‘Tiocfaidh tú abhaile ar mo shochraid’ – cás an imirceora gan stádas i SAM

Tá ceist na n-imirceach nach bhfuil stádas oifigiúil cónaithe agus oibre acu i Meiriceá tagtha chun cinn go mór arís de bharr dhearcadh an Uachtaráin Donald Trump ar an ábhar sin

‘Tiocfaidh tú abhaile ar mo shochraid’ – cás an imirceora gan stádas i SAM

Ba bhrónach an tsamhail é.  Mac ag fágáil slán lena athair a bhí ag dul amach go maith sna blianta. “Tiocfaidh tú abhaile ar mo shochraide,” arsa Pat Phádraic Fheilipe. Thug Tomás Ó Conaire an bóthar amach air féin as Ros Cíde i dtreo an Ghoirt Mhóir i  Ros Muc i gConamara agus as sin ó dheas chun na Sionainne.  D’fhan focla a athar ina cheann ar an aistear chuig an aerfort agus as sin siar go Boston.  Ba ghearr go dtiocfadh a bhean, Eileen, agus na gasúir Michael agus Irene, amach as Éirinn in éineacht leis.  An bhliain – 1984.

Ar nós na mílte eile, bhí cúl tugtha acu le hÉirinn.  Bhí os cionn 20% de mhuintir na tíre seo dífhostaithe agus bhí an cháin ioncaim gaibhte go spéir.  Má bhí tú ag obair féin ba ghearr le ghabháil an méid a bhí fanta agat théis na seachtaine.  Bhí an tír i bhfad siar mealltach – Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Ba mhinic liom casadh le Tomás agus le Eileen agus na gasúir sna blianta ina dhiaidh sin i mBoston.  Bhí ag éirí go maith leo ach go raibh lúb ar lár – bhíodar i Meiriceá go mídhleathach.  Bhí neart comhluadair acu a bhí sa mbád céanna, na mílte acu.  Is beag nach gceapfá gur i Ros Muc nó i gCarna nó ar an gCeathrú Rua a bheifeá oíche Shathairn i Fields Corner i mBoston i lár na n-ochtóidí.  Ba san am sin a thosaigh na feachtais i measc na nÉireannach óg agus iad ag iarraidh go ndéanfaí socrú go bhfaighidís stádas dleathach agus an ‘Green Card’ – an cárta aitheantais oibre sna Stáit.  Bhí na céadta ag na cruinnithe sna cathracha móra i Meiriceá.

Bhí neart oibre ag Tomás Ó Conaire agus deireadh sé féin go raibh sásamh agat i do sheachtain oibre, bhí an pá go maith.  Lena chois sin, thosaigh sé gnó páirt-aimseartha é féin, ag glanadh sneachta sa ngeimhreadh agus ag glanadh garrantaí agus duilliúir sa samhradh agus sa bhfómhar.  Ach anois agus arís chloiseadh sé an glór i bhfad ó bhaile:  ‘Tiocfaidh tú abhaile ar mo shochraide.’

Ní fhéadfadh Tomás cuairt a thabhairt ar Éirinn.  Bhí an chontúirt rómhór go mbéarfaí ort ar an mbealach ar ais.  Chuaigh sé chuig na cruinnithe a d’eagraigh an Irish Immigration Reform Movement, an cumann a bhunaigh na hÉireannaigh i Meiriceá san am le teannadh a chur lena nglór.  Thugadar iarraidh mhaith faoi.  Tugadh isteach socruithe – ar nós an ‘Donnelly Visa’ (1987)  a chuidigh leis na hÉireannaigh ach níor éirigh le Tomás ceann acu a fháil.  Bhí sciob sceab orthu agus bhí tú ag brath ar d’ainm a theacht amach i gcrannchur.  D’imigh na blianta thart agus bhí muintir Chonaire ag cruthú bunáit mhaith dóibh féin i mBoston, fiú agus nach raibh na dintiúirí oifigiúla acu.  Ansin, tráthnóna earraigh i 1991 tháinig an scéala brónach; bhí athair Thomáis básaithe sa mbaile i Ros Muc.   An ngabhfadh sé sa seans agus an ngabhfadh sé abhaile ar shochraide a athar?

Chuaigh.

D’éirigh leis.  Níor cuireadh aon chaidéis air ag na haerfoirt.  Aistear uaigneach a  bhí inti – é sin agus an imní go bhféadfaí é a stopadh ó dhul ar ais chuig a bhean agus a chlann.  Ach, go díreach mar a dúirt a athair leis seacht mbliana roimhe sin, bhí Tomás tagtha abhaile ar a shochraide.  Ní raibh sé inrásta aige corraí as Meiriceá in imeacht na mblianta mar nach raibh stádas dleathach aige.  Ní raibh mórán teileafóin sna tithe an uair sin ach an oiread agus ní raibh aon chaint ar an Skype.   Tá caitheamh ina dhiaidh ag Tomás i gcónaí faoi nach bhfaca sé a athair sna seacht mbliana deireanacha dá shaol.

Ba thart ar an mbliain ar imigh Tomás agus Eileen agus a gclann a tháinig ceist na n-imirceoirí mídhleathacha as Éirinn chun cinn go mór. 

Bhítí ag rá go raibh 150,000 acu sna Stáit sna hochtóidí.  Bhí easaontas ann faoin bhfigiúr – bhíodh leithéid Garret Fitzgerald ag caitheamh amhrais orthu agus é i mbun na n-uimhreacha.  Ach, pé figiúr ba chirte, bhí fadhb ollmhór ann agus bhí na hÉireannaigh ag éileamh gur cheart go bhfaighidís socrú ar leith. Mar is amhlaidh anois, ba dheacair sin a dhéanamh, ach ní raibh an daonra as tíortha eile chomh tréan i Meiriceá san am.  Tugadh isteach na ‘Donnelly Visa’ agus an ‘Morrison Visa’ rud a chuidigh leis na hÉireannaigh. Ba feisirí Comhdhála de shliocht na hÉireann i Washington iad Brian Donnelly agus Bruce Morrison.

Laghdaigh fadhb na n-imirceoirí mídhleathacha nuair a chuir an Tiogar Ceilteach a chosa uaidh in Éirinn. D’fhill go leor lánúnacha ar an mbaile.  Tharla rud eile ansin sa mhéid agus gur daingníodh na rialacha tuilleadh tar éis na n-ionsaithe ar Nua-Eabhrac agus ar Washington i Meán Fómhair 2001. Ba dheacra fós ag Éireannaigh ina dhiaidh sin bealach dleathach a fháil isteach go Meiriceá.   Ach le himeacht aimsire ní raibh sna hÉireannaigh ach lear an-bheag de na sluaite as an Áise, as Meiriceá Theas agus, ar ndóigh, as Meicsiceo a bhí ag teacht isteach go Meiriceá, cuid acu go dleathach agus cuid acu go mídhleathach.

Rinne na Seanadóirí John McCain agus Ted Kennedy go leor iarrachtaí le réiteach a fháil ar cheist na n-imirceoirí mídhleathacha agus bhí go leor teagmhála ag ionadaithe rialtais anseo agus ag eagraíochtaí na hÉireann i Meiriceá leo.  Sa deireadh, is beag a bhíodar in ann a bhaint amach.  Bhí an iomarca imní ar fheisirí na Comhdhála agus ar Sheanadóirí sna Stáit ó dheas, idir Phoblachtánaigh (go háirithe) agus Dhaonlathaigh.

Cé nár tarraingíodh mórán airde air i measc na nÉireannach, ba é an Seanadóir Ted Kennedy a rinne stiúradh ar an Acht a laghdaigh seasamh na tíre seo go mór sa gcóras inimirce sna Stáit.  An Immigration and Nationality Act a tugadh air sin agus shínigh an tUachtarán Johnson é faoi scáth Dhealbh na Saoirse i 1965.  An tUachtarán Kennedy a mhol go dtabharfaí an spás agus an stádas breise do mhuintir na hÁise agus Mheiriceá Theas – agus tíortha go leor eile – sa gcóras inimirce i Meiriceá.  Bhí cúiseanna taidhleoireachta idirnáisiúnta chomh maith le cothrom na Féinne do thíortha eile – seachas tíortha thuaisceart na hEorpa – ag baint leis an bpolasaí sin.  Caithfear a rá freisin nach raibh Éireannaigh ag líonadh an chuóta a bhí acu le dhul go Meiriceá san am.  Tharla sé go tragóideach gur feallmharaíodh an tUachtarán i 1963 agus chuir an tUachtarán Johnson mar chúram ar an Seanadóir Ted Kennedy an beart a thabhairt chun críche.

Is ceart a rá freisin nár chreid Ted Kennedy, ná go leor eile, go dtiocfadh an sruth daoine mar a tháinig as an Afraic, an Áise agus Meiriceá Theas isteach sna Stáit Aontaithe de bharr Acht na bliana 1965.   Tá ag bordáil ar 11 milliún i Meiriceá go mídhleathach anois, agus céatadán beag díobhsan iad na hÉireannaigh.  Tá bunáit cruthaithe ag a bhformhór dóibh féin i Meiriceá agus taitníonn an tír leo. 

Ach ní saol éasca é an saol faoi cheilt.

Cuimhníonn Tomás Ó Conaire i gcónaí ar fhocla a athar: ‘Tiocfaidh tú abhaile ag mo shochraide’.

Fág freagra ar '‘Tiocfaidh tú abhaile ar mo shochraid’ – cás an imirceora gan stádas i SAM'