TG4 sa tóir ar Johnny Logan nó Linda Martin óg na Gaeilge

Clár nua ag tosú ar TG4 an deireadh seachtaine seo chun amhránaí Gaeilge a roghnú do chomórtas Eoraifíse na nÓg

eurovisionTeacht ar an gcéad Johnny Logan nó Linda Martin eile. Sin é an sprioc atá ag Niamh Kavanagh, Brian Kennedy agus Stiofán Ó Fearraigh agus iad sa tóir ar amhránaí agus amhrán a dhéanfaidh ionadaíocht ar son na hÉireann i gcomórtas Eoraifíse na nÓg na bliana seo.

Is mar mholtóirí ar Junior Eurovision, a bheidh á chraoladh ar TG4 an Domhnach seo, atá an triúr ceaptha agus an cúram leagtha orthu teacht ar an amhránaí óg agus an t-amhrán is fearr a dhéanfadh ionadaíocht ar Éire i gcomórtas Eoraifíse na nÓg.

Is iarbhuaiteoir Eoraifíse í Kavanagh, a bhuaigh an comórtas d’Éirinn i 1993. In éineacht le Kavanagh, beidh an Béal Feirsteach Brian Kennedy, a ghlac páirt i gcomórtas na hEoraifíse san Ataen i 2006. Taobh leis an mbeirt, beidh Stiofán Ó Fearaíl, príomhamhránaí an bhanna ceoil Gaeilge ‘Seo Linn’ agus fear a bhain clú agus cáil amach an chéad lá i bhfíseáin Youtube le Coláiste Lurgan, an coláiste samhraidh i gConamara.

Ag coinneáil stiúir ar chúrsaí beidh an láithreoir raidió ar 2FM, Eoghan McDermott.

I ndiaidh cúig seachtaine d’éisteachtaí ar fud na tíre, tá an 32 amhránaí is fearr roghnaithe le dul ar aghaidh chuig an gcomórtas teilifíse. Sna seachtainí atá le teacht, rachaidh na hamhránaithe óga is fearr sa tír san iomaíocht ar an gclár chun an deis a fháil seasamh thar ceann na hÉireann i gcomórtas na bliana seo. 

leor é go mbeadh na hiontrálaithe ina n-amhránaithe den scoth, áfach. Caithfidh siad uile amhrán Gaeilge atá cumtha acu féin a chasadh agus roghnófar an ceann is fearr don chomórtas.

Is é seo an chéad uair riamh d’Éirinn páirt a ghlacadh i gcomórtas Eoraifíse na nÓg, atá ar an bhfód ó 2003. Reáchtálfar an comórtas i Sofia na Bulgáire an mhí seo chugainn, an 21 Samhain, agus craolfar ar TG4 chomh maith é.

Tosaíonn Junior Eurovision ag 8.30i.n. Dé Domhnaigh seo chugainn, 11 Deireadh Fómhair.

Fág freagra ar 'TG4 sa tóir ar Johnny Logan nó Linda Martin óg na Gaeilge'