‘Trédhearcacht iomlán’ ag teastáil ó RTÉ más leo muinín an phobail a fháil ar ais – Varadkar

Dúirt an Taoiseach go raibh sé ríthábhachtach go mbeadh na fíricí go léir a bhain le híocaíochtaí rúnda a rinneadh le Ryan Tubridy ar eolas ag daoine

‘Trédhearcacht iomlán’ ag teastáil ó RTÉ más leo muinín an phobail a fháil ar ais – Varadkar

Deir an Taoiseach Leo Varadkar go gcaithfidh RTÉ “trédhearcacht agus freagracht iomlán” a léiriú chun an mhuinín a bhí ag daoine san eagraíocht a thabhairt ar ais i ndiaidh scannal na n-íocaíochtaí.

Dúirt an Taoiseach go raibh sé ríthábhachtach go mbeadh na fíricí go léir a bhain le híocaíochtaí rúnda a rinneadh le Ryan Tubridy ar eolas ag daoine.

Chaithfí daoine a chur ar an eolas “faoi cé a rinne an cinneadh seo agus an cinneadh siúd agus cathain agus cén fáth a ndearnadh iad.”

Tá RTÉ sáinnithe i gconspóid mhór ó d’admhaigh siad gur íocadh leis an gcraoltóir aitheanta Ryan Tubridy na céadta míle euro níos mó ná mar a tugadh le fios don phobal agus don Oireachtas.

Dúirt an Taoiseach go ndíreodh an t-athbhreithniú ar RTÉ atá fógartha ag an Rialtas ar “rialachas agus cultúr” na heagraíochta.

Thógfadh sé roinnt míonna an t-athbhreithniú neamhspleách a chur i gcrích, a dúirt sé.

Dúirt Leo Varadkar nach raibh aon rud a thabharfadh le tuiscint go raibh aon ní mídhleathach déanta ag aon duine i gcás na n-íocaíochtaí ach go mb’fhéidir go raibh sárú ar chaighdeáin chuntasaíochta agus eitice i gceist.

Tá ráitis déanta ag cuid de na craoltóirí is cáiliúla ag RTÉ – Ray D’Arcy, Miriam O’Callaghan, Joe Duffy agus Claire Byrne – faoin gconspóid agus faoin bpá a fhaigheann siad féin. Dúirt siad go léir gur mar a chéile an pá a fhaigheann siad agus an méid a tuairiscíodh faoin bpá sin.

Idir 2017-2022, fuair Ryan Tubridy €345,000 níos mó ná mar a thuairiscigh RTÉ.

Tháinig na híocaíochtaí chun solais nuair a deineadh gnáthiniúchadh ar chuntais RTÉ.

Dúirt Bord RTÉ go raibh socrú speisialta ann faoinar íocadh €75,000 sa bhreis le Tubridy sa bhliain, airgead a bhí le teacht ó urraíocht tráchtála.

Tháinig an íocaíocht €75,000 ó Renault, an t-urraitheoir, in 2020 ach nuair nár deineadh an socrú sin a athnuachan d’íoc RTÉ féin an tsuim chéanna airgid le Tubridy faoi dhó ina dhiaidh sin.

D’fhógair Ardstiúrthóir RTÉ Dee Forbes inné go raibh sí ag éirí as agus ghabh sí leithscéal faoi na híocaíochtaí rúnda.

Dúirt Forbes gur uirthi féin a bhí an phríomhfhreagracht as cúrsaí in RTÉ.

Tá cuireadh faighte ag Forbes agus feidhmeannaigh RTÉ freastal ar chruinniú de Choiste Oireachtais na Meán amárach.

Beidh ionadaithe ó RTÉ os comhair an Choiste um Chuntais Phoiblí Déardaoin chun a thuilleadh ceisteanna a fhreagairt faoin gconspóid.

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar agus an Tánaiste Micheál Martin gur chóir do Dee Forbes a bheith i láthair ag na cruinnithe sin mar go bhfuil ceisteanna fós le freagairt aici agus eolas aici faoin scéal.

Tá RTÉ le ráiteas “cuimsitheach” a dhéanamh faoin gconspóid níos déanaí inniu.

 

 

Fág freagra ar '‘Trédhearcacht iomlán’ ag teastáil ó RTÉ más leo muinín an phobail a fháil ar ais – Varadkar'