Éachtaint bhreá ag TG4 ar shaol is ar shaothar ghaiscígh an chúraim

Saothar breá é Cúramóirí a thugann aitheantas dóibh siúd a bhíonn ag saothrú go ciúin  

Éachtaint bhreá ag TG4 ar shaol is ar shaothar ghaiscígh an chúraim

Cuireann an tsraith Cúramóirí (TG4, Dé Máirt) roimhe éachtaint a thabhairt ar shaol is ar shaothar oibrithe deonacha, cúramóirí agus eagraíochtaí gairmiúla atá dírithe ar chúram a dhéanamh do dhaoine a bhfuil riachtanais ar leith acu.

Dream iad seo atá ag saothrú go ciúin agus a bhfuil a ngaisce, a gcineáltas, a dtuiscint, a bhfoighne agus a ndúthacht ag dul i ngan fhios nach mór. Níl sin ag dul i ngan fhios do na daoine a bhfuil siad ag tindeáil orthu; dream atá imeallaithe ag an tsochaí agus ar an bhfaraor géar. Léiríonn an chéad ghála den tsraith seo é sin go paiteanta.

I dtosach an chláir buailimid le Diarmuid Mac Dubhghlais ó Bhaile Átha Cliath a chuir an charthanacht Éire Nua Food Initiatives ar bun i rith na paindéime. Cuireann sé, i gcomhar le Grubs Up Homeless, bia ar fáil do dhaoine atá i ngátar mar aon le héadaí agus nithe eile a sholáthar dóibh. É ag trácht go tuisceanach gur mór ag daoine gan dídean na brístí spóirt ó thaobh an teasa agus na ciarsúir nó na ceirtíní linbh ó thaobh an ghlantachais.

An tseiftiúlacht le feiscint nuair a tarrtháladh tuairim is 70 puball ó scrios Electric Picnic. A dhaonnacht le brath is é ag caint faoi na daoine truacánta seo: “Ní figiúirí ar bhord éigin iad, is daoine iad.”

Is altra cúraim mhaolaithigh í Úna O’Kane in Ospís na Gaillimhe. Is cinnte go gcaithfidh tréithe faoi leith a bheith agat le bheith ag obair san earnáil dhúshlánach, mhothúchánach, thairbheach seo. Ach oiread le Diarmuid mothaíonn sí an dualgas agus an tábhacht a bhaineann leis an lámh chúnta a thabhairt dóibh siúd atá i ngátar.

Bhí Pádraig Ó hAiniféin, ó Chorca Dhuibhne ó dhúchas, sé bliana déag d’aois nuair a tharla timpiste thubaisteach shimplí dó. Fágadh gan lúth na ngéag é. Chaith sé deich mí ag teacht chuige féin i nDún Laoghaire ach tá sé i gcathaoir rothaí ó shin. Tugann sé siúd insint ar scéal an té atá faoi chúram.

Tá sé in ann maireachtaint go neamhspleách i gCorcaigh a bhuíochas do lucht cúraim a thagann chuige go rialta. Ach oiread leis na rannpháirtithe eile labhair sé go fealsúnach, tomhaiste. Bhíos an-thógtha leis an dearcadh a bhí aige agus é ag trácht ar an tslí gur féidir le daoine le mhíchumas iontas a chur orainn agus gur fhág a thimpiste go raibh meon níos oscailte aige i leith an tsaoil.

Níl aon mór is fiú nó buaileam sciath le sonrú i gcaint na rannpháirtithe. A mhalairt ar fad, iad umhal agus á dtiomáint ag an tuiscint gur dual don duine daonna lámh chúnta a thabhairt don té atá i ngalar na gcás. Tugann sin cumhacht chiúin agus buillí mothúchánacha don saothar. Sí an tráchtaire cumasach Norita Ní Chartúir is fearr a dúirt é. Tá na cúramóirí “mar chuisle agus mar chnámh droma ár sochaí”. Sách ráite ag clár breá.

Fág freagra ar 'Éachtaint bhreá ag TG4 ar shaol is ar shaothar ghaiscígh an chúraim'