Táthar ag iarraidh diabhail a dhéanamh de na Rúisigh arís

Go dtí go mbeidh fianaise ionraic neamhspleách ann ba chóir dúinn a bheith amhrasach faoi chás Alexei Navalny

Táthar ag iarraidh diabhail a dhéanamh de na Rúisigh arís

Nuair a bhí an cumannachas i réim sa Rúis agus in Oirthear na hEorpa, bhíodh meáin rachmasacha an iarthair lán le scéalta uafáis faoin imeaglú agus easpa daonnachta.

Tá an cumannachas imithe, ach táthar fós meáite ar dhiabhail  a dhéanamh de na Rúisigh is aon dream eile nach ngéilleann do lucht rachmais an Iarthair.

Cuireadh fáilte roimh Boris Yeltsin ar ndóigh, ina ainneoin gur eisean an té a thug na holagarcaí isteach – gadaithe a ghoid an mhaoin a bhíodh i seilbh an stáit ar fad. Bealach gasta go dtí an saormhargadh, a tugadh air sin.

Ar ndóigh bhí Yeltsin ag iarraidh an Rúis a dhíol do lucht an airgid ón gcoigríoch.  Tá stop curtha leis sin ag Vladimir Putin, ach ní cumannach é Putin féin: tá a chiorcal féin d’olagarcaí aige, agus tá sé sásta an Rúis a dhíol, ach le Rúisigh an babhta seo. Stát láidir neamhspleách a dhéanamh den Rúis a aidhm.

Frithdhaonlathaí a thugtar air, cé nár ionsaigh sé an pharlaimint le tancanna mar a dhein Yeltsin.

Le tamall anuas tá aithris á déanamh san iarthar ar an gcineál ciníochais a bhain leis na mbolscaireacht fhrithRúiseach ó aimsir na Naitsithe ar aghaidh. An bholscaireacht a deir nach daoine sibhialta iad na Rúisigh is gur nós leo ó aimsir Ivan Grodni, Ivan an Uafáis, féin, anall réimis uafáis a bheith acu a bhíonn bunaithe ar an imeaglú.

An iarracht is deireanaí diabhal a dhéanamh den Rúis ná cás an pholaiteora Alexei Navalny.

Cé nach bhfuil aon fhianaise neamhspleách ann, deirtear gur tugadh an nimh Novichok do Navalny nuair a bhí sé ar eitilt go Moscó. D’éirigh sé tinn is tugadh go dtí ospidéal sa tSibéir é sular aistríodh é go Beirlín na Gearmáine.  Dúirt a lucht leanúna go ndearna an stát Rúiseach iarracht é a mharú, agus gan dabht creideann formhór mór de mhuintir na tíre seo gurb amhlaidh am scéal.

Ach tá ceisteanna le cur faoin scéal, ceisteanna nach bhfuil curtha ag na meáin in Éirinn, ach atá á gcur sa nGearmáin sa nuachtán Junge Welt, atá ar an eite chlé, agus sa nuachtán Die Welt, atá ar an eite dheis.

Deirtear gur nimh mharfach é an Novichok seo ach más ea nach ait nár éirigh leis na Rúisigh damanta seo Navalny, ná Alexander Skripal i Sasana roimhe, a mharú? B’fhéidir nach bhfuil sé chomh nimhneach sin nó b’fhéidir nach Novichok a bhí i gceist ar chor ar bith.

Ní foras neamhspleách a d’fhógair go raibh Novichok i gceist, ach rannóg de chuid na seirbhíse faisnéise, rannóg atá ceangailte go mór leis na Stát Aontaithe. Ní hamháin sin ach tá Novichok ar fáil fairsing go maith san iarthar freisin.

Cuireann Junge Welt roinnt ceisteanna faoin leagan oifigiúil den scéal atá sa Ghearmáin.

Más fíor gur ordaigh ceannaireacht na Rúise Navalny a mharú, cén fáth gur cheadaigh siad é a aistriú go dtí an Ghearmáin? Agus más fíor, mar deir lucht leanúna Navalny, go raibh oiread oifigeach ó sheirbhís rúnda na Rúise san ospidéal sa tSibéir, cén fáth nach rabhadar in ann é a mharú ansin?

Agus cuireann siad an cheist cui bono, cé aige atá buntáiste de bharr na heachtra seo?

Níl Navalny chomh tábhachtach sin i gcúrsaí polaitíochta na Rúise.  Ní hé ceannaire an fhreasúra é (má tá an teideal dlite ag duine ar bith tá sé dlite ag ceannaire an Pháirtí Chumannaigh, an páirtí is mó a thugann dúshlán Putin sna toghcháin,). Cé aige atá an buntáiste mar sin, nó an amadáin chiotacha amach is amach iad na gníomhairí Rúiseacha seo a dteipeann orthu arís is arís eile daoine a mharú leis na nimh mharfach seo Novichok?

Meabhraíonn Junge Welt dúinn gur tharla an scannal seo tráth a bhfuil ag méadú ar an mbrú ó na Stáit Aontaithe i gcoinne an fhiontair Nordstream 2 a chuirfeadh gás ón Rúis díreach go dtí an Ghearmáin.

Tá Meiriceánaigh ag iarraidh go mbeidh an Ghearmáin ag brath ar ghás leachtaithe ó Mheiriceá. Maidir leis an nGearmáin, tá an gás Rúiseach i bhfad níos saoire agus níos oiriúnaí don timpeallacht. Ar thaobh na Rúise, thabharfadh Nordstream 2 sé deis dóibh a gcuid gáis a chur trasna gan dul tríd an bPolainn nó tríd an Úcráin.

Polaitíocht mhór atá i gceist leis an bhfiontar seo, mar sin.

Ach ní daoine ar an eite chlé amháin atá amhrasach  faoin scéal. Deir Die Welt, nuachtán coimeádach de chuid Axel Springer, go gcaithfeadh Putin a bheith ina amadán ar fad mura dtuigfeadh sé go gcuirfeadh eachtra den chineál sin fiontar Nordstream 2 i mbaol.

Luann Die Welt freisin an t-amhras faoin leagan oifigiúil den scéal atá ar dhaoine san FDP, an páirtí liobrálach, agus tuairiscítear go ndúirt Wolfgang Ischinger, cathaoirleach Chomhdháil Slándála Munich, nach chun leas na Gearmáine é Nordstream 2 a chur ar ceal, go mbeadh a leithéid an-chasta agus go raibh ceisteanna móra ann faoin scéal oifigiúil ar aon chuma.

Go dtí go mbeidh fianaise ionraic neamhspleách againn, b’fhéidir gurbh fhiú dúinne na ceisteanna sin a chur, an ceangal le Nordstream 2 a aithint, agus éirí as a bheith ag cuidiú leis an nós diabhail a dhéanamh de na Rúisigh arís.

Fág freagra ar 'Táthar ag iarraidh diabhail a dhéanamh de na Rúisigh arís'

  • Eoghan O Neill

    Sin an chúis a léighim Tuairisc go rialta – iriseoirí a deineann giota tochailt ar fhréamhacha scéalta agus a chuireann thú ag macnamh ar an àbhar.

  • Maciej

    Nil a fhios ‘am beo cen chaoi narbh fheidr diabhail a dheanamh den chumhacht ata i igceannas na Ruisie agus fianaise ata againn uilig mar gheall ar chogadh, spiaireacht, dunmharu, ansmachta srl a bhi deanta acu le deanai…

  • Donncha Ó hÉallaithe

    “Nuair a bhí an cumannachas i réim sa Rúis agus in Oirthear na hEorpa, bhíodh meáin rachmasacha an iarthair lán le scéalta uafáis faoin imeaglú agus easpa daonnachta.” Is fíor go mbíodh. Ach an bhfuil Eoin ag iarraidh a chur in iúl dúinn nach raibh aon bhunús leis na scéalta a bhí ag ‘meáin rachmasacha an iarthair’ faoin imeaglú a bhí ar bun sa Rúis agus sna tíortha a bhí faoina smacht? An bhféadfadh sé bheith chomh dall nó chomh aineolach le sin?

  • Vitaly

    Mise Rúiseach. Seo mo chúpla smaointe.

    “Stát láidir neamhspleách a dhéanamh den Rúis a aidhm.”

    20 bliain i gcumhacht, ach níl dá lághad déanta aige go foill.

    “bolscaireacht fhrithRúiseach”

    Ní hionann “frith-Phutin” agus “frith-Ruiseach”. Ní hionann Rúis agus Putin.

    “Nach ait nár éirigh leis na Rúisigh damanta seo Navalny, ná Alexander Skripal i Sasana roimhe, a mharú”?

    Tá daoine an-bhómánta ar fad timpeall ar n-Uachtaráin. Tá an-eagla air roimh dhaoine cliste. Saghas “negative selection” is ea é. Ní féidir leo rud ar bith a dhéanamh i gceart, duine a mharú fiu. Sin an fáth amháin go bhfuil Skripal agus Navalny beo fós.

    “an amadáin chiotacha amach is amach iad na gníomhairí Rúiseacha?”

    Is iad.

    “Níl Navalny chomh tábhachtach sin i gcúrsaí polaitíochta na Rúise”.

    Bhuaigh sé an dara áit sa todhchain Mhéara Mhoscó i 2012 (27% go hoifigiúil, agus i ndáiríre 40-45%) . Níor tugadh céad do a phairtí polaitiúla a chlárú agus pairt a ghlacadh sa todhchain ar bith ina dhiaidh sin.

    cui bono?

    Gach dealrabh go bhfuil Putin bréan de Navalny. Cúpla milliún féachadóir san idirlion le gach scannan déanta ag Navalny faoin mbolscaireacht de lucht rachmais na Rúise (cairde Phutin formhór acu). Tá thart ar 30 mln féachadóir (!!!) ag an scannan Navalny faoi iar-phríomh-aire Dmitry Medvedev.

    Agus deireadh an scéil: rud ana-chontúirteach is ea é do shlainte meabhrach – 20 bliain i gcumhacht. Má tá tú ag iarraidh ciall eigint a aimsiú i ngníomhartha Phutin – just nil sé iontu. Maireann sé ina universe féin – gan chiall, gan logic, gan choinsias, gan todhchaí.