Tréimhsí cónaitheachta bronnta ag Áras Scríbhneoirí na hÉireann ar bheirt scríbhneoirí Gaeilge

Tá Sadhbh Devlin, scríbhneoir leabhar do pháistí, agus Aedín Ní Thiarnaigh, atá ag obair ar a céad úrscéal, i measc seachtar scríbhneoirí ar bronnadh cónaitheachtaí Áras Scríbhneoirí na hÉireann orthu

Tréimhsí cónaitheachta bronnta ag Áras Scríbhneoirí na hÉireann ar bheirt scríbhneoirí Gaeilge

Aedín Ní Thiarnaigh agus Sadhbh Devlin

Tá tréimhsí cónaitheachta sa Ghaeltacht bronnta ag Áras Scríbhneoirí na hÉireann ar bheirt scríbhneoirí Gaeilge.

Tá Sadhbh Devlin, scríbhneoir leabhar do pháistí, agus Aedín Ní Thiarnaigh, atá ag obair ar a céad úrscéal, i measc seachtar scríbhneoirí ar bronnadh cónaitheachtaí Áras Scríbhneoirí na hÉireann orthu.

Beidh an seachtar scríbhneoirí ag tabhairt aghaidh ar Bhaile na Sceilg i nGaeltacht Chiarraí ar feadh 10 lá don tréimhse chónaitheachta san fhómhar.

Ag labhairt di le Tuairisc dúirt Sadhbh Devlin, a bhfuil a leabhar Amuigh faoin Spéir ar ghearrliosta na nGradam Foilsitheoireachta 2023 a fógraíodh inné, go bhfuil sí ag súil go mór leis an tréimhse scríbhneoireachta sa Ghaeltacht.

“Táim gafa cheana féin le breathnú ar íomhánna ón áit agus ag léamh altanna atá scríofa ag ealaíontóirí a bhí ann roimhe seo agus ag samhlú mé féin ann.

“Tá an chuma air gur áit fhíorálainn agus spreagúil é.”

Beidh na scríbhneoirí ag díriú ar a gcuid saothar féin a fhorbairt le linn a dtréimhsí in Uíbh Ráthach.

Beidh Sadhbh Devlin ag obair ar shaothar nua a bheas dírithe ar dhaoine fásta, an chéad uair di tabhairt faoi leabhar do léitheoirí fásta.

“De ghnáth bím ag scríobh do pháistí óga ach táim ag díriú ar thogra do dhaoine fásta faoi láthair. Beidh sé dochreidte an t-am agus an spás intinne a bheith agam díriú go hiomlán ar an scríbhneoireacht seo toisc gur rud an-dhifriúil é ó mo chuid pictiúrleabhar.

“Táim ag tnúth le haithne a chur ar na scríbhneoirí eile a bheas i mo chuideachta freisin,” a dúirt sí.

Dúirt an láithreoir agus scríbhneoir Aedín Ní Thiarnaigh, arb as Loch Garman di ó dhúchas, ach atá ina cónaí ar Inis Meáin, gur deis iontach a bheas sa chónaitheacht díriú ar a céad úrscéal, úrscéal rómánsaíochta do mhná.

“Tá mé ag obair ar úrscéal do mhná. Sin an cineál leabhair a thaitníonn liom, rud a d’fhéadfá a phiocadh suas ar saoire, ar thaobh na farraige. Nuair a chonaic mé nach raibh a leithéid de leabhair i nGaeilge, sin a spreag mé i mbun pinn.

“Tá go leor ábhar léitheoireachta den scoth ar fáil i nGaeilge ach tá go leor de cuibheasach trom agus tá mé ag díriú ar rud éigin níos éadroime, níos boige,” a dúirt Ní Thiarnaigh.

Suad Aldarra, Lisa Harding, David McGrath, Pallavi Padma-Uday, Aimée Walsh na scríbhneoirí eile a roghnaigh Áras Scríbhneoirí na hÉireann i mbliana.

Roghnaítear beirt scríbhneoirí Gaeilge gach bliain faoin scéim ar cuireadh tús léi in 2015.

Foras na Gaeilge a chuireann an maoiniú ar fáil.

Fág freagra ar 'Tréimhsí cónaitheachta bronnta ag Áras Scríbhneoirí na hÉireann ar bheirt scríbhneoirí Gaeilge'

  • Caitlín Nic Íomhair

    Comhghairdeachas leo beirt!