Trí ‘billboard’ lasmuigh de Stormont, Béal Feirste’ – ’10 years after St. Andrews, still no Acht, how come, Arlene?’

Chuir ‘An Dream Dearg’ pictiúr amach ar na meáin shóisialta ar maidin ar deineadh fóta-eagarthóireacht air le trí chlár fógraíochta a chur lasmuigh de Stormont

Trí ‘billboard’ lasmuigh de Stormont, Béal Feirste’ –  ’10 years after St. Andrews, still no Acht, how come, Arlene?’

Tá leas bainte ag lucht an fheachtais ar son achta Ghaeilge ó thuaidh as an scannán ‘Three Billboards outside Ebbing Missouri’ chun aird a tharraingt ar na meáin shóisialta ar a n-éileamh ar reachtaíocht teanga.

Chuir ‘An Dream Dearg’ pictiúr amach ar na meáin shóisialta ar maidin ar deineadh fóta-eagarthóireacht air le trí chlár fógraíochta a chur lasmuigh de Stormont.

Sa scannán ‘Three Billboards outside Ebbing, Missouri’, a bhfuil seacht n-ainmniúchán Oscar faighte aige, crochann Mildred Hayes (Frances McDormand) trí chlár fógraíochta chun aird a tharraingt ar an scéal nach bhfuil aon dul chun cinn déanta ag na póilíní lena bhfiosrúchán maidir le dúnmharú a hiníne.

Leanann an cleas is déanaí ag ‘An Dream Dearg’ múnla na gclár fógraíochta sa scannán le Martin McDonagh agus ceist shimplí acu: ’10 years after St. Andrews, still no Acht, how come, Arlene?’.

Tagraíonn an cheist sin don gheallúint a tugadh i gComhaontú Chill Rímhinn in 2006 go dtabharfaí acht Gaeilge isteach agus don tsáinn pholaitiúil ó thuaidh a chuaigh in olcas an tseachtain seo caite nuair a d’fhógair ceannaire an DUP Arlene Foster go raibh deireadh tagtha leis na cainteanna maidir le hathbhunú an fheidhmeannais mar gheall ar easaontas faoi cheist an achta.

Theip ar na cainteanna is déanaí maidir le hathbhunú an fheidhmeannais an tseachtain seo caite mar gheall ar easaontas faoi cheist an achta Ghaeilge. Agus teip na cainteanna á fógairt aici dúirt ceannaire an DUP, Arlene Foster, nach nglacfadh sí go deo le hacht don Ghaeilge amháin agus nár éirigh leis an dá pháirtí teacht ar réiteach mar gheall ar an gceist sin.

Glactar anois leis, áfach, go ndearna lucht idirbheartaíochta Shinn Féin agus an DUP dréachtmhargadh ina raibh réiteach ann faoi cheist an achta ach gurbh amhlaidh gur chinn ceannairí DUP gan an margadh sin a chur faoi bhráid a bpáirtí.

Fág freagra ar 'Trí ‘billboard’ lasmuigh de Stormont, Béal Feirste’ – ’10 years after St. Andrews, still no Acht, how come, Arlene?’'

  • Bríd Rogha Bhríde

    Maith sibh @DreamDearg! Éifeachtach!

  • Bríd Rogha Bhríde

    Cé nach sílim gur as an scannán ‘Three Billboards outside Ebbing Missouri’ a bhain siad leas ach as na trí chlár fógraíochta údaí a chur muintir na háite suas i Leitir Mealláin le spreagadh ó pháisti na háite. Maith iadsan fósta!