Tragóid na hEorpa Láir – aiste a scríobhadh 40 bliain ó shin ar tábhachtaí ná riamh í

Is é bunéirim aiste athfhoilsithe Milan Kundera gur ‘fuadaíodh’ lár na hEorpa go dtí an tOirthear nuair a tháinig formhór an cheantair faoi smacht na Rúise

Tragóid na hEorpa Láir – aiste a scríobhadh 40 bliain ó shin ar tábhachtaí ná riamh í

I mí Aibreáin na bliana seo, foilsíodh aistriúchán Béarla ar an aiste ‘An tIarthar Fuadaithe: Tragóid Lár na hEorpa’ (A Kidnapped West: The Tragedy of Central Europe) leis an scríbhneoir cáiliúil Seiceach, Milan Kundera. Is ar chúis mhaith a chuir na meáin suim ann – tá tábhacht níos mó ná riamh leis an aiste, in ainneoin gur scríobhadh daichead bliain ó shin í.

Bhí Kundera páirteach in ‘Earrach Phrág’, gluaiseacht chultúrtha agus pholaitiúil sa tSeicslóvaic ag deireadh na 1960idí, gluaiseacht a bhí ar son saoirse na n-ealaíon, saoirse cainte agus athruithe eile a bhíothas ag ag iarraidh a thabhairt isteach sa chóras Cumannach a bhí i réim sa tír ag an am sin.

Dála an scéil, chuir lucht na Gaeilge suim áirithe sa ghluaiseacht sin – scríobh Liam Ó Muirthile sárdhán dar teideal ‘Earrach Phrág’ agus d’aistrigh Annraoi de Paor go Gaeilge leabhar aistí faoi Alexander Dubček, an polaiteoir ba thábhachtaí sa tSeicslóvaic le linn na tréimhse sin. Lean geimhreadh fada an tEarrach, ámh, nuair a rinne an tAontas Sóivéadach agus á thíortha satailíte ionradh míleata ar an tSeicslóvaic i Lúnasa 1968. Go luath ina dhiaidh sin, d’fhág Kundera an tír agus d’imigh go Páras. Is ansin a céadfhoilsíodh an aiste sa Fhraincis i 1983.

In An tIarthar Fuadaithe, breathnaíonn Kundera ar imeachtaí an chogaidh fhuair i gcomhthéacs stair agus chultúr lár na hEorpa, limistéar fairsing a chuimsíonn an Ostair, an Ungáir, an Pholainn, Poblacht na Seice, an tSlóvaic agus roinnt tíortha eile. Tá tábhacht faoi leith ag baint leis an bhfocal ‘lár’ toisc go mbíonn díomá agus frustrachas ar an gcuid is mó d’áitritheoirí an réigiúin pé uair a thugtar ‘Oirthear na hEorpa’ air. Is é bunéirim na haiste gur ‘fuadaíodh’ lár na hEorpa go dtí an tOirthear nuair a tháinig formhór an cheantair faoi smacht na Rúise tar éis an dara cogadh domhanda.

Áitíonn Kundera go tréan go mbaineann an limistéar leis an Iarthar go cultúrtha agus gur éagóir mhór staire a bhí san ‘fhuadach’ sin. Mórann sé tábhacht lár na hEorpa ó thaobh na smaointeoireachta, an cheoil agus na litríochta de agus luann sé leithéidí Franz Kafka, Béla Bartók agus Sigmund Freud.

Dar leis, d’eascair an saibhreas cultúrtha neamhchoitianta seo as an éagsúlacht mhór teangacha, cultúir agus creidimh a bhí le fáil sa réigiúin – b’fhoinse teannais an éagsúlacht go cinnte, ach foinse chruthaitheachta as cuimse ag an am céanna. Is í ‘an éagsúlacht is mó san áit is cúinge’ bunphrionsabal lár na hEorpa, dar le Kundera, i gcodarsnacht leis ‘an éagsúlacht is lú san áit is fairsinge’ a shamhlaíonn sé leis an Rúis.

Ba léir tábhacht na haiste arís tar éis ionradh na Rúise ar an Úcráin anuraidh. Tosaíonn an téacs le ráiteas stiúrthóir Áisíneacht Nuachta na hUngáire i 1956, nuair a bhí arm na Rúise ag cur éirí amach san Ungáir faoi chois go brúidiúil: ‘Táimid chun bás a fháil ar son na hUngáire agus na hEorpa.’ Feictear dom gurb é seo go díreach an meon atá ag Úcránaigh an lae inniu – tá siad toilteanach a mbeatha a íobairt ar son na hEorpa, is é sin, ar mhaithe le bheith mar chuid d’Iarthar na hEorpa a shainmhíníonn Kundera go príomha ar bhonn an chultúir agus na luachanna, seachas ar bhonn tíreolaíoch amháin.

Níor mhaith leo a bheith páirteach sa русский мир, an domhan uileghabhálach Rúiseach, atá á chur chun cinn ag idé-eolaithe Putin. Agus sa troid fhuilteach sin, tá siad ag cosaint tíortha Eorpacha eile chomh maith. Maraíodh an stiúrthóir Ungárach in ionsaí airtléire go luath tar éis dó an ráiteas a eisiúint ach braitheann sé orainne, na hEorpaigh, agus ar thíortha eile an domhain, an mbeidh cinniúint níos fearr ag Úcránaigh an lae inniu. (Shamhlófá go mbeadh rialtas na hUngáire san am i láthair in ann an méid a thuiscint, ach sin scéal eile.)

Seachas an ghné phráinneach sin den scéal, tá a lán smaointe san aiste a gcuirfeadh lucht na Gaeilge suim ar leith iontu. Labhraíonn Kundera faoi thíortha lár na hEorpa mar “náisiúin bheaga” a bhí ar an taobh “mícheart” den stair go minic agus nach féidir leo a bheith cinnte riamh cé chomh fada a mhairfidh siad.

San óráid a thug Kundera do Chumann Scríbhneoirí na Seicslóvaice i 1967 (tá leagan Béarla di in éineacht le ‘An tIarthar Fuadaithe’ sa leabhar), míníonn sé gur chosain athbheochanóirí na Seicise ceart maireachtála an náisiún de réir an chultúir i gcónaí. Ina thuairimse, braitheann bheith ann an náisiúin féin ar na luachanna cultúrtha a chruthaíonn sé – ní ar a shon féin ach ar mhaithe le cultúr níos leithne, Eorpach nó domhanda.

An chúis is fearr le teanga a athbheochan agus a chaomhnú ná go gcuireann sé sin le saibhreas spioradálta an chine dhaonna. Tá neart ábhair machnaimh ansin.

Fág freagra ar 'Tragóid na hEorpa Láir – aiste a scríobhadh 40 bliain ó shin ar tábhachtaí ná riamh í'

  • Derry

    Suimiúil!