TG4, RnaG agus lá an bhuiséid – is trua nach mbíonn a thuilleadh laethanta mar seo againn

Bhí cuid mhaith le moladh faoi chláracha buiséid Nuacht TG4 agus Raidió na Gaeltachta inné

TG4, RnaG agus lá an bhuiséid –  is trua nach mbíonn a thuilleadh laethanta mar seo againn

Gormfhlaith Ní Thuairisg agus Páidí Ó Lionaird

‘Im á chur ar arán’, ‘ní cheannódh sé paca nuts duit’ agus ‘písín anseo agus písín ansiúd’.

B’in cuid de na meafair a ceapadh chun cur síos a dhéanamh ar Buiséad 2018.

Cothrom an lae inné i 1996 is ea d’fhógair TnaG a gcéad sceideal Fómhair. Bliain is fiche ina dhiaidh sin bhí foireann nuachta TG4 luite amach orthu féin le clár den scoth a sholáthar. Múnla seanchaite lá an bhuiséid; ach ní raibh de locht air ach a laghad. 

Is maith a thuigfeadh ceannródaithe tosaigh an stáisiúin na laincisí airgeadais is foirne a d’fhág sinn i dtaobh le clár uair an chloig fad is bhí lucht gustalach RTÉ ag rómhar ar feadh breis agus seacht n-uaire an chloig.

Faoi mar a dúirt cheana sa cholún seo bainim súp as an Nuacht ar laethanta toghcháin agus buiséid.

Ach an oiread le Raidió na Gaeltachta, bíonn siad os cionn a mbuille ar na laethanta móra agus fuadar agus atmaisféar faoi leith le haireachtáil.

I dtréimhse deich nóimint de chlár na hoíche aréir tugadh an tSúil Eile dúinn. Bhí plé tathagach againn ó Ionad an Bhlascaoid i nDún Chaoin, ansin ar ais linn go Teach Laighean agus as sin go Barcelona. Lena chois sin ar fad ní raibh oiread is focal Béarla amháin le cloisint ó thús deireadh an chláir.

Féiríní go leor ó Phaschal: ciorruithe cánach, tuilleadh tithe sóisialta, múinteoirí, oibrithe leighis agus Gardaí.

Ábhar cáinte go leor: díomá faoin easpa airde ar chúram leanaí, daoine gan dídean, an timpeallacht agus gan amhras, an Ghaeilge.

Bhí Maolra Mac Donnchadha cois scáileáin ár dtreorú tríd an tranglam figiúirí. Taibhsíodh dom go raibh aoibh bheag air agus é ag trácht ar CBL breise ar leapacha gréine – an dleacht ar dhathú gréine.

Seo linn ar fud na tíre ansin le tuairiscí na meithle a fháil; Ruairí Mac Con Iomaire ag caint le tuismitheoir, ‘vox pop’ ag Eibhlín Ní Choisdealbha, Shane Ó Curraighín i mbun allagair leis an saineolaí airgeadais, Irene Ní Nualláin ag trácht ar dhrochchás na Gaeilge, Grett O’Connor in Ionad Lae do sheanóirí i nGaeltacht Mhúscraí, Máire Treasa Ní Cheallaigh ar chás na ndaoine gan dídean, Sorcha Ní Riada i mBaile Átha Cliath agus Páidí Ó Lionaird i nDún Chaoin. Dreasanna cainte le raon leathan daoine; polaiteoirí ar nós Fergus O’Dowd, Maureen O’Sullivan

agus Aindrias Ó Muineacháin mar aon le saineolaithe agus Tadhg an mhargaidh.

Chruaigh Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh in aghaidh na hainnise le hagallamh a dhéanamh. Lena cheart a thabhairt dó d’éirigh leis an comhrá a chóimeád sa tsiúl cé nárbh fhéidir a mhaíomh go bhfuil an líofacht teanga aige go fóill le cúrsaí casta a aireachta a phlé.

Chuathas go Ciarraí le labhairt leis an ‘chosmhuintir’. Dhein Páidí Ó Lionáird an chuid seo a láimhseáil go stuama. Aiséirí de shaghas a bhí sa chlár ar an meascán idir Nuacht agus 7Lá a raibh caint faoi ar feadh tamaill ach nár tharla go fóill, pé scéal é.

Roghnaíodh aíonna deisbhéalacha agus bhí anailís stuama ionraic ag Micheál Ó Cinnéide, Seán Mac an tSíthigh, Lorcán Ó Cinnéide agus Muireann Nic Giolla Rua.

Ba anseo a mhaígh an Sítheach nach raibh fiacha an ‘phaca nuts’ i bpinginí suaracha an bhuiséid.

Thall ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, bhí clár níos faide ag Gormfhlaith Ní Thuairisg, duine dár sárchraoltóirí, agus a painéal bríomhar agus iad i lár an aonaigh i dTeach Laighean.  Bhí an bhéim cheart ag Gormfhlaith agus a criú ar chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta, cé go mbraithfeá uaireanta an frustrachas a bhí ar airí agus iriseoirí araon faoina laghad mioneolais a bhí ar fáil ar feadh tamaill faoi bhuiséad na Gaeilge agus na Gaeltachta. Leanadh leis an bplé ar Cormac ag a Cúig agus tá an raidió le moladh as a chuimsithí is a bhí an plé acu agus as éagsúlacht na nguthanna a bhí le cloisteáil.

Bhí an cainteoir laethúil Gaeilge seo sásta inné mar sin, cluas aige le RnaG agus súil aige ar thuairisc bheo an tsuímh seo.

Ach nár bhreá an rud é dá mbeadh Nuacht TG4 mar rogha againn i rith an ama chomh maith?

Ní raibh aon ábhar mór ríméid sa bhuiséad, mar sin, ach b’ábhar mórtais na cláracha nuachta Gaeilge.

Is mór an trua nach mbíonn a thuilleadh laethanta mar seo againn.

Fág freagra ar 'TG4, RnaG agus lá an bhuiséid – is trua nach mbíonn a thuilleadh laethanta mar seo againn'

  • Seán Mistéil

    Fíor dhuit, a Bhreandáin, san ardmholadh do na craoltóirí agus tuarisceoirí a luaigh tú!