Tesco le teacht go Cois Fharraige an bhliain seo chugainn

Tá cead faighte ag Tesco Siopa an Phobail i gConamara a cheannach agus deirtear gur an bhliain seo chugainn a dhéanfar athbhrandáil ar an siopa

Tesco le teacht go Cois Fharraige an bhliain seo chugainn

Tá cead faighte ag Tesco dul ar aghaidh leis an socrú a bhí déanta acu siopa aitheanta i nGaeltacht Chonamara agus roinnt siopaí eile a cheannach.

Fógraíodh anuraidh go raibh Tesco Ireland le siopaí Joyce’s i nGaillimh, Siopa an Phobail in Indreabhán ina measc, a cheannach ach cuireadh moill ar an díolachán nuair a d’fhógair an Coimisiún um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí (CICT) go mbeadh fiosrúchán le déanamh maidir leis an socrú.

Bhí sé beartaithe ag Tesco Ireland deich gcinn de shiopaí ar fud an chontae a cheannach ó úinéir Joyce’s, Pat Joyce, agus iad a athbhrandáil.

Tá an CICT tar éis a mbeannacht a thabhairt don socrú ar an gcoinníoll go ndíolfaidh Tesco ollmhargadh Joyce’s in Órán Mór mar ghnóthas leantach. Tá ollmhargadh ag Tesco cheana féin ar an mbaile agus bhí imní ann go gcuirfeadh an socrú isteach ar chúrsaí iomaíochta.

Tá ráite ag Tesco go ndéanfar na naoi siopa eile a athbhrandáil i mbranda Tesco an bhliain seo chugainn agus go mbeidh siopadóireacht ar líne agus seirbhís ‘cliceáil agus bailigh’ ar fáil agus go ndíolfar éadaí agus earraí baile sna siopaí chomh maith.

Thart ar 500 duine atá fostaithe ag siopaí Joyce’s agus tá ráite ag Tesco go mbeadh fáilte roimh an bhfoireann sin fanacht leo má cheannaíonn siadsan na siopaí. 

Is in Áth Cinn, Cnoc na Cathrach, Baile Átha an Rí, Tuaim, An Baile Bán, Bóthar an Athar Uí Ghríofa, Dabhach Uisce, Órán Mór, Uachtar Ard agus Indreabhán atá siopaí Joyce’s lonnaithe.

Ba leis an gcomharchumann áitiúil i gCois Fharraige tráth ‘Siopa an Phobail’ nuair a cheannaigh siad ó Phádraic Mac an Rí, an fear a d’oscail an siopa, é.

Cheannaigh Seán Ó Foighil, an fear gnó, an siopa ina dhiaidh sin agus bhí roinnt úinéirí eile i gceist ó shin.

Fág freagra ar 'Tesco le teacht go Cois Fharraige an bhliain seo chugainn'