Tinte cnámh contúirteacha ag cothú coinbhleachta

Teastaíonn ó lucht na dtinte cnámh go léireofaí meas ar a gcultúr. Ní drochmheas ar a gcultúr é an t-éileamh go mbeadh na tinte sábháilte. A gcomharsana féin atá á gcur i mbaol ag tinte ollmhóra, ina bhfuil ábhar contúirteach

Tinte cnámh contúirteacha ag cothú coinbhleachta

Tréimhse chontúirteach ab ea séasúr na máirseála i dTuaisceart Éireann le cuimhne na ndaoine. Ní féidir talamh slán a dhéanamh de nach mbrisfidh conspóid gan choinne amach faoi pharáid éigin i mbliana, ach is iad na tinte cnámh seachas máirseálacha a chothaigh faitíos go dtí seo.

Le cúpla bliain anuas, ó rinneadh margadh logánta in Ard Eoin i dtuaisceart Bhéal Feirste faoi pharáid na nOráisteach, bhí an 12 Iúil síochánta, gan chontúirt don ord poiblí. Ní hamhlaidh an scéal leis na tinte cnámh a lastar oíche an 11 Iúil chun tús a chur leis an bhféile bhliantúil. Dar le dílseoirí óga, seasamh in aghaidh an chatha ar a gcultúr is ea tinte ollmhóra a thógáil beag beann ar an gcontúirt a bhaineann leo do dhaoine, do thithe agus don timpeallacht. Maíonn roinnt gur mian le poblachtánaithe a gcultúr a scrios, go bhfuil na paráidí ceansaithe acu cheana féin agus iad ag iarraidh na tinte cnámh a chealú anois.

Mar fhreagra air sin, tógtar tinte i bhfad níos mó agus níos airde ná mar atá sábháilte agus iad róchóngarach do thithe. Is minic a chuirtear pictiúir de náisiúnaithe, poblachtánaithe agus Caitlicigh trí thine, taispeántas seicteach a mbíonn ólachán agus roinnt trioblóide ag baint leis, ach is í an chontúirt a bhaineann leo an phríomhfhadhb.

Rinneadh damáiste do bhloc árasán cúpla bliain ó shin i Rae an Ghainimh. I gceantar eile b’éigean do dhaoine a dtithe a fhágáil san oíche agus bhí ar bhriogáidí dóiteáin an oíche a chaitheamh ag scairdeadh uisce ar na tithe ionas nach loiscfí iad. Bhris círéibeacha amach anuraidh nuair a laghdaigh na húdaráis tinte, fuadaíodh carranna agus cuireadh trí thine iad, dúnadh bóithre agus sáinníodh daoine san aerfort.

Ní léir an mbeidh toradh níos síochánta ar chur chuige chomhairle na cathrach i mbliana. Maidin Dé Domhnaigh seo caite thionlaic an PSNI grúpa oibrithe a raibh mascanna orthu chuig tine chnámh ar Shráid na Leasa Móire in oirdheisceart Bhéal Feirste chun ábhar mídhleathach a bhaint aisti. Fuaireadar 1,800 bonn rubair a raibh pailléid adhmaid deisithe thart orthu chun iad a cheilt. B’éigean iad a thógáil ar shiúl ar mhaithe le sláinte an phobail; bhí alltacht ar mhóramh an phobail faoin líon mór bonn a bhí i gceist agus iad sásta gur tógadh chun siúil iad.

Cháin lucht déanta na tine Comhairle Bhéal Feirste faoin ‘ruathar’ áfach. Mhaígh Jamie Bryson thar ceann ‘comhchoiste cultúir’ oirthear na cathrach go raibh na daoine óga a bhí freagrach as an tine toilteanach cuidiú leis an gComhairle chun na boinn a bhaint as an struchtúr ach gur ordaigh náisiúnaithe ar an gComhairle a mhalairt de chur chuige. Níor mhínigh éinne conas a cuireadh boinn – i bhfolach – ar an tine, gan trácht ar an lear mór díobh a bhí ann. Tá an-chuid ceisteanna le freagairt ós léir go raibh soláthar na mbonn eagraithe.

Tháinig Bryson chun tosaigh le linn chonspóid na mbratacha agus cé go ndeire sé gur iriseoir é anois is minic a labhraíonn sé thar ceann na ndílseoirí in oirthear Bhéal Feirste. Bhí sé ar a dhícheall ag cur i gcéill gur naimhdeas náisiúnach don chultúr dílseach a bhí taobh thiar d’iompar na Comhairle seachas a dualgas poiblí maidir le sábháilteacht.

Rinneadh agóid maidin Dé Domhnaigh de bharr gur tógadh na boinn ar shiúl. Cuireadh bacainní ar an ngeata ag ionad fóillíochta, a raibh tine chnámh tógtha gan chead, ina charrchlós. Dé Luain chinn coiste de chuid na Comhairle go mbainfí ábhar contúirteach as tinte, an ceann sin san áireamh. Sular tháinig foireann na Comhairle bhain muintir na háite na céadta bonn as an tine ag an ionad fóillíochta.

Is i mBéal Feirste is measa an scéal ach bhí fadhb an tseachtain seo i bPort an Dúnáin freisin. Tá tine chnámh ansin chomh gar do thithe go bhfuil treoir tugtha do na háitritheoirí – seandaoine den chuid is mó – bogadh amach agus Oíche na dTinte Cnámh a chaitheamh i mbrú i gcathair Ard Mhacha. Tá riail ag an gComhairle áitiúil faoin achar is lú ba cheart a bheith idir an tine agus tithe. Dá réir, ba cheart do thine a bheith ar a laghad cúig fhad a hairde féin ó theach nó árasán. Is minic a sháraítear an riail sin.

Teastaíonn ó lucht na dtinte cnámh go léireofaí meas ar a gcultúr féin. Ní drochmheas ar a gcultúr é an t-éileamh go mbeadh na tinte sábháilte. Is iad a gcomharsana féin atá á gcur i mbaol ag na tinte ollmhóra, ina bhfuil ábhar contúirteach. Tá formhór mór an phobail sna ceantair dhílseacha den tuairim sin ach tá ceist faoin UVF, a maítear fúthu go mbaineann siad úsáid as an dream óg ag am íogair chun guagacht a chothú. Ní mór do cheannairí, idir pholaiteoirí agus ‘ionadaithe poiblí’ a bhíodh sna paraimíleataigh, a áitiú ar an mionlach de dhaoine óga a thógann na tinte móra sin nach maolú ná lagú ar a gcultúr é glacadh le rialacha sábháilteachta. An dtuigeann siad nach mbeadh aon chúis ag éinne cur i gcoinne na dtinte cnámh dá mbeidís saor ó chontúirt?

Fág freagra ar 'Tinte cnámh contúirteacha ag cothú coinbhleachta'

  • Lile ba léir ó

    Tá an Ríocht Aontaithe ag titim as a chéile de bharr Brexit. Tá an meán-aicme óg Protastúnach sna sé contae ag dul go Sasana anois ina mílte chun freastal ar an ollscoil agus níl siad ag pilleadh abhaile de bharr go bhfuil an áit ró-chúng dóibh. Níl an lucht oibre Protastúnach ag dul áit ar bith.
    An gcreideann aon náisiúnaí/poblachtánaí ina gcroí istigh go nglacfaidh an lucht oibre Protastúnach le hÉire aontaithe gan chogadh a throid?