TIM ROBINSON 1935-2020 – an sárscríbhneoir agus saoi a chuir Conamara ar an mapa tar éis bháis

Bhí ainm in airde ar Tim Robinson as na trí leabhar neamhfhicsin a scríobh sé faoi Chonamara agus an dá leabhar a scríobh sé a bhí bunaithe ar a chuid taighde in Oileáin Árann

TIM ROBINSON 1935-2020 – an sárscríbhneoir agus saoi a chuir Conamara ar an mapa tar éis bháis

Tá an t-údar, ealaíontóir, cartagrafaí, cartúnaí agus cainteoir Gaeilge Tim Robinson tar éis bháis i Londain in aois a 85 bliain de bharr an choróinvíris. 

Bhí galar Parkinson ag dul dó. 

Rugadh Tim Robinson in Yorkshire i Sasana i 1935. Rinne sé staidéar ar an matamaitic in Ollscoil Cambridge agus chaith sé seal in Iostanbúl, sa Vín agus i Londain ag saothrú a bheatha mar amharc-ealaíontóir sular thug sé aghaidh ar Árainn i 1972. 

Ansin a thosaigh sé ar an mapáil ar chaith sé na blianta fada ag obair uirthi. 

Bhí ainm in airde air as na trí leabhar neamhfhicsin a scríobh sé faoi Chonamara agus an dá leabhar a scríobh sé a bhí bunaithe ar a chuid taighde in Oileáin Árann. 

I Yorkshire Shasana a rugadh Tim Robinson agus nuair a tháinig sé chun cónaithe in Éirinn thug sé faoi shiúl na gcos agus shiúil sé na mílte míle ciliméadar go ndearna mapaí d’Árainn, den Bhoirinn agus de Chonamara. 

“ABC d’iontais na cruinne” a thug sé féin orthu. 

Dúirt Uachtarán na hÉireann Micheál D Ó hUigínn gur “údar mór brón” bás an údair agus ball d’Aosdána.

Dúirt an tUachtarán go raibh aithne aige ar Tim Robinson agus an-mheas go deo aige air agus ar a shárshaothar.

Cuimhneofar air, a dúirt an tUachtarán, de bharr an tuiscint dhomhain a bhí aige ar oidhreacht, thírdhreach agus mhuintir Chonamara, na Boirne agus Árann.

I léirmheas a rinne an scríbhneoir Joe O’Connor i nuachtán an Guardian, ar Connemara: Listening to the Wind, an chéad leabhar de na trí leabhar faoi Chonamara, dúirt sé go raibh “an-lear eolais” ag Robinson ar an nGaeilge agus “an-chion” aige uirthi. Dúirt O’Connor go raibh saothar Robinson faoi Chonamara ar an saothar is tábhachtaí a scríobhadh riamh faoin áit. 

Na triúr laochra: Liam Mac Con Iomaire, Tim Robinson agus Joe Steve Ó Neachtain ag seoladh an leabhair Camchuairt Chonamara Theas in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge agus Gaeltachta, An Cheathrú Rua, in 2006. D’imigh an triúr ar Shlí na Fírinne in achar bliana 2019-2020. Pictiúr: Seán Ó Mainnín

“Ní dóigh go mbeidh aon saothar liteartha eile againn a bheidh chomh tábhachtach don cheantar leis na mapaí atá déanta aige, a leabhar Stones of Aran: Labyrinth agus an leabhar seo Connemara: Listening to the Wind,” arsa O’Connor. 

“Tagaimid ar stair a bhí ligthe i ndearmad le fada an lá ar gach leathanach. Nochtar scéalta i ngach casadh sa gclaí. Tá sé de bhua ag Robinson gur féidir linn an áit iontach seo a léamh gan a bheith ag iarraidh aon bhuntáiste a bhaint as ná aon iarracht a dhéanamh é a athrú. Leabhar é seo a thugann a gceart do na daoine sin a ndearnadh feall orthu go minic agus a bhfuil a gcuid scéalta anseo agus a cheart freisin don choirnéal aisteach álainn seo den domhan.” 

Dúirt an scríbhneoir dúlra aitheanta Robert Macfarlane, go raibh tríológ Chonamara ar chuid de na “saothair neamhfhicsin is iontaí a scríobhadh riamh i mBéarla”.

Dúirt John Drever, nia le Tim Robinson, go raibh an-fhonn go deo ar a uncail turas a thabhairt ar Chonamara roimh a bhás ach nár lig an easláinte dó sin a dhéanamh. 

“Bhí suim ag Tim i chuile shórt rud – céimseata, matamaitic, geolaíocht, i rudaí móra millteacha na cosmeolaíochta agus i rudaí beaga chomh maith. 

“Ar shlí éigin d’éirigh leis na rudaí sin ar fad a thabhairt le chéile sa gcúinne sin den domhan. Bhí na rudaí móra agus na rudaí beaga le fáil aige i gConamara,” a dúirt Drever. 

“Thaitin sé leis go raibh meas airsean, Sasanach, in Éirinn, áit an-speisialta ab ea an tír ina chroí.” 

Dúirt Brendan Barrington, eagarthóir Robinson le Penguin Books, go raibh an t-údar “ar dhuine de na scríbhneoirí ab fhearr i mBéarla, is cuma cén seánra”. 

Dúirt an The New York Review of Books tráth nach raibh a leithéid eile de scríbhneoir ann.

“Is deacair smaoineamh ar aon údar eile sa litríocht áite ar éirigh leis castacht agus cruinneas na mapála ina cheantar féin a dhéanamh i dteanga a bhí chomh paiseanta agus chomh cíocrach sin.” 

Bhásaigh Tim Robinson in Ospidéal St Pancras Hospital i dtuaisceart Londan, in aice lena árasán in Hampstead Thiar. 

Níl sé ach coicís ó shin ó bhásaigh a bhean agus a chomhoibrí, Mairéad Robinson.

Chaith Tim Robinson cuid mhaith blianta ina chónaí le céibh i gCloch na Rón in iarthar Chonamara. Bhog sé féin agus a bhean go Londain in 2015 nuair a bhí an tsláinte ag teip orthu.  

Foilsíodh Stones of Aran: Pilgrimage, i 1985, agus fuair sé bonn na litríochta ag an  ‘Irish Book Awards’ agus Gradam Rooney na Litríochta i 1987.  I 1995 a foilsíodh Stones of Aran: Labyrinth.

Bronnadh dhá mhórdhuais litríochta ag na Irish Book Awards ar thríológ Chonamara: Listening to the Wind (2006), The Last Pool of Darkness (2008) agus A Little Gaelic Kingdom (2011).

I 1995 chomh maith a foilsíodh leabhar aistí leis My Time in Space agus in 2019 a tháinig an leabhar deireanach leis amach Experiments on Reality. 

In 2017 bronnadh gradam don aistriúchán ar shaothar liteartha Lois Roth an Modern Language Association of America ar Liam Mac Con Iomaire agus Tim Robinson as Graveyard Clay, a n-aistriúchán Béarla ar Cré na Cille le Máirtín Ó Cadhain, a d’fhoilsigh Yale University Press /Cló Iar-Chonnacht. 

Fág freagra ar 'TIM ROBINSON 1935-2020 – an sárscríbhneoir agus saoi a chuir Conamara ar an mapa tar éis bháis'

  • Colm

    Conamara – Áit agus Ainm. Spás, Am Conamara, Camchuairt Chonamara Theas, Trí leabhar de chuid Tim Robinson a d’aistrigh Liam Mac Con Iomaire go Gaeilge. Bhíodar triúr ar fheabhas.

  • Cluain Sceach

    Brón ar an mbás. Laoch!