‘Thit mé i ngrá leis an Ghaeilge den chéad uair in 2014’ – litir ghrá agus clár Bhliain na Gaeilge seolta ag Joe McHugh

I nGleann Cholm Cille a seoladh an clár imeachtaí don dara leath de Bhliain na Gaeilge 2018 inniu, chomh maith le tionscnamh nua ‘Litir Ghrá’

‘Thit mé i ngrá leis an Ghaeilge den chéad uair in 2014’ – litir ghrá agus clár Bhliain na Gaeilge seolta ag Joe McHugh

Tá an clár imeachtaí don dara leath de ‘Bhliain na Gaeilge 2018’ seolta.

Aire Stáit na Gaaeltachta Joe McHugh a sheol an clár imeachtaí i nGleann Cholm Cille inniu.

Dúirt an tAire Stáit gur “liosta le háireamh” é liosta na n-imeachtaí sa chlár “idir beárbaiciúnna, ceardlanna, féilte, drámaí, filíocht, siúlóidí, léachtaí, turais stairiúla, ceolchoirmeacha, picnicí, ranganna, céilithe, draíocht agus open mic”.

Thagair an tAire Stáit chomh maith don ócáid ‘Ceiliúradh 125 Bliain’ a bheidh ar siúl i gceanncheathrú Chonradh na Gaeilge ar an 31 Iúil 2018 agus don láthair champála speisialta do Ghaeilgeoirí atá a cur ar fáil den chéad ag Electric Picnic na bliana seo i gContae Laoise.

Dúirt an tAire Stáit gur deis iontach a bhí i mBliain na Gaeilge “an dea-scéal maidir leis an Ghaeilge a scaipeadh”. 

“Is linne an teanga agus beatha teanga í a labhairt. Is féidir linn difríocht mhór a dhéanamh má thapaíonn muid an deis le linn Bhliain na Gaeilge le bheith níos gníomhaí ó thaobh na teanga agus le daoine breise a spreagadh chun ár dteanga dhúchais a labhairt fosta,” a dúirt Aire Stáit na Gaeltachta, Joe McHugh.

Seoladh inniu chomh maith an tionscnamh ‘Litir Ghrá’ agus lucht Bhliain na Gaeilge 2018 ag iarraidh ar dhaoine litir ‘a sheoladh’ a léiríonn go bhfuil ‘grá’ acu don Ghaeilge.

Ba é an tAire Stáit Gaeltachta Joe McHugh féin is túisce a sheol ‘litir’ mar chuid den tionscnamh, ‘litir’ atá le léamh thíos.

Dúirt Síomha Ní Ruairc, Comhordaitheoir Bhliain na Gaeilge go raibh grá don Ghaeilge á léiriú ag daoine ar fud an domhain ó thosaigh imeachtaí na bliana.

“Tá grúpaí sa phobal ar fud an domhain agus scoileanna ar fud na hÉireann i ndiaidh grá don teanga a léiriú i rith Bhliain na Gaeilge le himeachtaí éagsúla a d’eagraigh siad féin cheana féin.

Leanfar leis an tacaíocht sin sna himeachtaí sa Chlár Oifigiúil Imeachtaí – Iúil go Nollaig a seoladh inniu. Ní hamháin sin, ach tá grúpaí móra eile ar nós an Picnic Leictreach, IRFU, CLG agus FAI lena ngrá a léiriú le himeachtaí agus tionscadail éagsúla a bheidh ar siúl roimh dheireadh na bliana.

“Mar shampla, beidh Raidió Rí-Rá, RTÉ 2fm agus Conradh na Gaeilge ag seoladh cóip de CEOL 2018, le hamhráin ó Wheatus, John Gibbons, The Coronas, Kodaline agus go leor leor eile, chuig gach dalta meánscoile i mí Mheán Fómhair.”

Tá tuilleadh eolais faoin gclár a seoladh inniu ar fáil anseo.

‘Litir ghrá’ Joe McHugh

Fág freagra ar '‘Thit mé i ngrá leis an Ghaeilge den chéad uair in 2014’ – litir ghrá agus clár Bhliain na Gaeilge seolta ag Joe McHugh'

  • Seán Mc G

    Rinne sibh dearmad ar an nasc chuig an clár. :D

  • Donncha

    Náire shaolta atá sa litir sin. Agus mo náire é Conradh na Gaeilge as ardán a thabhairt don truflais chéanna.

  • Mánus

    “Risks around declining use of the Irish language in Gaeltacht areas and consequent risks to national identity – This specific issue is not included as a strategic risk this year.”

    https://www.taoiseach.gov.ie/eng/publications/publications_2018/national_risk_assessment_2018_-_overview