísí Airgeadais Choláiste na Tríonóide ina mbainistítear gnóthaí airgeadais na hOllscoile (le buiséad thart ar €500m). Teastaíonn gairmí sinsearach airgeadais uainn le dul i mbun oibre linn chun todhchaí airgeadais na hOllscoile a threorú.
Déanfaidh an Leas-Phríomhoifigeach Airgeadais gníomhaíocht oibríochtúil go léir na feidhme airgeadais a bhainistiú, ag tacú leis an bPríomhoifigeach Airgeadais chun spriocanna agus cuspóirí straitéiseacha Choláiste na Tríonóide a bhaint amach.

Maidir leis an ról:
Is ról ilchineálach dúshlánach é an Leas-Phríomhoifigeach Airgeadais, a thuairiscíonn go díreach chuig an bPríomhoifigeach Airgeadais (POA) agus dá bhfuil leibhéal ard taithí ar bhainistiú airgeadais agus leibhéal ard scile agus inniúlachta ina leith sin ina réamhriachtanas. Cuireann an Leas-Phríomhoifigeach le próiseas cinnteoireachta straitéisí na hOllscoile trí léargas airgeadais, bainistiú feidhmíochta agus anailísíocht ghnó a chur ar fáil.

Beidh sárscileanna idirphearsanta, cumarsáide agus eagrúcháin ag an té a bhfaighidh an ról seo, iarrthóir duine-lárnach a bheidh ann nó inti agus beidh cur chuige straitéiseach nuálach aige nó aici i leith an róil, agus bainfidh sé nó sí barr feabhais amach ó thaobh ceannaireacht eagraíochta, ag imirt tionchar ar dhaoine lasmuigh de réimse na gnáthbhainistíochta.

Chun tuilleadh eolais a fháil téigh chuig an nasc SEO  agus cuir “DEPUTY CHIEF FINANCIAL OFFICER AND DIRECTOR OF FINANCIAL SERVICES” san inneall cuardach.