Toradh maith ag teastáil ó Éirinn agus an dóchas ag trá

Imreoidh Éire in aghaidh na Seirbia anocht i mBaile Átha Cliath agus an misneach a bhí ann i ndiaidh an chluiche in aghaidh na Portaingéile imithe i léig

Toradh maith ag teastáil ó Éirinn agus an dóchas ag trá

Éire v An tSeirbia – Staid Aviva, 7.45pm

Feicfear anocht an bhféadfadh rudaí éirí níos measa fós do Stephen Kenny agus foireann na hÉireann nuair a thabharfaidh siad aghaidh ar an tSeirbia i mBaile Átha Cliath. Níl cluiche iomaíoch buaite fós ag Kenny mar bhainisteoir na hÉireann agus tá pé muinín a bhí ann tar éis an chluiche in aghaidh na Portaingéile imithe tar éis lagtaispeántas na foirne in aghaidh na hAsarbaiseáine Dé Sathairn.

Ní raibh an cumas ná an díograis a léirigh na hÉireannaigh sa Phortaingéil le feiceáil ag an deireadh seachtaine agus na seanfhadhbanna céanna ag cur as dóibh. Theip orthu arís eile córas cosanta daingean a bhriseadh síos.

Níor chuidigh athruithe an bhainisteora leis an scéal ach an oiread. Tugadh isteach Troy Parrott, Jayson Molumby agus James McClean agus ní dheachaigh aon duine den triúr i bhfeidhm ar an imirt.

Tá seans ann go n-imreoidh McClean arís anocht toisc nach mbeidh Séamus Coleman ar fáil de bharr gortaithe, ach ábhar iontais a bheadh ann dá dtosódh Parrott in aghaidh na Seirbia.

Beidh Aaron Connolly féin faoi bhrú, gan mórán déanta i gceart ag an nGaillimheach le cúpla cluiche anuas, agus d’fhéadfaí Callum Robinson a thabhairt isteach ina áit.

Cé go raibh Adam Idah ar dhuine de na himreoirí is fearr ag Éirinn le cúpla cluiche anuas, tá sé in am dó an beart a dhéanamh os comhair an chúil.

Ní raibh aon deacrachtaí ag an tSeirbia cúil a scóráil le cúpla cluiche anuas. Bhí bua 4-0 acu in aghaidh Chatar Dé Céadaoin seo caite agus sháraigh siad Lucsamburg 4-1 Dé Sathairn. D’aimsigh Dušan Vlahović agus Aleksandar Mitrović, an bheirt a scóráil in aghaidh na hÉireann mí an Mhárta seo caite, cúil sna cluichí sin, mar a rinne an tosach cumasach eile atá acu, Luka Jović.

Cé gur chaill Éire an cluiche sin sa Bhéalgrád san earrach 3-2, moladh taispeántas na foirne agus dúradh go raibh comharthaí dóchais ann do ré Kenny. Is beag feabhas atá tagtha ar chúrsaí ó shin, áfach, agus ní shaothrófar aon dea-thoil anocht má chailltear cluiche eile.

Fág freagra ar 'Toradh maith ag teastáil ó Éirinn agus an dóchas ag trá'