Trí seachtaine tar éis di bogadh go teach altranais d’othair Alzheimer tá Covid ar mo mháthair

CUIMHNE AGUS DEARMAD: Colún míosúil faoin ngalar Alzheimer: Sheachain máthair ár gcolúnaí Covid ar feadh na paindéime ar fad, ach a luaithe is arbh éigean di bogadh go teach altranais d’othair Alzheimer bhuail ráig den ghalar an áit

Trí seachtaine tar éis di bogadh go teach altranais d’othair Alzheimer tá Covid ar mo mháthair

Ní raibh trí seachtaine féin caite ag mo mháthair sa teach altranais d’othair Alzheimer ar thug muid ann í an mhí seo a chuaigh thart nó gur bhuail ráig den Covid an áit.

Dheimhnigh tástáil go raibh an galar ar mo mháthair (chomh maith le chuile áitritheoir eile ar an mbarda agus cuid mhór den fhoireann) ach ar ámharaí an tsaoil, a bhuíochas leis na trí dháileog de vacsaín Pfizer a fuair sí le bliain go leith anuas, níor léirigh sí siomptóim ar bith.

Mar sin féin, ar eagla go scaipfeadh an galar tuilleadh, ní raibh cead ag mo mháthair an tríú hurlár den teach altranais a fhágáil le seachtain anuas. Tá radharc breá aici ó fhuinneog a seomra ar dhathanna fómhair na coille taobh amuigh – ach níl cead aici dul amach ina measc d’fhonn an t-aer úr a análú isteach. Níl cead aici dul ar an t-aon bhalcóin amháin ar an tríú hurlár ach oiread: is ann a choinnítear na málaí ina bhfuil na héadaí atá le ní agus a chaith na hothair a bhí tinn.

Istigh i seomra mo mham a d’fhan muid, mar sin, nuair a chuaigh mé ar cuairt chuici an lá cheana. Is ea, tá tú á léamh seo i gceart: san Ísiltír, mar a bhfuil cónaí ar mo mham, tá cead ag daoine cuairt a thabhairt ar áitritheoirí tithe altranais atá buailte ag an Covid; níltear ag iarraidh an leithlisiú mídhaonna a cuireadh i bhfeidhm i rith chéad bhlianta na paindéime a chur i bhfeidhm riamh arís.

Ach bhí masc ar m’aghaidh, lámhainní gorma laitéise ar mo lámha agus bhí naprún ospidéil uaine orm; ar ámharaí an tsaoil d’aithin mo mham mo shúile (a bhí taobh thiar de mo chuid spéaclaí féin seachas na spéaclaí speisialta cosanta a bhí ar fáil) agus mo ghlór, nó ní aithneodh sí ar chor ar bith mé san fheisteas aisteach sin.

‘Cóisir bhréagéide atá ar siúl,’ a dúirt mé léi, idir mhagadh is dáiríre, ach dáiríre píre níor shíl mé féin go raibh sé greannmhar. Ó thosaigh an phaindéim ní raibh Covid ar mo mháthair oiread agus uair amháin, a bhuíochas le dícheall na gcúramóirí a thug aire di ina teach féin. Ach a luaithe is arbh éigean di bogadh go teach altranais …

Ach is dócha nár chóir dom a bheith ag gearán. Tá mo mháthair i gceart, glacann sí leis nach bhfuil cead aici dul amach i measc dhathanna an fhómhair go fóill beag, agus ar a laghad ar bith sheachain muid an dianghlasáil chruálach a cuireadh i bhfeidhm ar áitritheoirí tithe altranais agus a ngaolta le linn chéad bhlianta na paindéime.

Fág freagra ar 'Trí seachtaine tar éis di bogadh go teach altranais d’othair Alzheimer tá Covid ar mo mháthair'