Tá teach mo mháthar folamh agus is ‘duine eile’ anois í…

CUIMHNE AGUS DEARMAD: Colún míosúil faoin ngalar Alzheimer. An mhí seo: bhí ar ár gcolúnaí filleadh abhaile go práinneach chun a mháthair a thabhairt chuig teach altranais…

Tá teach mo mháthar folamh agus is ‘duine eile’ anois í…

Seachtain go leith ó shin, tuairim is dhá uair an chloig i ndiaidh dom tuirlingt ag aerfort Schiphol san Ísiltír – tar éis eitilt fhada ón mBrasaíl – bhí mé i gcarr mo dhearthár óig agus bhí ár máthair á tabhairt chuig teach altranais againn.

In Earrach 2017 a deimhníodh go bhfuil galar Alzheimer ar ár máthair. Bhí, roimhe sin, ar ndóigh: glactar leis go mbíonn an galar gránna sin ar dhuine 4 nó 5 bliana sula ndéantar an diagnóis chríochnaitheach. Ag breathnú siar i gcás mo mham, thug mé na chéad chomharthaí beaga faoi deara chomh fada siar leis an mbliain 2009.

Bhí a fhios againn riamh gur i dteach altranais a chríochnódh aistear Alzheimer ár máthar, ach níor shamhlaigh mé féin ná mo dheartháir óg, nuair a deimhníodh i dtús 2017 go raibh an galar ar ár máthair nach mbeadh fágtha ina teach féin aici ach cúig bliana go leith.

Dá samhlódh, bheadh sí curtha ar liosta feithimh don ‘fheirm chúraim’ cheannródaíoch inár mbaile dúchais níos luaithe againn. Áit chónaithe bheag theolaí d’othair Alzheimer atá san fheirm chéanna: 27 n-othar, foireann 60 cúramóir agus oibrí deonach agus lear mór beithíoch, caorach agus lachan i lár coille.

Ach ag an am sin níor thuig muidne, na húdaráis sláinte ná go deimhin lucht na feirme cúraim féin go mbeadh an liosta feithimh céanna chomh fada agus atá faoi láthair: trí bliana go leith. Níl ach rud beag le cois bliain go leith ann ó chláraigh muid ár máthair.

I laethanta tosaigh aistear Alzheimer ár máthar, bhí go maith agus ní raibh go holc. Na chéad trí bliana ó deimhníodh go raibh an galar uirthi, bhí sí ina cónaí léi féin – mar a bhí ó d’fhág mé féin agus mo dheartháir óg an teach breis agus fiche bliain roimhe sin.

Dhá bhliain go leith ó shin, nuair ba léir go raibh sé deacair uirthi béile a réiteach di féin, cuireadh cúram baile ar fáil di sna tráthnónta. Nuair ba léir, bliain ina dhiaidh sin arís, nach raibh ar a cumas níos mó í féin a ní agus a ghléasadh i gceart, thosaigh na cúramóirí ag teacht ar maidin freisin. Tamall ina dhiaidh sin, nuair a bhí an mearbhall agus an t-uaigneas ag dul i méid, thosaigh na cúramóirí ag teacht ag am lóin chomh maith. Le cúpla mí anuas, chaitheadh sí trí lá sa tseachtain ag ionad cúraim lae – ag an bhfeirm chúraim úd i lár na coille, mar a tharlaíonn.

Ach níor leor é. Sna huaireanta folmha idir cuairteanna na gcúramóirí agus a cuairteanna féin ar an ionad cúraim lae thagadh oiread uaignis agus mearbhaill uirthi go gcaitheadh sí – na comharsana a chuir ar an eolas muid – chomh fada le trí huaire an chloig go leith ina suí le taobh an bhóthair, ar a tóin, a cosa sínte amach roimpi, ag fanacht ar chuairteoir, ar chúramóir nó ar veain a thabharfadh chuig an ionad cúraim lae í. Rud a bhí, ar ndóigh, sách contúirteach. Samhlaigh go mbeadh ar thiománaí cairr carr eile a sheachaint agus nach bhfeicfeadh sé nó sí an tseanbhean ina suí san fhéar fada?

Chaith mé féin trí mhí ag tabhairt aire do mo mham níos túisce i mbliana agus nuair a d’fhill mé ar an mBrasaíl i lár mhí Iúil ní raibh mé ar mo shuaimhneas. Thuig mé i mo chroí istigh go raibh rudaí ag dul ó smacht agus nár chóir dom, b’fhéidir, mo mham a fhágáil léi féin ar chor ar bith. Ach céard faoi mo shaol féin – agus dá mbogfainn isteach le mo mham go dtí go mbeadh áit ar fáil di ar an bhfeirm chúraim, cén t-achar a bheadh romham ag obair mar chúramóir lánaimseartha?

Bíodh baint idir an dá rud nó ná bíodh, ach mí tar éis dom filleadh ar an mBrasaíl bhí mo mham tar éis dul in olcas chomh mór sin gur chuir ceathrar de na cúramóirí in iúl dúinn, ina nduine is ina nduine laistigh de sheachtain amháin, gur mheas siad nach raibh sé sábháilte a thuilleadh go raibh ár máthair ina cónaí léi féin.

Chuir muid glaoch ar na húdaráis sláinte agus chuaigh siad ar thóir leaba phráinne. D’aimsigh siad ceann níos túisce ná mar a bhí coinne acu féin leis agus bhí orm deifriú abhaile: mura mbeadh mo mham sa leaba sin an lá ar thuirling mise ag aerfort Schiphol chaillfeadh muid an leaba. Cá bhfios cén fhad a thógfadh sé ar na húdaráis leaba phráinne eile a aimsiú – agus, go háirithe, cá bhfios cá háit a bheadh a leithéid?

Bhí an t-ádh orainn an iarraidh seo: i dteach altranais traidisiúnta atá sách beag atá an leaba a aimsíodh dár máthair, teach altranais nach bhfuil ach sé chiliméadar ónár mbaile dúchais: fiche nóiméad ar rothar. Ag pointe amháin bhí caint ar thithe altranais chomh fada le 60 ciliméadar ó bhaile.

Seachtain go leith atá caite ag mo mham sa teach altranais anois. Tuigeann sí, an chuid is mó den am, nach raibh aon rogha eile againn agus cheana féin tá cairdeas déanta aici le duine nó beirt de na hothair eile agus le duine nó beirt den fhoireann.

Ach tá a teach féin folamh – agus, ag an am céanna, lán truflaise agus salachair. Tá an croí imithe as ach tá seastáin leabhar le glanadh, tá an doirteal ag cur thar maoil agus tá stuif nach n-úsáidfidh mo mháthair riamh arís le caitheamh amach. Céim eile is ea é sa phróiseas fada dobróin a bhaineann le galar Alzheimer, faraor – agus tús le caibidil nua i saol mo mháthar agus a clainne.

Mar a dúirt sí féin an lá ar thug muid go dtí an teach altranais í: ‘Is duine eile mé anois, mar sin.’

Fág freagra ar 'Tá teach mo mháthar folamh agus is ‘duine eile’ anois í…'

  • Carmel Ní Ghairbhín

    Próiséas fada dobhróin sin é a Alex . Ní thuigeann daoine é sin . Fágann tú slán ag an duine mar a bhíodh sé. Bhí an ceart ag do mham. Tá sé an-dian. Bíodh a fhios agat go gcabhraíonn an méid a scríobhann tú go mór le daoine atá nó a bhíodh ar an mbóthar céanna.

  • Máigréad Ní Murcada

    Thá súil agam go mbeidh sé ar do chumas í a dfheiscint go minic.

  • Alex

    Go raibh maith agaibh a Carmel agus a Mháigréad.