Trí rud a bhfuil leigheas iontu: barróga, póga agus plástair

Tá méadú mór tagtha ar líon na ngearrthacha atá ar dhaoine ó ceannaíodh an bosca nua plástar

Trí rud a bhfuil leigheas iontu: barróga, póga agus plástair

‘Ach tuige a bhfuil tú ag cur plástar ar an ngearradh atá uirthise, is níl tú ag cur aon phlástar ar mo ghearradhsa?’ a d’fhiafraigh an Babaí díom agus cantal air.

Is ceird chigilteach, chasta, fhíneálta í cothrom na Féinne a thabhairt do chuile dhuine agus is minic nach n-éiríonn liom. Ní leor, agus tá seo foghlamtha go maith agam, cothrom na Féinne i a thabhairt do dhuine i do chroí istigh. Caithfear a bheith cinnte go bhfeictear go bhfuil cothrom na Féinne á thabhairt agat chomh maith.

Bhí gearradh beag ar a méar ag an gCailín Mór Beag agus bhí plástar á chur agam air nuair a thug mé faoi deara an Babaí le mo thaobh.

‘Tá brón orm,’ a dúirt mé, ‘ní raibh a fhios agam go raibh aon ghearradh ort.’

Níl a fhios agam cén fáth nó cén chaoi, ach bhí méadú mór tagtha ar líon na ngearrthacha a bhí ar dhaoine sa teach le dhá lá ó cheannaigh muid an bosca nua plástar.

Tharla go raibh pictiúirí deasa d’ainmhithe beaga agus iad gléasta ina sárlaochra ar na plástair chéanna. Ach, is dóigh nach raibh aon bhaint aige sin leis an éigeandáil gearrthacha. Is maith an lá, go deimhin, go raibh na plástair agam nuair a theastaigh siad.

‘Ní fhaca tú é?’ a deir sé agus iontas air. ‘Tá gearradh mór millteach orm.’ Thuig mé gurb éard a bhí i gceist aige dáiríre ná, ‘an bhfuil tú caoch?’.

Tá teastas in áit éicint sa teach agam a deir go bhfuil traenáil gharchabhrach don tuismitheoir déanta agam. Rinne mé an traenáil cúig bliana ó shin agus is dóigh go bhfuil sé thar am agam tabhairt fúithi arís.

Taispeánadh dúinn le linn an chúrsa lae céard atá le déanamh dá mbeadh duine á thachtadh, nó dá mbeadh drochghearradh orthu, nó gortú comhtholgtha nó CPR le tabhairt dó. Buíochas mór le Dia, ní raibh mórán gá leis an traenáil ó shin.

Dá thábhachtaí scileanna garchabhrach cearta a fhoghlaim, níor thuig mé i gceart, ag tús mo chuid traenála mar altra/Mamaí, go bhfuil trí ghné den chóireáil gharchabhrach a mbainfidh tú níos mó úsáide astu ná aon chuid eile di:

  1. Barróga
  2. Póga
  3. Plástair (is fearr iad má bhíonn pictiúirí deasa orthu)

‘Taispeáin an gearradh,’ a dúirt mé, ‘agus cuirfidh mé plástar air.’

‘Anseo atá sé,’ a deir sé agus shín sé amach a ordóg. Chrom mé síos agus rinne mé staidéar grinn uirthi. Ní raibh mé in ann aon ghearradh ná marc d’aon chineál a fheiceáil in aon áit.

‘Sílim go bhfuil an t-aer ag déanamh an-leas don ghearradh sin,’ a dúirt mé agus dearmad déanta agam ar mo chuid traenála. ‘Tá tú níos fearr as, ar aon chaoi, an t-aer a scaoileadh ag gearradh agus cneasóidh sé níos sciobtha.’

Bhreathnaigh sé orm ar dtús agus iontas air, ansin bhreathnaigh sé ar a ordóg agus chroith sé a cheann.

‘Níl an t-aer ag déanamh aon mhaith beo dhó, Mamaí,’ a dúirt sé.  

Fág freagra ar 'Trí rud a bhfuil leigheas iontu: barróga, póga agus plástair'

  • Pól Ó Braoin

    Is breá liom do chuid altanna, a Bhridget… cúrsaí móra beaga an tsaoil laethúil pléite go grinn géar siamsúil i gcónaí agat… nár lagaí Dia go deo thú…