TG4 agus an BBC ag lorg scríbhneoirí do ‘Derry Girls’ na Gaeilge

Tá scéim nua bunaithe ag an gCiste Craoltóireachta Gaeilge, TG4 agus BBC Gaeilge chun spreagadh a thabhairt do scríbhneoirí Gaeilge sraith drámaíochta éadrom chomhaimseartha a scríobh

TG4 agus an BBC ag lorg scríbhneoirí do ‘Derry Girls’ na Gaeilge

Tá TG4 agus an BBC ag iarraidh teacht ar scríbhneoir a chumfadh Derry Girls The Young Offenders na Gaeilge.

Tá scéim nua bunaithe ag an gCiste Craoltóireachta Gaeilge, TG4 agus BBC Gaeilge chun spreagadh a thabhairt do scríbhneoirí Gaeilge sraith drámaíochta éadrom chomhaimseartha a scríobh.

Táthar ag lorg iarratas ar an scéim ó chomhlachtaí léiriúcháin a bhfuil suim acu sraith drámaíochta nua a fhorbairt agus “tallann úr” a chothú.

Tá sé i gceist oiliúint a chur ar 4-6 scríbhneoirí Gaeilge nach bhfuil taithí acu a bheith ag scríobh don scáileán.

Deirtear go bhfuil iarratas á lorg ó chomhlachtaí a bhfuil smaoineamh acu do shraith drámaíochta éadrom “a bheadh tarraingteach do lucht féachana… macasamhail Derry Girls, Fleabag, Catastrophe, The Young Offenders agus This Way Up.”

Deirtear nár mhór d’iarratasóirí “cur síos mion” a dhéanamh ar conas a chuirfear dóthain oiliúna ar na scríbhneoirí le go mbeidh siad ábalta dréachtscript a scríobh do chlár amháin ar a laghad den tsraith drámaíochta atá á moladh.

“An oiread agus is féidir ba chóir go mbeadh an oiliúint agus an fhorbairt seo ag tarlú trí mheán na Gaeilge,” a deirtear.

An 10 Iúil an sprioc d’iarratais agus fógrófar torthaí an chomórtais ag deireadh mhí Iúil.

Fág freagra ar 'TG4 agus an BBC ag lorg scríbhneoirí do ‘Derry Girls’ na Gaeilge'

  • Padraig Ó Gallachoir

    Is fada mé fhein ag saointiú ar srath grinn, ar mhacasamhail ‘ Last of the Summer Wine’ ata suite í Yorkshire, Shasana ait a bhfuil an dúlra cosiúil lé Gaoth Dobhair no Iarthiar na hÉireann.
    I dtaca lé Derry Girls is doiche gur fhoghlaim siad a gcuid Gaeilge í Rann na Feirste no í Machaire Rabhairtaigh. An bhfeidir script a scriobh a mbeadh broingleoid no abhar eile ag na girseachaí agus go mbeadh ‘flashback’ í gceist ina bhfeicfeann muid iad ag coisir athchaidreamh (reunion) dén cholaiste Gaeilge.

  • Áine Ní Bhrolcháin

    Ba maith liom iarratas a chur isteach ar an bpost mar scríbhneoir do ‘Dherry Girls na Gaeilge’.

  • Peadar Homan

    Cláir Bhéarla le fotheidil Ghaeilge agus cláir Ghaeilge le fotheidil Bhéarla snood Le do thoil

  • Mac an Mheiriceánaigh

    Gach seans go mbeadh sé suite i mBÁC agus Gaeilge BhÁC le cloisteáil ann… is beag an margadh í aos óg na Gaeltachta féin… ach cá bhfios cé a bhéas ina rí ar Éirinn fós!

  • Seán mac

    Gach rud agus gach clar bunaithe i ngaeilge bunaithe sa ghaeltacht agus ni nach ionadh go bhfuil an teanga ag meath. Ni fheiceann formhor na ndaoine sa ghalltacht gur leo an ghaeilge. Nil laithreoir ar bith ar tg4 ó bac no corcaigh agus na milte gaeilgeoiri ann. Cén fáth. Mar mhuinteoir sa ghalltacht feicim nach ni mhothaionn daoine oga gur leo an teanga agus jobs for the boys girls sa ghaeltacht ata ann an t am ar fad. ta an claonadh don ghaeltacht ag treisiu an bearna idir cainteoiri dhuchais agus an chuid eile den tír.

  • Kerri Nic An tSaoir

    Conas is féidir iarratas a chur isteach?

  • Aideen McQueen

    Ni deirtear conas cuir isteach ar rolla an scríbhneoira níl aon eolais Ar shuíomh Tg4 ach an Oiread

  • Áine Ní Shioradáin

    Súil agam ina leithéad. Bunaithe I na Gaillimh . Gaeilge líofa . Taithí scríochneoireachta .